Top Issue 1-2024

18 August 2019 Edition

Resize: A A A Print

Foghlaimeoirí Gaeilge faoi mhíbhuntáiste

Easpa Acht Gaeilge, Na Míbhuntáistí do Pháistí an Ghaeloideachais Sna Sé Chontae agus Rialtas a Chothaíonn An Bac – Dearcadh Príomhoide Gaelscoile

Easpa Acht Gaeilge, Na Míbhuntáistí do Pháistí an Ghaeloideachais Sna Sé Chontae agus Rialtas a Chothaíonn An Bac – Dearcadh Príomhoide Gaelscoile

Tá a fhios ag gach Gaeilgeoir sa tír go ndearnadh cnámh spairne den Ghaeilge ó tháinig an Ghalltacht go hÉirinn agus gurbh i ndlithe Shasana faoi Reachtaíocht Chill Chainnigh (1366) a luaigh den chéad uair nár le sásamh na nGall beocht na Gaeilge. Mar theanga a bhí againn roimh An Reifirméisean agus roimh An Chríostaíocht, cuireann cuid dá ndeirtear faoin Ghaeilge sna díospóireachtaí reatha a bhaineann lenár dteanga náisiúnta ár seacht sáith iontais orainn. Mar phríomhoide gaelscoile, feicim nach bhfuil deireadh go fóill leis an mhíshástacht nó leis an naimhdeas a d’fhulaing na Gaeil riamh anall. Ní miste, mar sin, dearcadh oideachasóra bheith mar chuid den chomhrá atá uainn agus tagairt á dhéanamh d’Acht na Gaeilge ach go háirithe ar roinnt leibhéal – neamhthoil Chnoc an Anfa do thacú leis an acht agus na míbhuntáistí ar bhonn laethúil a bhíonn ann do mhúinteoirí agus do pháistí an tumoideachais sna Sé Chontae.

Tá sé cruthaithe ar fud an domhain gur mór an tairbhe (cúrsaí sláinte/fostaíochta san áireamh) a bhaineann leis an dátheangachas. Tá breis agus 6,500 páiste ar ghaelscoileanna sna Sé Chontae faoi láthair. Is líonmhaire daltaí an tumoideachais lasmuigh de na ceantair Ghaeltachta oifigiúla ná daltaí ar scoileanna Gaeltachta ach ní hionann na cearta a bhíonn ann do gach saoránach acu seo. Is ábhar mór feirge agus náire é nach féidir linn na cearta céanna a sholáthar do pháistí an tumoideachais sna Sé Chontae agus is féidir sna 26 Contae. Baineann easpa acht Gaeilge le cearta daonna agus ní mór dúinn na cúrsaí seo a phlé sa chomhthéacs sin. Más fíor gurb ionann páistí an tumoideachais in Albain, sa Bhreatain Bheag agus in Éirinn, fiosraítear na fáthanna nach ionann cearta dóibh. Tá Acht Teanga sa chéad dá thír agus is suimiúil nach raibh baint nó páirt ag aon dream polaitíochta in Éirinn leis na comhairliúcháin, díospóireachtaí nó le cur in éadan féin nuair a bhí dhá thír sa Ríocht Aontaithe (mar a thugtar in áiteanna áirithe orainn) ag iarraidh achtanna. Is léir mar sin nach bhfuil aontachtóirí abhus in éadan achtanna teangacha Ceilteacha ach amháin nuair is acht Ghaeilge na hÉireann atá le plé.

Ar fud fad na hEorpa, glactar leis go mbeidh deiseanna ag páistí an tríú nó an ceathrú teanga a fhoghlaim – ní hé mar sin in Éirinn é. Tá córas ‘oideachais’ ar na hoileáin seo a éascaíonn an t-aonteangachas don aos óg. Cothaíonn an tumoideachas deiseanna iontacha ar leibhéil éagsúla don dalta agus don phobal. I dtíortha éagsúla san Eoraip tuigtear go bhfuil dhá cheart bhunúsacha de dhíth ar phobal teanga atá faoi bhagairt – a) an scolaíocht bheith ar fáil sa teanga dhúchais nó sa teanga is fearr leis an phobal sin agus b) go bhfuil sé de cheart ag an phobal teanga eolas/seirbhísí poiblí a iarraidh ar an stát. Tá sé de láncheart ag páistí an tumoideachais sna Sé Chontae bheith ag dúil le buntáistí thrí chuaille chaomhnú teanga (‘three pillars of language maintenance’) – an teaghlach agus an pobal, an córas oideachais agus an stát áitiúil. Cé gur mór an bród is cóir bheith ar phobal an tumoideachais in Éirinn as a bhfuil bainte amach againn, ní iontas ar bith againne sna Sé Chontae é go bhfuil muid ag plé le stát nach miste leis páistí bheith faoi mhíbhuntáiste. 

pg59-mural

Ó thaobh na míbhuntáistí de, tá achair ar leith a bhfuil muid mar earnáil i ndeabhaidh leo le fada an lá. Ar na samplaí is mó a léiríonn na deacrachtaí dúinn tá Sainriachtanais Oideachasúla (SRO). Tá fianaise againn go mbíonn an dátheanagachas ina chuidiú ar leith ag páistí a bhíonn ag streachailt ar scoileanna. Ina dhiaidh sin, nuair a bhíonn riachtanas ar leith ar dhalta, ní i gcónaí a éiríonn leis an stát an measúnú is fíre nó is beaichte a sholáthar dó mar is ar thaithí na scolaíochta lán-Bhéarla a bhíonn sin bunaithe go minic. Fágtar mar sin, nach féidir measúnú foghlama a dhéanann siceolaithe oideachais a dhéanamh go dtí go mbíonn an dalta i Rang 4 – an chéad bhliain den Bhéarla ar scoileanna tumoideachais sna Sé Chontae. Tá an méid sin barrthábhachtach mar gan aon mheasúnú cuí déanta, ní féidir ‘ráiteas SRO’ a thabhairt do pháiste. Is é an ráiteas sin a sholáthraíonn cosaint sa dlí don leanbh. (Tá sé de dhualgas orm cur ina luí ar léitheoirí go ndéanann na siceolaithe oideachais obair den scoth ach go n-aithníonn siad féin go mbíonn srianta orthu de dheasca easpa uirlísí cuí measúnaithe, easpa taithí agus de dheasca a n-aineolais ar an fhoghlaim sa chóras tumoideachais.) Dá mbeadh Acht Gaeilge ann, bheadh soláthar is leithne ann do pháistí SRO, soláthar seirbhísí SRO is fiúntaí, idir áiseanna agus sheirbhísí siceolaithe oideachais do scoileanna, cé go nglactar leis nach thar oíche a bheadh sé sin againn. 

Is féidir lena chois sin bheith ag plé le deacrachtaí a chothaíonn teiripeoirí cainte dúinn (cé go bhfuil go leor acu ann atá an-tuisceanach ar fad agus cuid eile a bhfuil a bpáistí féin sa chóras againn) mar earnáil a bhfuil cosaint áirithe de dhíth uirthi. Síos tríd na blianta, ar naíscoil s’againn féin, tharla gur chuir teiripeoirí cainte comhairle ar thuismitheoirí gan a bpáistí a chur ar an ghaelscoil de dheasca snag nó tarraingt sa chaint a bheith ar leanbh. Tuigtear dom nach raibh Gaeilge nó tuiscint don tumoideachas ag na teiripeoirí sna cásanna a raibh mé féin ag plé leo. Arís eile, bheadh cosaint ann don earnáil s’againn agus teacht againn ar sheirbhísí saor ar bhagairt agus ar easpa tuisceana dá mbeadh againn Acht Gaeilge.           

pg59-Bunscoil

Níl príomhoidí/múinteoirí an tumoideachais sna Sé Chontae dall ar na buanna a bhaineann le cosaint an stáit ar son na Gaeilge agus an dreama a bhfuil sí acu. Níl uainn ach na cearta céanna a sholáthraítear do pháistí an Ghalloideachais – sa deireadh thiar thall, is ceist chothromais atá ann. Buanaíonn easpa Acht Gaeilge míbhuntáistí don phobal Gaeloideachais agus is é is measa gur páistí beaga óga a bhíonn thíos leis agus an stát a mhaíonn gur féidir leo aire a thabhairt dóibh, níl sé a dhéanamh nó baol air ag an phointe seo. Bíonn sé deacair agam a chur i dtuiscint do pháistí (a chuireann an cheist) na fáthanna nach mbeidh daoine áirithe ar Chnoc an Anfa sásta tacú le hAcht na Gaeilge cé gur ábhar mór dóchais agam an tsuim a léirítear sa Ghaeilge ag coistí saineolaithe éagsúla agus lucht acadúlachta ar fud na hEorpa agus in áiteanna eile.

Maíonn Pádraig Ó Laighin agus é ag plé buntáistí, polasaithe, dlí agus cosaint oifigiúil don Ghaeilge ó dheas:    

 ‘You can love a language to death if you do not simultaneously ensure its visibility, its usefulness as a resource in everyday life, and its role in the marketplace. This is why the effective functioning of the Official Languages Act and the achievement of official status for Irish in the European Union are highly significant: they will both contribute the viability of the language. More people will speak Irish as a consequence.’ 

Beidh ról lárnach ag páistí an tumoideachais sna Sé Chontae san obair uasal a bhaineann leis an Ghaeilge a chosaint agus a chaomhnú don chéad ghlúin eile – ná déantar amhras dó sin. Tá an t-am anois ann ag polaiteoirí Chnoc an Anfa uilig glacadh le fíric an-bhunúsach: tháinig agus d’imigh cuid mhór feachtas Gaeilge síos tríd na blianta. Tháinig an Gaeloideachas fosta – ach d’fhan sé. Dúirt An Piarsach go mb’fhéidir nach n-éireodh leis féin nó lena chomrádaithe a gcuspóirí a bhaint amach lena linn féin. Gheall sé ag an am, muna n-éireodh leosan, go n-éireodh go geal leis na glúnta óga a thiocfadh ina dhiaidh. Is cinnte go dtiocfaidh an tuar faoin tairngireacht i gcás Acht Gaeilge don phobal agus don mhuintir is luachmhaire ar fad – ár ndaltaí. 

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland