Top Issue 1-2024

12 April 2020

Resize: A A A Print

Athghabháil na teanga, Éirí Amach na Cásca agus an Díchoilíniú neamhchríochnaithe

BA DHOILIGH ról na Gaeilge agus an athbheochan chultúrtha le linn na tréimhse reábhlóidí in Éirinn a thuiscint gan cíoradh níos leithne a dhéanamh ar thionchar an choilíneachais ar phobal na tíre. Is beag saineolaí teanga, polaitíochta nó socheolaíochta nach mbeadh in aontas le tuairim Naom Chomsky gur ‘ceisteanna cumhachta i gcónaí iad ceisteanna teanga’. Tá an nasc seo i bhfad níos soiléire i gcomhthéacs an choilíneachais, nuair atá ansmacht an chultúir dhúchasaigh mar phríomhchloch ar phaidrín an ionraidh choilínigh. Ar an bhonn seo, ní tharlaíonn meath teanga ariamh i bpobail atá saibhir agus faoi phribhléid ach dóibh siúd atá díshealbhaithe agus díchumhachtaithe amháin. 

Ag labhairt do ar ról an chultúir sa streachailt frithimpiriúil, dúirt an scríbhneoir iomráiteacht ón Chéinia, Ngugi Wa Thiong’o, 

‘The real aim of colonialism was to control the people’s wealth; what they produced, how they produced it, and how it was distributed…. But its most important area of domination was the mental universe of the colonised, the control, through culture, of how people perceived themselves and their relationship to the world. Economic or political control can never be complete without mental control.’  

Is an tuigbheáil dhomhain seo a mhúnlaigh polasaithe impiriúla na Breataine in Éírinn ón choncas Eilíseach i leith nuair a dhearbhaigh straitéiseoir polaitiúil an ionraithe, Edmund Spenser, ‘It hath ever been the use of the conquerors to despise the language of the conquered, and to force him by all means to learn his’. Níl aon áit, mar sin, ina raibh an próiseas seo níos aitheanta ná in Éirinn, a raibh meath cultúrtha ag luas gan comparáid i stair na hEorpa inti, mar thoradh ar choilíneachas fhoréigneach a shroich a bhuaic le cur i bhfeidhm bruidiúil na scoileanna náisiúnta agus léirscrios an Ocrais Mhóir i lár an Naoú hAois Déag.

Nuair a bunaíodh na scoileanna náisiúnta in 1831 in Éirinn, úsáideadh ‘bata scoir’ chun cuntas a dhéanamh ar chomh minic is a labhair cainteoirí aonteangacha dúchais an teanga s’acu sular gearradh píonós fisiciúil orthu. D’iompaigh an ‘bata scoir’ seo ina chnaipe faoin am a bhain an polasaí pobal dúchasach Ngugi Wa Thiong’o amach sa Chéinia sna 1950’s, áit arbh éigean do pháistí siúl thart fán chlós le pláta miotail thart an mhuineál orthu le frásaí ar nós ‘‘I am stupid, I am donkey.’ Is í an bhunadhm a bhí leis an pholasaí seo na coimpléasc ísleachta a chothú in íobartaigh an choilíneachais.

Bhí an cur chuige seo comh rathúil sin in Éirinn nach raibh muintir na hÉireann sásta admháil go raibh Gaeilge acu i ndaonáireamh in 1891. Bhí an Gael ar nós an ‘abominable snowman’, dar le bunaitheoir Chonradh na Gaeilge, Dúglas de hÍde, mar go raibh náire orthu faoin fhéiniúlacht agus teanga dhúchais s’acu.

Gaeilge2

• Dúglas de hÍde

Míníonn seo an fáth a mbeadh réabhlóidithe frithchoilíneacha ar nos an Ailgéaraigh, Frantz Fanon ag caint ar an ghearrghá le díchoilíniú cuimsitheach sa chomhthéacs seo. Bhí seisean den bharúil go raibh trí chéim le glacadh i dtreo an díchoilínithe. Sa chéad chéim, b’éigean do na dúchasaigh a aithint gur comhshamhlaíodh iad ag cultúr ceannasach na forghabhála sula mbogfadh siad chuig an dara céim ina bpillfeadh siad ar an oidhreacht s’acu chun athshealbhú a dhéanamh ar an stair dhúchasach. Sa tríú céim, níor mhór don intleachtóir dúchasach iarracht thréan a dhéanamh chun pobail s’acu a mhúscailt agus a athbheochan i dtreo streachailt fuascailte. Dar le Fanon: ‘in the first place to fight for the liberation of the nation, that material keystone which makes the building of a culture possible. There is no other fight for culture which can develop apart from the popular struggle’.

Sna cúinsí seo, is tionscnamh polaitiúil é gach iarracht chun athbheochan a dhéanamh ar an chultúr atá i mbaol nó chun ‘díchoilíniú’ a chur i gcrích agus lean múnla réabhlóidithe na hÉireann an sainmhíniú Fanonach úd.

In Éirinn, b’iad bunú Chumann Lúthchleas Gael in 1884 agus Conradh na Gaeilge in 1893 a sheas mar chomhartha breithe ar an díchoiliniú chultúrtha agus pholaitiúil. Ghlac an CLG dúshláin na príomhspórt reatha ag an am ar nós sacair, rugbaí agus cruicéid agus chothaigh sé, dar le Kevin Whelan ‘nationalizing idiom, a symbolic language of identity filling the void created by Anglicisation. Faoin bhliain 1890, bhí níos mó na 1000 cumann ann i bpobail ar fud na tíre.

Sa mhullach air seo, tháinig bunú Chonradh na Gaeilge in 1893 agus í d’aidhm oscailte acu an mothú íochtaránachta a chothaigh blianta an Ghalldaithe agus an choilíneachais a ruaigeadh go feidhmiúil trí bheith ag moladh go ndéanfaí an teanga a athbheochan mar theanga labhartha.

Gaeilge4

• Conradh na Gaeilge Oireachtas, 1913

Chuir polasaithe radacacha oideachais an Chonartha béim ar ranganna teagaisc chomh maith le feachtasaíocht oscailte pholaitiúil le stádas na teanga a ardú. Sa tréimhse seo, aithníodh gluaiseacht na Gaeilge, mar a tharla i mórán streachailtí frithchoilíneacha ar fud an domhain, mar dhlúthchuid den mhogalra réabhlóideach, frithimpiriúil a bhí faoi bhláth ag an am, agus tharla méadú as cuimse ar líon na gcraobhacha ag Conradh na Gaeilge ó 120 in 1900 go dtí 985 in 1906 agus buaiclíon ballraíochta de 80,000. I rith na tréimhse seo, shocraigh athbheochanóirí radacacha mar Phádraig Mac Piarais ar bheartais nuálaíocha a thabharfadh aghaidh ar ‘mental enslavement’ an chórais scoileanna náisiúnta a leagadh anuas ar thug sé ‘The Murder Machine’ air. Nuair a bhunaigh sé Scoil Éanna agus Scoil Íde in 1906 agus 1909, bhí an Piarsach ar na chéad daoine a mhol ‘decolonising of the mind’ agus ghríosaigh gníomhaithe agus scríbhneoirí i Meiriceá Laidíneach agus san Afraic ina dhiaidh sin.

Dheifreodh tionscadal Chonradh na Gaeilge an streachailt le neamhspleáchas polaitiúil a bhaint amch in Éirinn agus ar an ábhar sin, an Réabhlóid Éireannach, agus i bhfocail an staraí FX Martin, ‘the Gaelic resurgence was the revivifying force which made possible the Easter Rising of 1916’.

Is sna cúinsí claothlaitheacha seo a chinn Tomás Ó Cléirigh, Seán Mac Diarmada agus Bráithreachas Poblacha na hÉireann (IRB), ceannasaíocht Chonradh na Gaeilge a shealbhú ag an Ard Fheis in 1915 nuair a d’éirigh Dúglas de hÍde as mar uachtarán de bharr an rún rathúil go gcuirfear an focal ‘saor’ taobh le taobh leis an fhocal Ghaelach mar leasú bunreachta. Ainneoin go ndéantar cáineadh forleathan ar an BPE (IRB) sa dioscúrsa staire as an bhogadh seo a bhrú, is léir go gcaithfear tuigbheáil cé comh lárnach is a bhí tacaíocht an conartha sna pleananna réabhlóide rúnda a bhí beartaithe ag an phointe seo acu. 

D’aithin an Chomhairle Mhíleata, a bhí ag pleanáil an Éirí Amach, go raibh an athbheochan chultúrtha ina áis dhíchoilínithe leis an chumas chun aird an phobail, fríd an illomad grúpáil shóisialta dhifriúil, a dhíriú ar staid struchtúrtha na hÉireann faoi dhiansmacht chumhacht choilíneach na Breataine. Thapaigh siad an deis fosta bheith ag tochailt faoi mórcheannas leochaileach an náisiúnachais bhunreachtúil, agus iad faoi bhrú ag slad leanúnach an chogaidh mhóir.

Nuair a tharla an tÉirí Amach, ba bhaill den eagraíocht iad seisear de sheachtar sínitheoirí an Fhorógra agus luadh gach oifigeach ar an Choiste Gnótha as páirt a ghlacadh san Éirí Amach nuair a caitheadh, nó a gortaíodh nó a tugadh ina bpríosúnaigh nó a d’imigh sé dhuine dhéag dá chuid ball. 

Gaeilge5

D’fhreagair Rialtas na Breataine teacht amach an phoblachtachais radacaigh trí iompú arís ar bheartais dhaorsmachta agus trí chur i bhfeidhm an dlí mhíleata a charcraigh gan triail mórán ionadaithe a toghadh go daonlathach. Fógraíodh go raibh Conradh na Gaeilge ‘illegal including its meetings’ agus go raibh ‘persons organising them or attending were liable to prosecution by a court under Army jurisdiction’.

Is amhlaidh a neartaigh na beartais ghéarleanúna seo rún na n-athbheochanóirí teanga agus ag chéad chruinniú Dháil Éireann a reáchtáladh i dTeach an Ard-Mhéara, i mBaile Átha Cliath in Eanáir 1919, foilsíodh ord an ghnó go dátheangach agus is i nGaeilge is mó a seoladh imeachtaí an chruinnithe.

Mar sin féin, d’athraigh rudaí go mór nuair a scoilteadh gluaiseacht na Poblachta agus nuair a rinne Rialtas na Breataine idirbheartú ar an Chonradh le gluaiseacht neamhspleáchais na hÉireann in 1921 a dhaingnigh deighilt sé chontae de chuid Uladh san Oirthuaisceart faoi smacht na nAontachtach. Tháinig meathlú iomlán ar Chonradh na Gaeilge i ndiaidh 1922 ar an ábhar gur creideadh go nglacfadh an stát anonn an athbheochan ach ba é nádúr na scoilte go príomha agus brúidiúlacht an chogaidh chathartha a stróic mórán craobhacha as a chéile. Chealaigh scoilteanna idé-eolaíocha agus polaitiúla fuinneamh agus neart an Chonartha ar tharla titim uafásach mór sa bhallraíocht dá bharr ó 700 craobh in 1920 go dtí 565 in 1922.

Gaeilge6

• Máirtin Ó Cadhain

Go deimhin féin, chaill tionscadal an díchoilínithe, a bhí i ndiaidh an réabhlóid Éireannach a spreagadh, glúin iomlán de ghníomhaithe radacacha agus d’intleachtóirí a thabharfadh tacaíocht b’fhéidir do chlár chultúrtha ab’fhorásaí. Theip ar riarachán saorstáit a bhí eaglach agus frithghníomhach na cuspóirí fuascailte de chuid na hathbheochana a spreagadh i státchóras a bhí faoi smacht ag an bhunaíocht choiméadach ar lámh amháin agus Eaglais Chailtliceach Uathlachach ar an lámh eile. 

Is fiú pilleadh ar cheist seo na ‘Fuascailte’ agus muid ag déanamh measúnú ar an fhrithréabhlóid a cuireadh i gcrích in Éirinn sa tréimhse seo inár brúadh dhá stát coimeádach sa mhullach ar mhuintir na tíre. Cuireann teoiricí cultúrtha ar nós Edward Said go mór le tuiscint s’againne agus é ag maíomh go leanann an próiseas díchoilínithe ar aghaidh chuig staid úr,  ‘the first phase of this dynamic produces nationalist independence movements, the second, later, and more acute phase produces liberation struggles’.

Bhí an pholaitíocht radacach seo le sonrú sa streachailt a d’fhorbair díograiseoirí cosúil leis an scríbhneoir iomráiteach agus sóisialach poblachtánach Máirtin Ó Cadhain a d’aithin nach dtiocfadh ceist na Gaeilge a scaradh ón mhórstreachailt pholaitiúil agus eacnamaíochta. Bhunaigh sé an brúghrúpa feachtasaíochta Muintir na Gaedhtachta sna 1930í chun dul i ngleic le bochtanas agus imeallú sa Ghaeltacht agus é ag fógairt go ndearna na húdaráis feall ar an Fhorógra agus Clár daonlathach na Chéad Dála. D’eascair Gaeltacht Rath Cairn ón chath seo.

Sna seascaidí, bhunaigh an Cadhanach an grúpa ‘Gníomh Dhírigh’ MISNEACH chun an spotsholas a dhíriú ar theip leanúnach an ‘tSaorstáit’ chun an teanga a chosaint agus a chaomhnú. Chuaigh baicle díograiseoirí ar stailc ocrais seachtaine in 1966 taobh amuigh de Theach Laighin ar an chomóradh 50 bliain don Éirí Amach agus spreag siad gréasán de Ghaeil as Béal Feirste chun amhlaidh a dhéanamh i gCumann Chluain Aird.

Mar oidhreacht bheo de chuid an Éirí Amach, spreag gníomh dhíchoilínithe an Chadhanaigh bunú Ghrúpa Cearta Sibhialta na Gaeltachta ag deireadh na seascaidí a bhrú bunú Raidió na Gaeltachta ó chiste dhrogallach an stáit.

Níos faide ó thuaidh, ghlac Gaeil óga Bhéal Feirste le comhairle an Chadhanaigh a thug dúshraith fealsúnachta agus gnímh do bhunaitheoirí Ghaeltacht Bhóthar Seoighe agus an tionscadal réabhlóideach féinchuidithe s’acu a spreag an Ghaelscolaíocht agus athbheochan chomhaimseartha na Gaeilge i dtuaisceart na tíre chun beatha.

Ag eascairt ón oidhreacht seo, tá gníomhairí Gaeilge agus pobail ar fud na tíre ag leanúint na modheolaíochta streachailte céanna ach i gcúinsí úra agus le beartaíocht dhifriúil a mhúnlóidh lorg cruthaitheach s’acu féin don teanga s’againne. Is léir go dtugann an comóradh 1916 i mbliana an spás do Ghaeil athmhachnamh a dhéanamh ar cheachtanna spreagúla na tréimhse seo agus an díchoilíniú neamhchríochnaithe le go dtig linn seilbh a ghlacadh ar an am i láthair agus todhchaí níos fearr a thógáil.

Follow us on Facebook

An Phoblacht on Twitter

An Phoblacht Podcast

An Phoblacht podcast advert2

Uncomfortable Conversations 

uncomfortable Conversations book2

An initiative for dialogue 

for reconciliation 

— — — — — — —

Contributions from key figures in the churches, academia and wider civic society as well as senior republican figures

GUE-NGL Latest Edition ad

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland