Top Issue 1-2024

27 October 2019

Resize: A A A Print

Tá Acht Gaeilge fiúntach de dhíth, mar a gealladh in 2006 - Dr Pádraig Ó Tiarnaigh

Ní mór go mbeadh an reachtaíocht bunaithe ar riachtanais an phobail, ar an dea-chleachtas idirnáisiúnta agus ar choimitmintí a tugadh roimhe seo. - An Dr Pádraig Ó Tiarnaigh

Is gníomhaí teanga é Pádraig atá gníomhach i mór-fheachtas #AchtAnois An Dream Dearg le dhá bhliain anuas. Is Bainisteoir Cumarsáide é le Conradh na Gaeilge.

Tá muid anois breis agus 1,000 lá gan Rialtas ó thuaidh.

Míle lá ar aghaidh agus tá ceist na Gaeilge fós le réiteach.

 Tá muid anois breis agus 4,750 lá ó gealladh Acht Gaeilge ag Cill Rìmhinn in 2006.

Beagach cúig mhíle lá ar aghaidh agus tá comhaontú ar son na Gaeilge fós le cur i bhfeidhm.

“Nár tháinig siad ar chomhaontú maidir le hAcht Gaeilge sna sé chontae blianta ó shin,” a dúirt duine muinteartha liom níos luaithe i mbliana. “Tháinig”, ar mise, “ach mar a insíonn stair na háite seo go maith dúinn, ní fiú faic iad comhaontuithe múna gcuirtear i bhfeidhm in am iad, mar is cuí agus mar is ceart.” Is ceist é an tAcht Gaeilge ó thuaidh a réitíodh roimhe seo, in 2006.

Tá muid anois ag tarraingt ar thrí bliana anois ó chuir Paul Givan deireadh le sparánachtaí Líofa. ‘Buile maraithe na muice’ mar a cuireadh síos air ag an am, agus daoine ag amharc ar £50,000 a baineadh ó scéim Ghaeltachta Líofa, i mórchomhthéacs an £500,000,000 a bhí i mbéal na daoine sa tseachtain chéanna agus ceist an RHI ag teacht chun solais, nó chun teasa. Mar a tuairiscíodh ag an am, déanfaidh staraithe agus lucht na hanailíse an dá mhéid airgid sin, an dóigh ar caitheadh leo, nó nár caitheadh leo, a mheas ar feadh na mblianta fada atá le teacht. Cinneadh siombalach a bhí ann a spreag pobal na Gaeilge le dul i mbun gnímh ar bhealach nach bhfacthas le blianta fada roimhe sin i mo thuairim 

Ná déantar dearmad gur chuir Paul Givan na sparánachtaí Líofa ar ais in áit. Léiriú a bhí sa chinneadh sin go raibh imní air roimh chumhacht an phobail; nó gur thuig sé gur chuir sé a chos sa chlábar. Mhúscail sé fathach. Fathach a bhí ar tí éirí amach roimhe sin agus sraith leanúnach ionsaithe feicthe againn i gcoinne na Gaeilge agus an chuma ar an scéal go raibh stádas na Gaeilge ag titim in áit bheith ag fás ar bhonn oifigiúil ó thuaidh. Agus ó shin amach tá infreastruchtúr gnímh tógtha agus buanaithe ag An Dream Dearg; feachtas neamhspleách, pobal-bhunaithe atá ábalta daoine a cheangail le chéile, spásanna as an nua a chruthú don fheachtasaíocht agus glúin úr de cheannairí cumasacha teanga a thabhairt chun tosaigh.

Tá 20 bliain anois imithe ó gealladh “ré úr comhionannais” dúinn i gComhaontú Aoine an Chéasta; ó gealladh go ndéanfaí “gníomh diongbháilte” don Ghaeilge agus do phobal a labhartha. Ní hionann “gníomh diongbháilte” dár liom agus polasaithe leatromacha i gcoinne comharthaíochta Gaeilge i gComhairlí ó thuaidh; ní hionann “gníomh diongbháilte” dár liom agus Gaelscoileanna go fóill ann nach bhfuil lóistín sásúil acu; ní hionann “gníomh diongbháilte” dár liom nuair nár cuireadh i bhfeidhm riamh Straitéis chun an Ghaeilge a fhorbairt agus a chosaint, a aontaíodh agus a bhí mar chuid den Chlár Rialtais in 2011 (go háirithe agus breithiúnas stairiúil i gcoinne an Fheidhmeannais san Ard-Chúirt i Márta 2017 ar an cheist seo);  ní hionann “gníomh diongbháilte” dár liom agus eagrais thurasóireachta a dhiúltaíonn an Ghaeilge a chur san áireamh ar ábhar turasóireachta sna hionaid atá acu (Clochán an Aifir, mar shampla maith de seo).

Agus cad é an leithscéal a thugtar dúinn go minic ag lucht séanta ár gceart? “Níl aon reachtaíocht ann a insíonn dúinn nó a thugann treoir dúinn an Ghaeilge a chlúdach. Dá mbeadh a leithéid de reachtaíocht ar fáil, d’fheadfadh muid an polasaí sin a athrú”… Mar sin, bítear ag baint mí-úsáide as an easpa reachtaíochta, an folús reachtaíochta, mar leithscéal gan AON ghníomh nó pholasaí a thabhairt isteach ar son na Gaeilge. Tarlaíonn sé seo ar nós go mbíonn gach dream agus ranna stáit ‘neodrach’ ar an cheist go dtágann an t-am a mbeidh treoir shoiléir reachtúil ann (agus go dtaga an lá sin go luath); ach tá a fhios againn nár chóir dóibh bheith neodrach (don chuid is mó acu is ionann ‘neodrach’ agus “níl muid chun aon chinneadh a ghlacadh nó níl muid chun aon rud a dhéanamh ar an cheist seo”), nó is ionann gníomh neodrach agus gníomh statach, seasta; a mhalairt ón “gníomh diongbháilte” a gealladh in 1998.

Tá muid anois fosta cothrom na míosa agus 13 bliain ar aghaidh ó gealladh Acht Gaeilge mar chuid de Chomhaontú Chill Rìmhinn i mí Dheireadh Fómhair 2006.

Tá an tAcht a gealladh ag an am sin le comhlíonadh agus le cur i bhfeidhm go fóill. Tá an tAcht sin aontaithe, nó tá an chuma a bheadh ar an Acht sin aontaithe, is é sin go mbeadh sé bunaithe ar eispéiris agus ar thaithí na Breataine Bige agus na sé chontae is fiche. 

Nuair a bhíonn daoine ag caint ar ‘ghéilleadh’ agus ar ‘chomhaontú’, ar ‘idirbheartaíocht’ agus ar ‘chomhréiteach’, ní mór go gcuirtear i gcuimhne dó go ndéarnadh an ‘chomhréiteach’ ar cheist na Gaeilge cheana féin. Comhaontú Chill Rìmhinn a thugtar ar an ‘chomhréiteach’ sin. Ag an am sin ‘socraíodh’ go leor ‘ceisteanna’, agus an Ghaeilge mar cheann acu siúd. Tá go leor déanta san am idir sin agus seo chun na ceisteanna nó na socruithe eile sin a chur i bhfeidhm. Níor tharlaigh i gcás na Gaeilge ó shin i leith ach cur i gcéill, ionsaithe, teip agus bréag.

Agus sin go díreach údár ár gcuid imní, mar phobal. Níor réitíodh an cheist seo idir 2006 agus 2016 agus Cnoc an Anfa agus an Tionól ‘ag feidhmiú’, nó suas le trí huaire a tháinig an cheist chun tosaigh agus chuir an DUP agus eile cosc uirthi. 2015 an uair dheireanach nuair a foilsíodh dréacht-Bhille na Gaeilge agus a tugadh faoi chomhairliúchán poiblí ar an cheist.

An toradh? 13,000+ freagra. 94.7% acu ar son Acht Gaeilge.

 An cinneadh sa Tionól? Cros & Veto.

An impleacht ar an phobal? Frustrachas, fearg agus go leor eile.

Níl aon rud atá déanta, ó bhí 2006 ann, nó go háirithe le 2 bhliain anuas agus an cheist

seo faoi chaibidil sna comhchainteanna, a thugann le fios go réiteodh Tionól nuabhunaithe an fhadhb. A mhalairt atá fíor. Ón táithí phianmhar a bhí againn le breis agus 13 bliain anuas, níl aon amhras ann ach gurb í an t-aon bhealach chun reachtaíocht cheart-bhunaithe, láidir agus neamhspleách a chinntiú ná chun sin a aontú agus a shocrú sula gcuirfear aon Tionól nua ar bun arís. Tá muid anois tréimhse fhada gan Chnoc an Anfa, agus cainteanna eadrannacha gan réiteach, cén seans a bheadh ann réiteach na faidhbe a bhaint amach dá mbeadh Stormont faoi lánseol, nuair a áirítear na seachráin uilig a thagann leis? Má tá rud ar bith foghlama againn ó bhí Nollaig 2016 ann, níl lá rúin ag an DUP bheith ag plé le ceist na Gaeilge ar bhealach ar bith sásúil agus an Tionól ar bun arís. Dá mbeadh, bheadh an cheist réitithe anois acu.

Mar sin féin, ní mór dúinn cloí leis an mhéid a gealladh dúinn in 2006 agus Acht Gaeilge láidir a bhaint amach sa deireadh; tógáil ar na ceachtanna ó dheas agus sa Bhreatain Bheag, na láidreachtaí a leanúint agus foghlaim ó na láigí a bhí ann roimhe seo.

Glactar leis go forleathan ag saineolaithe reachtaíochta teanga go bhfuil ceithre chloch-choirnéil ann ar a dtógtar an reachtaíocht féin agus is fríd na bhunchlocha seo a chuirtear an chuid eile den fheoil ar na cnámha. Ní fheidhmíonn an reachtaíocht má bhíonn aon cheann de na cosa seo ar lár; cosúil le cosa ar chathaoir, bain ceann de na cosa agus titeann an rud ar fad. Sin an fáth gur gá línte dearga a dhéanamh de na bunchlocha seo trí chéile... 

Stádas Oifigiúil: go mbeadh an Ghaeilge aitheanta mar theanga oifigiúil anseo. Gan seo níl maitheas ar bith sa rud. Munar féidir linn an Ghaeilge, ár dteanga dúchais, a lua mar theanga oifigiúil anseo, cad é faoin spéir atá ag dul ar aghaidh?

Feiceálacht agus Comharthaíocht: Tá sé aitheanta ar fud na cruinne gur gá mionteangacha a léiriú in áiteanna poiblí chun an teanga sin a normalú agus tuilleadh feasachta a dhéanamh go nádúrtha. Tá an chuid seo barr-thábhachtach don phobal agus an t-éileamh seo anois ag teacht in uachtar mar scrúdú litmis ar aon Acht Gaeilge a thiocfas chun tosaigh. Má tá cosc go fóill ar an teanga in áiteanna poiblí is Acht amú a bheas againn. Tá sé tábhachtach, i ndiaidh an cur agus cúiteamh a thit amach le dhá bhliain anuas, go mbeidh Acht Gaeilge ‘le feiceáil’.

Coimisinéir Teanga: Feidhmíonn an duine agus an oifig seo mar idirghabhálaí idir an pobal, na páirtithe, lucht déanta polasaithe agus an stát. Duine agus oifig neamhspleách, a dhéanfas cinntithe agus socruithe go cothrom, bunaithe ar dhea-chleachtas agus a scaoileann saor ceist na Gaeilge ó chlaontacht pholaitiúil.

Seirbhísí don Phobal: “Níor mhaith liom ach a bheith beo, i mo rogha teanga féin, i mo thír féin, le meas, agus tá dualgas ar an stát an rogha saoil sin a éascú”. Seirbhísí tacaíochta oideachais. Bun-sheirbhísí sna Comhairlí áitiúla. A bheith ábalta ceadúnas tiomána a fháil trí Ghaeilge. Gaeilge a chur ar mo theastas breithe agus eile…

Tá muid i ndiaidh pobal na Gaeilge a thabhairt beagnach go barr an tsléibhe. Ná fágtar ann muid gan ceann scríbe a bhaint amach. Tá deis aonuaire againn anseo rud éigin fiúntach fadtéarmach a bhaint amach. Ná caillimis an deis sin. Ná glacfar le sop in áit na scuaibe. Mo chomhairle arís agus arís eile: munar Acht fiúntach é, ní fiú é.

Follow us on Facebook

An Phoblacht on Twitter

An Phoblacht Podcast

An Phoblacht podcast advert2

Uncomfortable Conversations 

uncomfortable Conversations book2

An initiative for dialogue 

for reconciliation 

— — — — — — —

Contributions from key figures in the churches, academia and wider civic society as well as senior republican figures

GUE-NGL Latest Edition ad

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland