Top Issue 1-2024

26 March 2020 Edition

Resize: A A A Print

Toscaireacht go Cúba

• An grúpa Éireannach ag uaigh Ernesto Che Guevara

Ar na mallaibh, d’fhreastail mé féin agus triúr chomrádaí déag ar thoscaireacht dlúthpháirtíochta go Cúba. Oileán beag atá ann. Tá sé suite sa Mhuir Chairib, 90 míle amach ó chósta Miami sna Stáit Aontaithe agus níl ann ó thaobh daonra de ach 11 milliún duine. Leoga, ní féidir a shéanadh go bhfuil stair shaibhir agus córas polaitíochta réabhlóideach tógtha acu cé gur beagán an daonra.

Tá dlúthpháirtíocht shuntasach ann idir rialtas réabhlóideach Chúba agus an ghluaiseacht phoblachtánach. Is é sprioc na toscaireachta; dlúthpháirtíocht a dhaingniú leis an réabhlóid, gaol a chothú idir Éirinn agus an scoil Arturo Monteray in Havana, agus oideachas a fháil ar an chóras rialtais réabhlóideach atá i bhfeidhm i gCúba agus na héachtaí atá déanta acu i réimsí an tsláinte, oideachais, tithíochta agus fostaíochta.

Ní mór tuiscint a bheith againn go bhfuil Cúba faoi chois toirmisc trádála ag rialtas na Stáit Aontaithe a chuireann bac as cuimse lena gcumas a gheilleagar a fhás agus earraí nó amhábhair a allmhairigh. Sin mar a bhí nuair a raibh ceathrar déag againn i Havana at 1 Deireadh Fómhair 2019.  

Chaith an toscaireacht an chéad ceithre lá i bpríomhchathair Chúba; Havana.  Chas muid ansin le Fernando Gonzales, Uachtarán ICAP (Coiste Idirnáisiúnta do Chairdeas an Phobail) agus iar-cime polaitiúil a bhí i ngéibheann i Miami in éineacht le ceathrar chomradaí eile. Ciontaíodh iad as bailiú eolais ar eagraíochtaí frith-réabhlóideacha lonnaithe sna Stáit Aontaithe.  

Thug seisean coimre pholaitiúil don toscaireacht faoi stair na réabhlóide agus stad reatha  cúrsaí polaitiúla i gCúba. Mhínigh sé go raibh daingniú imeartha ag na Stáit Aontaithe faoi cheannasaíocht Donald Trump. D’admhaigh sé go raibh an gaol idir Cúba agus na Stáit Aontaithe ag feabhsú faoi riail Obama agus gur scaoileadh é féin agus a chomrádaithe ón phríosún de thairbhe sin. Mhínigh sé go bhfuil Trump ag cuir nirt san fheachtas i gcoinne na réabhlóide.  

Tá na Stáit Aontaithe anois ag imirt feall ar cheannas náisiúnta Chúba chomh maith le ceannas náisiúnta tíortha eile fosta. Faoi Acht Helms-Burton 1996 tá sé de cheart ag saoránaigh Meiriceánach cás cúirte a thabhairt in éadan aon ghnó nó tír a dhéanann trádáil le Cúba. Feictear go soiléir an dochar a bhfuil sé seo ag déanamh do mhuintir na tíre de dheasca an heaspa breosla atá ag déanamh bac ar ghnáthshaol an lae faoi láthair.

Agus muid i Havana, chás muid le Ramon Labanio, atá mar chuid d’eagraíocht National Assembly of Cuban Economists agus thug seisean achoimre don toscaireacht ar na constaicí atá roimh an gheilleagar.  Mhaígh sé go raibh fás le sonrú ach go raibh srian air de dheasca an lánchoisc atá á imirt ar Chúba.  Níl ach $6bn acu mar cáinaisnéis bhliantúil chun oideachas, sláinte agus tithíocht saor in aisce a chur ar fáil dá chuid saoránaigh.  Ina theannta sin, bhí Ramon mar cheann den Cuban 5 agus nocht a chuid taithí a bhain le ceithre bliana déag a chaitheamh mar chime polaitiúil i Miami agus ghabh sé a bhuíochas ó chroí le muintir na hÉireann as an tacaíocht a thug muid dó. 

Tar éis Havana, thaistil muid go Santa Clara, an chathair stairiúil a ghabh Commandante Ernesto ‘Che’ Guevarra i 1958 ag deireadh na réabhlóide.  Chás muid leis an ionadaí áitiúil ICAP agus thug seisean cur amach dúinn ar stair na cathrach.  Chuaigh muid ansin, go másailéam Che Guevarra, áit a bhfuil a chuid luachra faoi shuaimhneas in éineacht lena chomrádaithe a maraíodh leis sa Bholaiv.  Is áit naofa é seo do mhuintir Chúba agus tá cosc ar aon phictiúir a thógáil taobh istigh ann. Tá lasair bhuan ar lasadh chomh maith mar shiombail den laochra chalma atá curtha ann.  

Cuba 2

• Ómós ó na hÉireannaigh ag uaigh an cheannaire Fidel Castro 

Tá iarsmalann Che taobh leis ina gcoinnítear réimse leathan d’earraí Che, agus chomhdaíonn sé a bheatha agus a chuid ghníomhartha ar dhóigh spreagúil. Tugtar blas den chineál duine a bhí ann agus ar na híobairtí a rinne sé ar son a chomrádaithe san ionad. D’fhreastail muid théis sin ar shuíomh an luíocháin traenach Santa Clara.  D’fhoghlaim muid faoin chaoi ina raibh Che Guevara agus scuaid de 40 óglach an traein a leagadh agus 408 shaighdiúir de chuid Batista a ghabhadh.  Ba bhua cinniúnach é sa réabhlóid ar an ábhar gur thit Santa Clara ceithre lá níos déanaí agus theith an deachtóir Fulgencio Batista Chúba. 

Tar éis Santa Clara, chuaigh muid i mbun taistil trasna na tíre a fhad le Santiago de Cuba. Stop muid dhá oíche i Trinidad, áit ar chas muid le Coise Chosaint na Réabhlóide áitiúil. Bhunaigh Fidel Castro na coistí seo tar éis cathréime na réabhlóide ar mhaithe le cosaint a thabhairt don idéalachas a chothaigh an réabhlóid agus an pobal a larnú i gceisteanna cosanta na réabhlóide. D’fháiltigh siad muid agus lúcháir orthu agus d’eagraigh siad féile sráide dúinn chun an ócáid a cheiliúradh. Léirigh an ócáid seo an chomrádaíocht a mhaireann idir mhuintir na hÉireann agus muintir Chúba. Casadh amhráin agus rinneadh damhsa le muintir na háite.  

Ó Trinidad, chuaigh muid go Camaguay agus chaith muid an laá ann. Cathair aoibhinn a atá ann. Chaith muid oíche ansin le grúpa pobail a chur ranganna damhsa ar fáil do pháiste óga.  Blaiseadh iontach a bhí ann, nochtadh an cultúr damhsa a mhaireann sa tír fós. Tá ranganna saor in aisce le cinntiú nach bhfágfar aon pháiste ar lár. Tacaíonn an rialtas leis na scéimeanna seo chun tacú le daoine óga agus chun ligint dóibh caitheamh aimsire a bheith acu a sholáthródh gairm dóibh agus iad níos síne. Míníodh dúinn go rachaidh neart páiste i dtreo an damhsa phroifisiúnta. 

Thaistil muid ansin a fhad le Santiago de Cúba, áit ar chaith muid trí lá. Thug muid cuairt ar Reilig Santa Ifigenia agus ar uaigheanna Fidel Castro agus an ceannaire ón chéad chogadh saoirse, José Martí.  Is áit naofa é seo do mhuintir na tíre agus tá garda míleata cois uaighe ar feadh an lae. Athraítear an garda gach 30 bomaite.  Tá an reilig suite ag bun an tsléibhe Sierra Maestra, áit ar fhorbair Fidel, Che agus Raúl an réabhlóid tar éis dóibh landáil ag trá Las Coloradas i 1956. Chuaigh muid go Moncada Barracks ansin inár rinneadh an chéad ionsaí den réabhlóid ar an 26 Iúil 1953. Is iarsmalann atá ann anois a léiríonn stair na hionsaithe agus an tionchar polaitiúil a bhí aige sna blianta a tháinig ina dhiaidh. 

Chaith muid ár laethanta deiridh ar ais i Havana. D’fhreastail muid ar Iarsmalann na Réabhlóide agus bhí cruinniú againn eadrainn féin chun achoimre a dhéanamh ar an toscaireacht.  Bhí cruinniú amháin eile againn le ICAP chun measúnú a dhéanamh ar an toscaireacht agus chun coimriú a dhéanamh ar an mhéid a d’fhoghlaim muid. Rinne muid plean a chruthú faoin mhodh is fearr dlúthpháirtíocht a léiriú leis an réabhlóid.  

D’fhág muid Havana ag meán oíche ar 15ú Deireadh Fómhair.  Ba choicís trom leis an uafás cruinnithe agus taistil. Tháinig muid abhaile le heispéireas dochreidte a nocht buanna na réabhlóide a fheiceáil feicthe againn. Is léir go bhfuil an toirmeasc ag imirt feall suntasach ar gheilleagar na tíre agus go bhfuil an pobal ag fulaingt dá bharr. Caithfidh an pobal idirnáisiúnta brú suntasach a chur ar rialtas Meiriceá an toirmeasc a chuir ar ceal agus ligean don tír forbairt gan srian a chur uirthi. Tá dualgais orainne ar fad ár gcuid féin a dhéanamh chun taispeáint go bhfuil muintir na hÉireann agus an ghluaiseacht Phoblachtánach ar fad báúil leis an rialtas réabhlóideach agus caithfimid ár dtréan iarracht a dhéanamh dlúthpháirtíocht a léiriú leo i gcónaí.

• Is gníomhaí Naoise Ó Faoláin le Sinn Féin na Gaillimhe.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland