Top Issue 1-2024

19 March 2021

Resize: A A A Print

An Ghaelainn i nGéibheann

I Mí Márta na bliana seo chaite, thug Covid-19 cuairt orainn. I dteannta an víris, tháinig cuairteoir eile – an Ghaeilge. Mar is eol do léitheoirí na hirise seo, chuir an páirtí ranganna Gaeilge ar fáil dá bhaill, ranganna a raibh baint ag breis is 800 duine leo, daoine a bhí faoi ghlas ina dtithe. ‘Is olc an ghaoth nach séideann maith do dhuine éigin’, a deir an seanfhocal. Anois, caithigí siar bhur n-aigní go hagóid na pluide, níos mó ná daichead bliain ó shin (sin má bhí sibh timpeall an tráth sin – dúinne nach raibh, smaoinímis air). Faoi ghlas sa phríosún ní ba dhaingne san Eoraip (mar dhea), ba olc an ghaoth a bhí tagtha ar chimí poblachtánacha Óglaigh na hÉireann. Ach díreach cosúil linn féin, thapaigh siad an deis teanga a dtíre a fhoghlaim. Ní gá a rá nárbh é an Zúm a bhí in úsáid acu.

Nuair a baineadh stádas polaitiúil ó phriosúnaigh na Ceise Fada, bhí sé i bhfad ní ba dheacra orthu an Ghaeilge a fhoghlaim ná mar a bhí sa seanchampa. Sa seanchampa, bhí pinn is leabhair is ‘saoirse’ (de shaghas éigin) acu. Anois, sna Bloic-H, ba mhór an dúshlán é an teanga a fhoghlaim. Is i ndiaidh am lóin gach lá a thosaíodh na ranganna. Ní raibh mórán Óglach líofa sa Ghaeilge, ach dóibh siúd a raibh cúpla focal (nó níos mó) acu, mhúinidís trí dhoras na gcillíní í. Bheadh ar na héinne eile éisteacht leis an ‘múinteoir’. Le linn na ranganna, scríobhaidís na focail nua a bhí á bhfoghlaim acu ar an mballa le píosa miotail. Ní raibh aon pheann acu ar ndóigh, agus dá bharr sin bhaineadar úsáid as tiúb taos fiacla, nó paidrín fiú. 

De bharr nach raibh mórán Gaeilge ag formhór na gcimí, bhí ar na múinteoirí brí na gcineálacha focal éagsúla (ainmfhocail, aidiachtaí srl.) a mhíniú. Ansin, chuirtí tús leis na briathra. Bhéiceadh na múinteoirí na focail tríd an doras, agus de réir Shéanna Breathnach, d’fhoghlaimíodh na cimí an teanga trí “half-baked sounds” a chloisint. Lena chois sin, toisc go raibh sé deacair rialacha ar nós an uraithe agus an tséimhithe a mhíniú, agus an fhuaim a chur in iúl, bhí claonadh ann na rialacha sin a fhágaint ar leataobh – fuaimníodh an ‘ch’ mar ‘k’, mar shampla. Riail eile a raibh troid fúithí ná an cheist faoi urú nó séimhiú tar éis ‘ar an’, ‘ag an’ srl. De réir chanúint Chúige Uladh, chuirfí séimhiú ina ndiaidh, ach níor aontaigh cuid de na cimí leis an modh smaoinimh sin. De réir an Dr Laurence McKeown, labhraítí an Ghaeilge sa chaoi a scríofá é – ní raibh aon RnaG ná cainteoirí dúchais acu chun miondifríochtaí na teangan labhartha a mhúineadh.

Uair sa tseachtain, thagadh sagart go dtí an priosún chun an tAifreann a rá. Bhaintí úsáid as an gcuairt seo chun níos mó áiseanna teangan a aimsiú. Mar shampla, nuair a thagadh an tAthair Denis Faul, chuireadh na cimí na ceisteanna a bhí acu air (is i mbun faoistine a bhíodar, dar leis na bairdéirí) mar go raibh an teanga ar a thoil aige. De réir an Dr Ciarán Dawson, a bhí ag múineadh sna bloic, is minic a thug na sagairt faoi deara go raibh an-éileamh ar phaidríní (ní raibh a fhios acu cén úsáid a bhí á baint astu!). Chabhraigh siad go mór le teagasc na teanga. Thóg siad sliochtanna Gaeilge ó ‘The Irish Press’ agus irisí eile, píosaí gramadaí scríofa ar pháipéar, agus áiseanna cúnaimh eile ón sean-champa sall go dtí na Bloic. 

Deir na hiar-chimí a rabhas ag caint leo gur thug na bairdéirí ‘special treatment’ do na múinteoirí Gaeilge. Scéal amháin a insítear ná gur chaith bairdéir uisce te tríd an doras ar aghaidh múinteora. Ba léir go raibh frustrachas ar na húdaráis le foghlaim na teangan. Ní rabhadar in ann aon phionós breise a chur ar na cimí, mar gheall go raibh gach pionós go bhféadfaí curtha orthu cheana féin. Bhí a modh cumarsáide féin acu, neámhspleách ó ghnáth-chóras an phríosúin, ach ní ba thábhachtaí ná sin, ba mhodh troda í foghlaim agus labhairt na Gaeilge. Priosúnaigh pholaitiúla a bhí iontu, agus thaispeáin an chaoi ar úsáid siad an teanga gur phriosúnaigh ar leith iad. Trí stair na tíre seo, bhaintí úsáid as an nGaeilge mar úirlis chogaidh, mar shiombail féiniúlachta agus mar mhodh streachailte lárnach i scéal na bpriosúnach poblachtánach. Ag an tús, bhí sí mar riachtanas maireachtála, ach d’fhorbair sí isteach i ndlúthchuid dá saoil. Anuas ar chúrsaí polaitíochta is cumarsáide, ba mhór an t-iomard é an daoimhaointeas, agus chabhraigh an Ghaeilge leis sin a sheachaint.

No Wash Protest

In ainneoin na ndálaí uafásacha ina raibh na cimí, bhí féith an ghrinn fós acu. Scéal a d’inis Séanna Breathnach dom ná go ndearna na húdaráis iarracht cód na Gaeilge a bhriseadh. Fostaíodh bairdéir ó Bhaile Átha Cliath a raibh Gaeilge aige. Is dealraitheach nár thuig siad gliceas na bpriosúnach, mar diaidh ar ndiaidh thuig siad cad a bhí ar bun ag na húdaráis. Chun an dallamullóg a chur ar an mbairdéir deisceartach, thosaíodar ag cruthú focal, ag labhairt seafóide, agus níorbh fada gur bhuail sé an bóthar. Níor bhris an bairdéir na cimí, ach bhris na cimí an bairdéir! 

An oíche ar bhásaigh Bobby Sands, chuala a chomrádaithe an nuacht ar raidiónna beaga a bhí i bhfolach ina gcillíní acu. Ba trí mheán na Gaeilge a scaipeadh an drochscéal timpeall an phríosúin. Ionas nach dtuigfeadh na bairdéirí go raibh an nuacht acu, ghlaodar ‘Roibeaird’ ar Bobby, an leagan Gaeilge dá ainm. Ómós cuí a bhí ann do ghaeilgeoir ar nós Bobby, gur tugadh sceál a bháis dá chomrádaithe as Gaeilge. Nuair a fuair Martin Hurson bás, is cuimhin le Laurence McKeown gur thug seisean an nuacht dá chomhchimí as Gaeilge freisin. Deir sé nach raibh aon ghá dó é seo a dhéanamh, ach gur tháinig sé amach “go nádúrtha”. 

Anois, má fhillimid ar ár linn. Cén spreagadh níos fearr atá ann do phoblachtánaigh na haoise seo an Ghaeilge a fhoghlaim, ná na dálaí inar fhoghlaim an ghlúin dheireanach í? I measc na fulaingthe, mídhaonnachta, mínádúrthachta, tar éis cúig bliana gan bhalcais ar bith a chaitheamh, tar éis bhás a gcairde ar stailc ocrais, sháraigh siad na dúshláin tríd an dóchas a thug an Ghaeilge dóibh. Tríd an spreagadh a thug an Ghaeilge dóibh. 

As na scéalta ar fad a tháinig as na Bloic, is é an ceann a fhanann liom ná scéal a d’inis Ciarán Dawson dom. Bhí seachtain áirithe i 1988/89, ní cuimhin leis go díreach, ar ghlaoigh siad ‘an tSeachtain Dhona’ uirthi. Bhí foréigean uafásach á dhíriú ar na cimí ina bhloc, agus bhíodar in ísle brí. Tháinig Kieran Doherty chuige, agus dúirt sé: “Time you started a rang”. 

Nuair a bhímid ag lorg treorach, ag lorg ionsparáide inár ngluaiseacht, it’s time we started a rang. Is í an Ghaeilge a bhainfidh an tsaoirse amach dúinn.

Follow us on Facebook

An Phoblacht on Twitter

An Phoblacht Podcast

An Phoblacht podcast advert2

Uncomfortable Conversations 

uncomfortable Conversations book2

An initiative for dialogue 

for reconciliation 

— — — — — — —

Contributions from key figures in the churches, academia and wider civic society as well as senior republican figures

GUE-NGL Latest Edition ad

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland