Top Issue 1-2024

26 March 2020 Edition

Resize: A A A Print

Stair Ghluaiseacht na Gaeilge in Ard Eoin

Is dócha go bhfuil an Ghaeilge á labhairt fá cheantar Bhéal Feirste Thuaidh a fhad agus atá sí á labhairt áit ar bith eile sa tír seo. Tá a fhios againn, mar shampla, gur suíomh tábhachtach ag sliocht Uí Néill, rítheaghlach Uladh, Cnoc na hUaimhe nó Beann Mhadagáin anallód. Thóg Brian Mac Airt Uí Néill dún clúiteach ar an chnoc seo, Dún Mhic Airt, a raibh ríchathaoir istigh ann leis na céadta bliain go dtí gur scriosadh í ag loitiméirí dílseacha na háite sa 19ú céad. 

I mí Meán an Fhómhair 1795 d’fhoilsigh Ó Loingsigh agus a chara Thomas Russell duine de lucht Éirí Amach 1798, a bhí ina chónaí i mBéal Feirste ag an am, an chéad agus an t-eagrán deireanach den iris dhátheangach dar teideal “Bolg ar tSolair.” 

Bhí teach darbh ainm ‘Ard Righ’ ar Bhóthar Aontroma agus ba le Francis Joseph Bigger an teach seo. Bhí clú agus cáil ar theach Bigger mar ionad cultúrtha agus Gaeilge sa chathair agus is iomaí duine clúiteach a thug cuairt ar Ard Righ, Pádraig Mac Piarais, Eoin Ó Néill, Dughlas de hÍde, Bulmer Hobson, Roger Casement agus Alice Milligan ina measc.

Tús an 20ú chéid

Sa bhliain 1908 bunaíodh Craobh Ard Eoin de Chonradh na Gaeilge, Craobh na bhFiann a bhí mar ainm air. Bhí baint leis ag Seán Mac Diarmada, Cathal Bradley, Eoghan Mac Thiarnán a bhí mar mhúinteoir scoile, agus Mícheál Ó Cairealláin, a bhuaigh suíochán ar son Shinn Féin i gComhairle na Cathrach, Béal Feirste. Chaith an Caireallánach sé mhí i bpríosún de dheasca óráide as Gaeilge a thabhairt sa chomhairle.

Thosaigh an chraobh nua ranganna sa cheantar agus bhí siad lonnaithe i mbunscoil na Croise Naofa. Bhí an scoil lonnaithe ar an ghabhal idir Bóthar Ghleann na Coille agus Bóthar na Cromghlinne. Bhí an Ghaeilge á teagasc i seanscoil na ngasúr mar ábhar breise sa bhliain 1911 de réir Oifig an Oideachais agus tar éis do Joe Devlin, Teachta Parlaiminte d’Iarthar Bhéal Feirste, scoil na ngasúr a oscailt go hoifigiúil i 1914 ag Bóthar Ghleann na Coille. D’úsáid an Conradh Halla Ard Eoin do bhunús imeachtaí Gaeilge an cheantair go dtí na 70í.
Ag tús na 30í a tháinig fear óg as Tír Eoghain chun tosaigh i gcúrsaí Gaeilge sa cheantar. Ba as Achadh na Cloiche i gContae Thír Eoghain ó dhúchas Seán Mac Eochaidh, ach bhog a chlann chuig Ard Eoin nuair a fuair a thuismitheoirí bás. Chaith sé na blianta ag saothrú na teanga. Chuaigh sé chuig ranganna áitiúla agus spreag sé seo a ghrá don teanga. Bhíodh ranganna Gaeilge aige i seomraí os cionn ‘Foster’s Yard’ i Sráid Chatham sa cheantar. Chuaigh sé isteach i gConradh na Gaeilge agus ghnóthaigh sé scoláireacht chuig an Ghaeltacht áit ar chuir sé barr feabhais ar a chuid Gaeilge. Nuair a tháinig sé ar ais ón Ghaeltacht, thosaigh sé ag teagasc san Ard Scoil i Sráid Dhuibhise. 

Bhí Mac Eochaidh bainte fosta leis an IRA sa cheantar agus faoi dheireadh 1941, bhí sé ina phríomhoifigeach ar Ard Eoin nuair a gabhadh é agus cuireadh os comhair na gcúirteanna míleata é i mBaile Átha Cliath. Fuarthas ciontach é as an iar-Phríomhoifigeach Stephen Hayes a fhuadach ar amhras gur bhrathadóir de chuid na nGardaí é.

Lean Mac Eochaidh leis ag éileamh ar stádas polaitiúil agus in Aibreán 1946, chuaigh sé ar stailc ocrais. Chuaigh sé ar stailc tarta fosta tar éis cúpla seachtain agus fuair sé bás i bPríosún Phortlaoise ar an 11ú Bealtaine 1946.

Ón Dara Cogadh Domhanda go dtí 1969

Bhí an Ghaeilge bríomhar i gceantar Ard Eoin tar éis an Dara Cogadh Domhanda. 

Bhí Craobh Ard Eoin de Chonradh na Gaeilge gníomhach san am ag reáchtáil ranganna agus imeachtaí eile sa cheantar ar feadh na mblianta sin i seanscoil na ngasúr ag an Chrois Naofa. Bhíodh ranganna ann achan oíche Déardaoin, bhí Ruairí Fenton, Seosaimhín Ní Chonghaile, Paddy Liddy, Manas Mac Gabhann agus Máire Ní Loinsigh ar chuid de na daoine ag teagasc ranganna ag leibhéil éagsúla an t-am sin.

Tacaíocht an Phobail - Ról na n-Iarchimí

Ar theacht amach de roinnt de na cimí chuaigh siad díreach isteach i bhfeachtas na Gaeilge tar éis na teanga a fhoghlaim sna príosúin. Bhí ról lárnach ag na cimí i gcur ar bun Naíscoil Ard Eoin agus bhí dlúthbhaint acu le Conradh na Gaeilge sa cheantar. Ba iad Rab McCallum, Kevin Corbett, Seán Mag Uidhir, Perry McLarnon agus Leonard Ferrin na hiarchimí is mó a bhí chun tosaigh san fheachtas seo.

Tháinig na hiarchimí seo le chéile leis an phobal le Naíscoil Ard Eoin a chur ar bun. Shocraigh siad cruinniú poiblí sa cheantar i mí Bealtaine 1984 leis an phlean a cur os comhar tuismitheoirí a raibh spéis acu a bpáistí a chur chuig an scoil. D’fhreastail thart ar 30 clann ar an chruinniú seo. Tháinig Áine Andrews as Bunscoil Phobail Feirste, Máire Ní Bhruadar as Naíscoil Mhic Airt agus Séamas Mac Seáin as Gaeltacht Bhóthar Seoighe chun labhairt ag an chruinniú. I mí Meán Fómhair na bliana sin thosaigh 15 pháiste ar an naíscoil a bhí lonnaithe sa ‘Sweat Box’ mar a tugadh air san am i Sráid Ardilea. Bhí Breandán Ó Fiaich agus Áine Anderson as Tír Chonaill ó dhúchas mar mhúinteoirí ann.

Bhí daoine ar nós Rosemary McGuigan, Geraldine Rice, Pat Boyle, a bhí ina n-iarchimí in Ard Mhacha, iontach gníomhach ar choiste na scoile agus ag tógáil airgid.

Comharthaí Sráide 

Bhí feachtas chomharthaí sráide sa cheantar i 1984 ag Conradh na Gaeilge agus Sinn Féin. Bhailigh siad £230 ag na doirse sa cheantar agus faoi thús 1985 bhí comhartha mór “Fáilte  go dtí Ard Eoin” curtha suas ag Breandán de Léigh sa cheantar.

Ról na ranganna ar Ghluaiseacht na Gaeilge

Bhí roinnt múinteoirí ag teagasc ranganna ar fud na mblianta, Séamus  de Brún, Liam de Fréinse, Pól Mac Cumhail, Proinsias Mc Giolla Éid, Páidí Ó Cléirigh, Ailbhe Hannaway, Seosamh Ó Buachalla ina measc.

Ach is í clann de Léigh a d’fhág an lorg ba mhó ar an Ghaeilge sa cheantar. Bhí Pól de Léigh agus a bheirt mhac Breandán agus Michael ag teagasc ar feadh na mblianta.

Bhí Pól de Léigh ag dul don Ghaeilge ó na 50í ar aghaidh, chaith sé seal beag i bPríosún Bhóthar na Cromghlinne ar ordú imthreorannaithe. Bhí baint aige le ranganna sa cheantar le breis is 50 bliain, agus gan phingin rua a ghlacadh ar a shon, le bunú Naíscoil Ard Eoin agus Bunscoil Bheann Mhadagáin. 

Na 90í- Tionchar Bhreandán Uí Bhrolcháin

Ag teacht isteach sna 90í tháinig fear chun tosaigh a raibh tionchar nach beag aige ní amháin ar phobal na Gaeilge ach ar an phobal iomlán ina raibh sé ina chónaí. Bhí suim i gcónaí ag Breandán Ó Brolcháin, nó ‘Brad’ mar ab’fhearr aithne air i gcultúr agus i dteanga na hÉireann. Bhí Brad ar dhuine de na daoine a thug Fleadh Ard Eoin ar ais chuig an cheantar, agus faoina stiúir bhí an Fleadh ar an imeacht saor pobail ba mhó san Eoraip. Agus chomh maith leis seo chuir sé féin agus a chara Pól de Léigh, a bhí ag teagasc na Gaeilge in Ard Eoin ó bhí na ‘50í ann, Cumann Cultúrtha Bhéal Feirste Thuaidh ar bun leis an chultúr Ghaelach a chur chun cinn. 

Is é Brad a bhí mar thiománaí ar an fheachtas le go mbeidh bunscoil i dTuaisceart Bhéal Feirste.

D’oscail Bunscoil Bheann Mhadagáin i 1994 le 15 dhalta. 

Club Óige Mhachaire Botháin - Máirtín Ó Dochartaigh

Agus méid na ndaltaí a bhí freastal ar Ghaelscoileanna i dtuaisceart na cathrach ag dul i méid gach bliain le Bunscoil Bheann Mhádagain agus anois Bunscoil Mhic Reachtain sa Lóiste Nua, d’aithin tuismitheoirí gur beag imeachtaí a bhí ar fáil do dhaoine óga taobh amuigh den scoil agus go raibh gá le club óige a chur ar bun. 

Bhí Máirtín Ó Dochartaigh mar cheannródaí ar an tionscadal le club óige a bhunú. Tháinig Máirtín le chéile le tuismitheoirí eile, a raibh a gcuid páistí ar Ghaelscoileanna, Christine Beattie, Ailish O’Conor, Leonard Ferrin, iarchime as an cheantar, agus bhunaigh siad Club Óige Mhachaire Botháin siar in Eanáir 2001.

Tá breis is 80 páiste anois ag freastal ar an chumann óige. Ar an drochuair chaill muid Máirtín I mí na Nollag 2011 agus tá Cumann Óige Uí Dhochartaigh ainmnithe in ómós Mháirtín agus an tionchair a bhí aige ar an chumann.

An Staid Reatha

Tá dul chun cinn suntasach déanta thar na blianta ní amháin in Ard Eoin ach ar fud Tuaisceart Bhéal Feirste. Tá trí Bhunscoil againn, Bunscoil Bheann Mhadagáin (144 dalta) Gaelscoil Éanna ( 186 dalta)  Bunscoil Mhic Reachtain (100 dalta). Tá Cúram Lae nua oscailte in Ard Eoin, Cúram Lae Bheann Mhadagáin. 

Tá Cumann Óige Uí Dhochartaigh againn le breis is 80 duine óige ag freastal dhá oíche sa tseachtain.

Tá grúpaí pobail againn anois, Croí Éanna, Glór an Tuaiscirt agus Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain atá i mbun oibre iontaí ag cur na Gaeilge chun cinn.

Tá feachtas ar bun leis an dara Meánscoil a oscailt i dtuaisceart na cathrach agus tá dóchas ann go mbeidh sé oscailte i 2022.

Is scéal streachailte, pobail, lán-dóchais scéal na Gaeilge in Ard Eoin agus níl anseo ach an tús. Lean ar aghaidh. 

• Is gníomhaí pobail é Piarais Mac Alastair

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland