Top Issue 1-2024

12 March 2020

Resize: A A A Print

Ar scáth a chéile a mhaireann na ndaoine - Ollchruinnithe Shinn Féin

Mar is eol dúinn i Sinn Féin le fada an lá is ar scáth a chéile a mhaireann na daoine. Cé gur cliché seanchaite atá inti is modh maireachtála ‘an dóigh Éireannach’ é a théann siar na cianta i stair an oileáin. Braithimid ar a chéile, cabhraímid lena chéile, pléimid cúrsaí agus éistimid le chéile. Is maith linn nuair a bhíonn teagmháil agus caidreamh pearsanta eadrainn. Bímid thuas seal, thíos seal ach is le chéile a éiríonn is fearr linn.

Ní mór do lucht Fhine Gael/Fhianna Fáil machnamh a dhéanamh ar sin agus an chaoi a chaitheadar is a chaitheann siad le gnáthdhaoine, gnáththeaghlaigh, gnáthoibritheoirí, gnáthmhicléinn, agus gnáthsheanóirí le blianta beaga anuas agus iad i réim sna Sé Chontae is Fiche.

Ní rabhamar, sinne i Sinn Féin ná an saol mór, ag súil leis an rabharta tacaíochta a bhfuaireamar ón bpobal i gcoitinne san olltoghchán ar an 8 Feabhra 2020.

Bhí an borradh a tháinig ar Shinn Féin chomh suntasach sin gur baineadh siar iomlán as na páirtithe polaitiúla bunaíochta agus cuireadh idir alltacht agus uafás ar thráchtairí na meán cumarsáide.

Is teachtaireacht láidir í ó ghnáthmhuintir fud fad na tíre nach bhfuil siad sásta glacadh a thuilleadh le staid na tíre faoi mar atá sí i láthair na huaire. An dearcadh nua- liobrálach Fhine Gael/Fhianna Fáil a ligeann don mhargadh oscailte geilleagair na tíre a stiúradh. An chaoi go bhforbraítear, go bhfástar, is go gcosnaítear an geilleagar, na baincéirí, na creach-chistí, na forbróirí réadmhaoine, thar ghnáthphobal atá go mór thíos leis an gcineál seo rialaithe. An easpa suime, diongbháilteachta agus freagrachta a léirítear dul i ngleic lena clocha is práinní ar phaidrín ghnáthdhaoine; easpa tithíochta, cíosanna arda, an ghéarchéim sa chóras sláinte, ardú in aois an phinsin, an ghéarchéim aeráide, Éire aontaithe agus araile.

Gan amhras ar bith tá sé ríshoiléir go bhfuil athrú suntasach ó dhaoine. Bímis cinnte de. Vótáladh san olltoghchán chun go mbeadh Sinn Féin i gcumhacht. Tá muinín ag vótálaithe go gcuirfidh rialtas á stiúradh ag Sinn Féin, an t-athrú sin i bhfeidhm ar mhaithe le leas an phobail. Tuigtear dóibh go ndéanann Sinn Féin beart de réir a mbriathar. Rialtas úrnua, cur chuige nua, réitigh úra atá uathu.

Bímid sáite sna pobail as a dtagaimid agus mar sin agus luíonn ciall leis go mbímid ag plé leis an bpobal. Creidimid go bhfuil tábhacht faoi leith ag baint le cluas éisteachta a thabhairt don phobal ar lámh amháin, agus teachtaireacht Shinn Féin a scaipeadh agus a mhíniú dár lucht tacaíochta, agus nach iad, i mbealach oscailte, ar an lámh eile. Is seanchleachtas é slógaí nó ollchruinnithe a réachtáil chun comhrá le daoine agus gníomhaithe a thugann tacaíocht don pháirtí. An daonlathas á chur i bhfeidhm a thugtar air i gcoitinne.

An aon ionadh é mar sin nach dtugaimid mórán airde ar na tuairiscí histéireacha, an mhearchiall dochreidte, an scaoll gan chúis, gan chiall a bhí á scaipeadh sna meáin, ag teacht ó pholaiteoirí agus tráchtairí, shílfeá go mbeadh níos mó céille acu, nuair a tuairiscíodh Mary Lou McDonald go reáchtáladh ollchruinnithe, nó slógaí timpeall na tíre. An phríomhaidhm a bhí aici ná lucht tacaíochta an pháirtí a choimeád ar an eolas maidir leis na hidirbheartaíochtaí chun rialtas a chruthú a chuirfeadh an t-athrú a bhí á iarraidh ag an bpobal i bhfeidhm.

Ní chreidfeá an líonrith, an scaoll, an imeagla, agus an histéire a phléasc gan mhoill go luath ina dhiaidh sin.

SF Rally Media

Leo Varadkar ag rá gur cuid d’fheachtas imeaglaithe, bulaíochta, a bhí á rith ag Sinn Féin, an comhrá oscailte seo leis an bpobal. Darradh O’Brien sceimhlithe ina bheatha go mbeadh ‘slógaí Trump’ ar siúl sna hóstáin áitiúla ar fud na tíre. Go náireach, chuir Paul Gogarty na cruinnithe poiblí i gcomparáid le slógaí na Naitsithe i Nuremburg. Bhí Alan Shatter ag cur scanraidh ar dhaoine mar gheall ar an easpa daonlathais a bhraith sé go dtarlóidh dá mbuailfeadh Mary Lou, Pearse, Eoin, Louise, David agus Conor, (in Iúir Chinn Trá), le pobal na hÉireann.

Gáifeachas thar fóir a bhí ar siúl acu.

Cad go díreach a thit amach ag na hollchruinnithe? Bhuel, bhí siad go léir lán go béal, gan suíochán saor ar fáil iontu. A bhuí le bolscaireacht Leo agus Mhicíl. D’fhreastail míle duine ar an ócáid in Óstán Rochestown Park i gCorcaigh. I Halla na Saoirse i mBaile Átha Cliath, cur i gcás, níor éirigh le thart ar 200 duine dul isteach. Chinn Pearse ar óráid spreagúil a thabhairt dóibh ar leac an dorais, rud a chur go mór le spioraid na ndaoine lasmuigh. Labhair Mary Lou faoi na hidirbheartaíochtaí. D’fhreagair na hionadaithe tofa ceisteanna ón lucht féachana. Chanamar Amhrán na bhFiann ag an deireadh. Bhí idir lucht tacaíochta Shinn Féin agus go leor leor eile nach iad i láthair.

Shuigh mé féin in aice le bean áitiúil nach raibh báúil a bheag ná a mhór le Sinn Féin nó le Mary Lou féin. Lean sí uirthi ag cáineadh an pháirtí go dtí gur thosaigh an cruinniú. Ón nóiméad sin ar aghaidh, d’éist sí go géar le gach uile focal. Thug mé faoi deara go raibh a ceann ar bogadh ní ba mhinice le linn an chruinnithe. Ag deireadh na dála bhí sí ag bualadh bos go díograiseach agus ag canadh Amhrán na bhFiann go fonnmhar i dteannta linne ar fad, is ansin a dúirt sí liom gur cheap sí go raibh Mary Lou go hiontach!

Is dócha go raibh díomá ar na tráchtairí uile agus ar pholaiteoirí FG/FF mar ar deireadh thiar thall ní mar a shíltear a bhítear. Ní raibh tásc ná tuairisc ar na hollchruinnithe ó shin i leith ar na meáin ar an iomlán. Cé go raibh gach seans ann, dar le tráchtaire amháin, fiú go mbeadh leadrán seachas eagla ar dhaoine nach raibh suim acu sa pholaitíocht ar an gcruinniú i mBaile Átha Cliath. An t-aon scéal atá ann ná go dtuigeann Sinn Féin cad go díreach atá ag tarlú sa tír, go n-ionannaíonn siad go dlúth le gnáthdhaoine agus go n-oibreoidh Sinn Féin go dian, díograiseach chun rialtas úrnua a chruthú chun an t-athrú atá ag teastáil ón bpobal a chur i bhfeidhm.

Gan dabht, leanfaidh an comhrá ar aghaidh agus reáchtálfaidh na hollchruinnithe timpeall na tíre sna laethanta atá amach romhainn. Is dócha go méadóidh líon na ndaoine a bhfreastalóidh orthu toisc go maith leo an teachtaireacht atá ag Sinn Féin agus an chaoi a gcaithimid leis an bpobal. Is é sin an daonlathas ag feidhmiú mar is ceart agus is cóir.

Nílim cinnte go bhfuil ceacht foghlamtha ag Fianna Fáil/Fine Gael tar éis an chúil thuathail seo a imirt orthu féin, ach bheadh sé chun a dtairbhe a bheith ag caint leis an bpobal chomh maith amach anseo, nó an é nach dtuigeann siad ‘an dóigh Éireannach’, go mbraithimid go léir ar a chéile ar an oileán seo?

Follow us on Facebook

An Phoblacht on Twitter

An Phoblacht Podcast

An Phoblacht podcast advert2

Uncomfortable Conversations 

uncomfortable Conversations book2

An initiative for dialogue 

for reconciliation 

— — — — — — —

Contributions from key figures in the churches, academia and wider civic society as well as senior republican figures

GUE-NGL Latest Edition ad

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland