Top Issue 1-2024

24 October 2020

Resize: A A A Print

Traolach Mac Suibhne – laoch na réabhlóide

In 1961 labhair fear contúirteach, conspóideach leis an Transport Workers’ Union of America. Éireannaigh, nó a sliocht, go leor den dream a bhí ag éisteacht leis. Ciarraíoch dárbh ainm Mike Quill a chur an fear conspóideach in aithne don slua. Terence MacSwiney eile a bhí sa bhfear conspóideach, contúirteach a dúirt Quill. Chaithfí tacaíocht a thabhairt dhó agus dá chuid oibre a dúirt an Ciarraíoch. Rinne sé féin agus a cheardchumann amhlaidh. B’é Martin Luther King an fear conspóideach. Ach, cérbh é an Suibhneach seo a raibh an oiread sin cumhachta ag a ainm gurbh fhiú é a tharraingt anuas dhá scór bliain tar éis a bháis? 

B’é Traolach Mac Suibhne, an fuair bás i mBrixton, Shasana sa mbliain 1920 an fear sin. B’é Mac Suibhne laoch so-aitheanta na réabhlóide ar fud an domhain mhóir in 1920. B’é an chéad ainm a thabharfaí chun cuimhne ar feadh i bhfad ina dhiaidh seans. Mairtíreach a bhí ann i ndomhan ina raibh an domhandú ag bailiú nirt agus chualathas a ainm agus mothaíodh a chuid arraingeachaí báis i gcéin agus i gcóngar. 

I gCorcaigh a rugadh Mac Suibhne ar an 28 Márta 1879.  Múinteoirí a bhí ina mhuintir. Sasanach a bhí ina mháthair ach seans gurbh í a dheirfiúr Máire ba mhó a raibh tionchar aici air. Bhain sí féin clú agus cáil amach ar ball de bharr a cuid oibre ar son na Poblachta. Fear ildánach a bhí sa Suibhneach. Chaith sé blianta fada ag saothrú ar son na Gaeilge. Rinne sé beart de réir a bhriathair agus labhair sé lena iníon í. Fear drámaíochta, scríbhneoir, múinteoir, eagarthóir, óglach, ceannaire. Loic ceannairí Corcaigh, é féin ar dhuine acu, ar cheannairí Éirí Amach na Cásca, shíl sé. Níor throideadar. Níor mhaith an Suibhneach an cinneadh sin dó féin riamh, is cosúil. 

Mhéadaigh an méid a bhí sé ag déanamh ar son na cúise agus mhéadaigh na cúraimí baile. Phós sé Muriel Murphy, duine de mhuintir na grúdlainne cé nach mó ná sásta a bhí a muintir faoin gcleamhnas. D’oibrigh sé lá agus oíche mar oifigeach sna hÓglaigh agus toghadh é ina Theachta Dála in olltoghchán 1918. I ndiaidh mharú Thomáis Mhic Curtáin toghadh é ina Ard-Mhéara ar chathair Chorcaigh. Gabhadh é ar 12 Lúnasa 1920 i Halla na Cathrach. Cuireadh cúirt mhíleata air, ciontaíodh é as córas a bhain le rúnscíobh na bpóilíní a bheith ina sheilbh agus gearradh dhá bhliain príosúin air.

MacSwiney group

 Thug sé dúshlán na cúirte ón tús ag rá go mba mhór an náire Ard-mhéara cathrach a bheith gafa. D’fhógair sé orthu go mbeadh sé saor, ar bhealach nó ar bhealach eile faoi cheann míosa. Dhiúltaigh sé beatha a ithe. Scaip an scéal agus bhí ainm agus éadan anois ag réabhlóidithe rúndiamhracha an IRA. Moladh a mhisneach agus d’iarr daoine a bhí ar chuile dhath ó thaobh na polaitíochta ar Rialtas na Breataine é a scaoileadh saor. Ach, níor ghéill Rialtas na Breataine don stailc ocrais an uair seo mar a tharla níos luaithe an bhliain chéanna nuair a scaoil siad na scórtha poblachtánach saor. 

Bhí Mac Suibhne féin faoi bhrú. Dhiúltaigh sé do chuile chathú agus do chuile achainí. Chuir an smaoineamh go mbeathófaí é nuair a bhí sé gan aithne gan urlabhra as go mór dó. Fuair sé bás ar deireadh ar an 25 Deireadh Fómhair i bpríosún Brixton i Londain, in ainneoin na ráflaí a scaipeadh go raibh sé á bheathú faoi rún. 

Tháinig na mílte amach i Londain agus i gCorcaigh le hómós a thaispeáint don mhairtíreach. I mBaile Átha Cliath líon na sluaite an tsráid taobh amuigh d’aifreann éagnairce. Dúnadh siopaí agus gnónna ar fud na tíre mar chomhartha ómóis. I gcásanna áirithe úsáideadh a bhás mar spreagadh chun fórsaí na corónach a ionsaí. 

Cinnte ba thábhachtaí an siombal ná an fear faoin am sin agus ní hamháin i measc na nÉireannach agus na pobail Éireannacha san Impireacht agus Éireannaigh a tháinig ina dhiaidh. Spreag íobairt Mhic Suibhne meas ar fud na cruinne. Labhair ceannairí agus agóidithe Indiacha, gorma, Catalónacha, Iodáileacha, Giúdacha, Airgínteacha, Meiriceánacha faoin meas a bhí acu air. Spreag sé iad. I measc na ndaoine a spreagadh bhí Marcus Garvey, Gandhi agus Ho Chi Minh. 

Chuir íobairt Mhic Suibhne leis an meas a bhí ar na hÉireannaigh, ar neamhspleáchas na hÉireann agus ar Ghluaiseacht na Poblachta. Sinn Féin ainm an pháirtí ach bhí éifeacht ag baint le bás Mhic Suibhne mar gheall gur aithin poblachtánaigh nárbh leor tacaíocht na nÉireannach dá mbeidís leis an gceann ab fhearr a fháil ar rialtas na Breataine. Bhí gá an cogadh bolscaireachta idirnáisiúnta a bhuachaint. Mairtíreach ar son na Saoirse go hidirnáisiúnta agus ní hamháin ar son saoirse na hÉireann a bhí sa Suibhneach. Is ar an gcaoi sin a chaithfear breathnú ar Thraolach Mac Suibhne a bhásaigh cothrom an ama seo, céad bliain ó shin. 

Follow us on Facebook

An Phoblacht on Twitter

An Phoblacht Podcast

An Phoblacht podcast advert2

Uncomfortable Conversations 

uncomfortable Conversations book2

An initiative for dialogue 

for reconciliation 

— — — — — — —

Contributions from key figures in the churches, academia and wider civic society as well as senior republican figures

GUE-NGL Latest Edition ad

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland