Top Issue 1-2024

6 March 2020

Resize: A A A Print

Tá ár lá ag teacht

Ina óráid Dála ar an 20 Feabhra, agus é ag ionsaí Sinn Féin go nimhneach, dúirt ceannaire Fhianna Fáil, Mícheál Martin, an méid seo:

“The glorifying of the Provisional IRA is not an accident of one Deputy's exuberance, as Deputy McDonald claims. She has herself praised Provisional IRA units and when she ends speeches with ‘Tiocfaidh ar lá’ I think she knows full and well what the use of that phrase means. Popularised first by the former Deputy, Gerry Adams, for decades it was shouted in our courts to signal a refusal to recognise this democratic Republic.”

Tá nimh sa mhéid sin agus níl an fhírinne ann. Tá sé tábhachtach an fhírinne a insint faoin mana poblachtánach ‘Tiocfaidh ár lá’. Níorbh é Gerry Adams a chuir i mbéal an phobail ar dtús é. Agus níor cuireadh tús leis sna cúirteanna. Ar ndoigh ní raibh sé de rún riamh ag Mícheál Martin an fíor-scéal a insint mar ansin bheadh air ainm amháin a luadh – Bobby Sands. Tá a fhios ag Martin cé chomh mór is atá an meas ag an pobal in Éirinn agus ar fud an domhain ar Bobby Sands agus ar an naonúr a fuair bás leis ar Stailc Ocrais i 1981.

Díreach as scríbhinní Bobby Sands a tháinig an mana. As an ifreann sin, na Blocanna-H sa Cheis Fhada idir mí Márta 1976 agus mí Márta 1981 a tháinig sé. As an chéasadh a rinne udaráis phríosúin na Breataine ar na príosúnaigh poblachtánacha, faoi Rialtas Lucht Oibre Jim Callaghan agus faoi Rialtas Coimeádach Margaret Thatcher. Bhí na Rialtais sin, mar chuid dá straitéis míleata cóilineach in Éirinn, ag iarraidh coirpigh a dhéanamh as príosúnaigh polaitiúla poblachtánacha. Theip orthu mar ní raibh na príosúnaigh sásta luí síos agus sheas siad suas ar son a gcearta agus ar son cearta mhuintir na hÉireann uile.

Bobby Sands poster

Níos mó ná duine ar bith eile, léirigh Bobby Sands an meon seo, meon na saoirse, ina chuid scríbhinní, idir aistí, altanna, gearr-scéalta agus filíocht. Bhí cosc ar phinn, ar pháipéar, ar leabhair, ar teagmháil ar bith leis an saol amuigh, ach d’eirigh le Bobby na mílte, mílte focail a scríobh, i mBéarla agus i nGaeilge, agus iad a chur amach chun an saol mór. Foilsíodh iad in An Phoblacht/Republican News agus i leabhráin agus bileogaí. Agus i leabhar amháin ‘One Day in My Life’. Ag deireadh an leabhair sin, deir Bobby:

“They have nothing in their entire imperial arsenal to break the spirit of one single Republican Prisoner of War who refuses to be broken, I thought, and that was very true. They cannot or never will break our spirit. I rolled over again freezing and the snow came in the window on top of my blankets. ‘Tiocfaidh ár lá’, I said to myself. ‘Tiocfaidh ár lá.’”

I 1981 toghadh Bobby Sands mar MP. Toghadh stailceor ocrais eile Kieran Doherty mar TD, agus príosúnach eile leis, Paddy Agnew. Buile do cheannaire Fhianna Fáil, Charlie Haughey a bhí ann. Ní raibh tromlach Dála ag Fianna Fáil riamh ina dhaidh sin, cé gur lean siad le Fine Gael mar an dá páirtí is mó le blianta fada. Go dtí anois. Agus sin an fáth go bhfuil Mícheál Martin chomh nimhneach sin faoi Sinn Féin. Tá deireadh taghta le ré FFFG. Tá lá Shinn Féin, lá na hÉireann Aontaithe, lá Bobby Sands ag teacht.

Follow us on Facebook

An Phoblacht on Twitter

An Phoblacht Podcast

An Phoblacht podcast advert2

Uncomfortable Conversations 

uncomfortable Conversations book2

An initiative for dialogue 

for reconciliation 

— — — — — — —

Contributions from key figures in the churches, academia and wider civic society as well as senior republican figures

GUE-NGL Latest Edition ad

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland