Top Issue 1-2024

30 September 2018 Edition

Resize: A A A Print

De Profundis - As an duibheagán

Daichead bliain ó shin bhí Gluaiseacht na Poblachta ag teacht i dtaithí ar straitéis ‘An Chogaidh Fhada’. Bhí rialtas na Breataine faoi cheannasaíocht James Callaghan agus Roy Mason ag leanstean go fíochmhar le polasaí an choirpeachais agus ní raibh a fhios ag duine ar bith againn cad é an deireadh a bheadh air. Bhí an láthair streachailte is fíochmhara ar fad sna Blocanna H agus i gCarcair Ard Mhacha, áit a raibh cimí lomnocht ag troid in éadan Mason agus a leithéid a bhí ag maíomh go raibh siad ag brú Óglaigh na hÉireann mar a bheadh taos fiacla i bhfeadán iontu.

Ag tús 1978 bhí mé féin i mBloc H4. Bhí mé liom fein sa bhloc agus leanfadh seo ar aghaidh go gceann trí mhí go dtáinig Mark Hannigan ón Srath Bhán, Thír Eoghain ar an agóid. Bhí comhluadar agam arís. Mhothóinn in amanna gur mhian liom Sailm 130 an De Profundis a scairteadh amach in ard mo chinn, ach ós rud é nar chreid mé i nDia ní bheadh aon fhiúntas ann ach is deacair an dúchas inár tógadh thú a thréigean.

Líon an sciathán go gasta ina dhiaidh sin agus sular tugadh mé go Bloc H6 ag deireadh 1979 bhí trí sciathán iomlán ann. Nuair a bhí mé liom féin sa bhloc thiocfadh na bardairí le stocaí thar a gcuid buataisí sa dóigh is nach gcluinfinn iad ag teacht. Ní labharfadh siad in am ar bith faoi éisteacht s’agam. Ach bíonn cluasa géara ar an chime agus bhí mé ábalta i rith ama iad a chluinstean ag teacht agus ag imeacht. Ní raibh a fhios agam cé chomh fada agus a bheinn liom féin. Bhí spás go fóill i mBloc H3 agus ní raibh aon ghá ag na bardairí daoine a chur isteach liom. Chinn mé go mairfinn sa bhomaite gan a bheith ag smaoineamh ar an todhchaí, mar luíonn mireacht agus trioblóid ar an bhealach sin. Mheabhraigh mé ar Tomás Ó Cléirigh, ó Dhún Geanainn, a rinne 15 bliain i bpríosúin i Sasana faoi ‘riail an chiúnais’. Thainig Ó Cléirigh amach as an phríosún le spiorad s’aige chomh láidir agus a bhí sé ariamh. Bhí sé ar an duine a tugadh an ónóir dó chun Forógra na Cásca 1916 a shíniú roimh an seisear eile, Sean MacDiarmada, Tomás MacDonncha, Pádraig Mac Piarais, Eamonn Ceannt, Séamus Ó Chonghaile agus Seosamh Ó Pluincéid. Bhí an Forógra de ghlanmheabhar agam agus b’éigin domh é a scríobh amach i nGaeilge gach Cáisc le go mbeadh sé léite amach i ngach sciathán Domhnach na Cásca. Bheadh an seachtar calma seo mar ionspioráid againn agus muid ag pleanáil an chéad stailc ocrais i 1980.

Le linn m’ama i bpríosún bhí sé de nós agam éirí go luath ar maidin, nós a bhí agam ó na laethanta a mhusclóinn agus Raidió Éireann á craoladh ag m’athair le linn dó a bheith ag ullmhú breacháin dúinn agus muid óg. Nós é a d’fhán liom agus atá go fóill agam. B’aoibhinn liom breathnú ar na préacháin agus iad ag déanamh a mbealach lena gcuid ruathair a dhéanamh ar ghoirt na bhfeirmeoirí. Bhí iontas orm fáil amach cé chomh eagraithe agus a bhí na préacháin. Bhí an-dúil agam breathnú ar an dóigh a thug siad cosaint do na hóganaigh agus iad ag eitilt leis an ealta. Thiocfadh na préacháin le breacadh an lae, iad ar dtús ina bpéirí. Eitleodh na péirí seo i líntí díreacha faoi phatrún greille. Beirt ag eitilt aneas, beirt anoir agus beirt aniar. Phillfeadh na cinn aduaidh agus ansin thiocfadh an ealta le chéile, na péirí ag eitilt píosa ar shiúil ón phríomhealta. Leis na sciatháin ag bogadh go mall agus cuid ag coinneáil na cinn óga istigh sa phríomhealta, bheinn faoi dhraíocht acu. Rinneadh an rud céanna ach é droim ar ais san iarnóin sula dtéadh an ghrian a luí. Dhéanainn iad a leanstan go mbíodís as radharc agus ansin leanfainn i mo shamhlaíocht iad mé ag breathnú anuas ar na gortanna lán bia, áit a mbeadh srutháin ag lúbadh a mbealach fríd bruacha lán fraoich agus aitinn. Nuair a bhí mo shaith agam de seo léinn mo Bhíobla agus shiúilfinn idir 3 agus cúig míle, sé choschéim i dtreo an dorais, an méid céanna i dtreo an na fuinneoige. Ansin dhéanfainn scéal a aithris i m’intinn féin agus sula mbeadh a fhios agam bheadh an dinneár curtha ar an urlár taobh istigh den doras, na bardairí ag seasamh taobh thiar den choirpeach a bhí i mbun dualgais dinneára, iad chomh dubh leis na préacháin agus chomh ciúin le taibhsí. Choinneoinn píosa beag bia gach lá le tabhairt do na glasóga, do na gealbhain, do na druideanna agus don chorr bhuíóg a bheadh i gcónaí thart ar an chlós taobh amuigh den fhuinneog. 

BLOCKS3

Is cuimhin liom cur is cúiteamh mór faoi na héiníní a bhí ann idir Bobby Sands agus Ginty Lennon agus muid i mBloc H6. 

“An bhfeiceann tú an bhuíóg ansin Ginty.” 

“Gealóg atá ann.”

“Mo thóin amharc air is buíóg é, níl dabht ar bith ann.” 

Chuaigh siad ar aghaidh mar seo ar feadh tamaill go dtí gur chuir Bobby deireadh leis an phlé a rá.

“Búíog atá ann agus sin é.” 

“Cad é mar atá a fhios agat?”

“Bíonn siad i gcónaí congárach do na srutháin.” 

“Ca bhfuil an sruthán anseo?” 

“Ar an taobh eile den bhalla sin.” 

“Cad é mar atá a fhios agat sin?”

“De thairbhe go mbíonn buíóg i gcónaí sa chlos.”

Ó thaobh brúidéileachta bhí Bloc H4 ina ifreann, díreach mar a bhí Bloc H3. Ba le linn mo chuid ama i Bloc H4 gur chinn na bardairí ‘folcadán’ a thabhairt dúinn. Thosaigh sé go luath ar maidin agus lean sé ar feadh cupla uair a chloig. Fosclaíodh an chéad doras agus tharraingeodh na bardairí an chéad chime amach le cuid mhaith greadaidh agus tormáin. Chuala muid uilig an screadach agus an ruaille buaille ag dul ar aghaidh tamall. Bhí mise ag bun an sciatháin, Séamy Bradley ó Dhoire Theas a bhí béal dorais liom ag an am, muid i gcillíní aonair. Nuair a thaáinig seal s’agam, tharraing na bardairí amach mé, mo lámha ina nglaic ag beirt acu. Bhí tabla i lár an sciatháin. Ritheadh mé i dtreo an tábla agus rinne siad mé a phlabadh in éadan an tábla. Sheas beirt bhardaire ar mo chosa. Tháinig an tríú bardaire agus sháith sé méar isteach i mo chorp ‘le cuardach a dhéanamh’. Tógadh mo chosa agus caitheamh mé bun os cionn thar an tábla. Rug siad gréim orm nuair a landáil mé agus tharraing siad mé chuig cathaoir ag barr an dorchla a raibh an ‘Dochtúír’ ina shuí air le slat beag ina láimh aige. Thóg sé mo chuid gruaige leis an slat agus é a rá “Lice infested, clean and shave this specimen”.

Tharraing siad mé thart an choirneál, áit a raibh folcadán, doirteáil agus leithris. Caitheamh mé isteach i bhfolcadán fuar agus ansin spréigh siad amach ar an urlár mé i bhfoirm cros céasta, cos bardairí ar mo dhá lámh agus ar mo dhá chos. Ansin thosaigh ceathrar acu do mo sciúradh le scuabanna clois. Nuair a bhí sé seo thart tharraing siad mé chuig cathaoir plaisteach sheas beirt acu ar mo chosa agus choinnigh beirt eile greim daingeán ar mo lámha. Bhí duine eile acu ag bualadh san aghaidh mé a rá “your number is 289 scum. Say it.” Choinnigh mé mo thost. I ndiaidh tamaill de seo tháinig bardaire eile le deimheas leictreach. Bhain siad mo ghruaig díom agus d’fhág siad mo chloigeann ina phráchás, líntí beaga gruaige fágtha anseo is ansiúd. Bhí orm ansin, cosúil leis na cimí eile romham agus i mo dhiaidh ‘rith an lámhainn’ a dhéanamh, líne bardairí i scuaine fada iad uilig ag iarraidh mé a bhualadh. Caitheamh mé sa deireadh isteach i gcillín sa sciathán eile, áit a raibh cime eile ann. Dean Crossan a bhí ann, fear ó cheantar Chluain Ard i mBéal Feirste. Bhí na bardairí i ndiaidh nead beag gruaige a fhágáil ar bharr a chloigeann. 

Nuair a bhí an duine deireannach curtha ina chillín ag na bardairí rinne muid cuntas a ghlacadh ar na príomh sonraí maidir le gortuithe. Breacadh sin síos le cur amach ar chuairt leis an scéal a insint don domhán. Ansin scairt duine de na cimí amach “chuig na doirse a ghasúirí”. Sheas muid gur cheol muid amach in ard ár gcinn agus d’aonghuth “A Nation Once Again’, nós a thosaigh Martin Hurson, a bhfaighfeadh bás ar an stailc ocrais ar an 13ú Iúil 1981 i ndiaidh 44 lá gan bhia. Rinneamar seo i gcónaí i ndiaidh aon mhór imeacht bruidéaileachta le cur in iúl do na bardairí nach raibh spiorad s’againn íslithe acu.

BLOCKS2

• Martin Hurson

Ba le linn ama s’agam i mBloc H4 a cuireadh daoine ar sciathán s’againn ón UDA agus UVF agus iad ar agóid na pluide. B’iad na daoine is fáide acu a d’fhán ar an phluid ná Tommy ‘Isaac’ Andrews agus Sam McClean, ar bhaill den UDA iad. Rinne an beirt seo trí bhliain ar an agóid, cé nach raibh siad ariamh ar an agóid gan ní. Rachfadh Tommy Andrews, Sam McClean, Sam Courtney, Norman Earle agus Bobby Adams ón UDA mar aon le Jim ‘Tonto’ Watt ón UVF ar stailc ocrais nuair a bhí stailc ocrais na bPoblachtánach i 1980 ag tarraingt chun deiridh. Bhí Tommy agus Sam béal dorais liom ar feadh tamall i mBloc H4 agus fear ón UVF, Robert Campbell sa chillín ar an taobh eile. Níor fhán Robert Campbell i bhfád, rud a bhí coitianta go leor i measc cimí ón UDA agus UVF. Bhí fear eile ón UDA a d’fhán fada go leor fosta mar a bhí Billy ‘Twister’ McQuiston. Bhí duine eile ón UVF ar an phluid ar feadh tamaill mhaith fosta. Victor Hanna a bhí ann agus le linn dó bheith ar an phluid, mharaigh Arm na Breataine deartháir s’aige nuair a rinne siad luíochán ar thriúr Óglach, Jim Mullvenna, Dinny Brown agus Jake Mailey ag Oifig an Phoist i mBaile na Saileáin, Ní bhfuair Victor cead ó na húdaráis freastal ar thorramh a dhearthár William. Ag an chuid is mó sna laethanta luatha bhí uasmhéid de 40 cimí dílseacha ar an phluid. D’fhág siad uilig i ndiaidh an chéad stailc ocrais faoi dhianordú óna gcuid ceannairí ar an taobh amuigh. Bhí ardmheas agam ar na daoine a rinne seal fada ar an phluid, rinne siad cion fir agus beart de réir a mbriathar.

Ag pointe amháin bhí duine de Bhuistéirí na Sean Chille, Lenny Murphy, ar an phluid ach níor mhair seisean ach coicís. Shíl mé ariamh gur sícipeatach naircisíocht a bhí i Murphy nach raibh aon pholaitíocht aige seachas é fein agus nuair a chríochnaigh sé i ról an choirpigh a raibh sé de dhualgas air tae a thabhairt dúinn ní ólfainn é. Mharaigh ÓNH Murphy ar an 16ú Samhain 1982.

Maidir leis na cimí ón UDA a d’fhán ar an phluid ghlac siad páirt i ndíospóireachtaí linn agus phléigh mé féin rudaí go mion le cuid acu. Ni fheicfinn Tommy nó Sam go gceann 39 bliain.

Fuair mé scairt guthán i Mí an Mhárta 2018 ó Tommy a bhí ag obair le neacht mo chéile Chrissie. Chuir sé ceist orm an mbeadh suim agam caifé a ól leis, ar ndóigh bhí me breá sásta bualadh leis arís. Bhuail muid le chéile i gCultúrlann MacAdam Ó Fiaich ar an 21ú Márta.

Nuair a bhuail muid le chéile dúirt Tommy liom: “My God Jake it is great to see you. The last time I saw you was when steam was pouring into our cell through the hole in the wall and you were screaming at the top of your lungs.”

Thug sin mé ar ais go Bloc H4 agus an lá a chinn na bardairí go gcaithfeadh siad uisce fiuchta thart orainn. Thosaigh sé i ndiaidh am lóin nuair a tháinig na bardairí ar ais ó shos s’acu. Ba mhinic a thiocfadh siad ar ais agus braon maith ólta acu. Am contúirteach é seo i gcónaí dúinn nó tharlódh go leor ionsaithe ar chimí agus na bardairí ar ais ar an sciathán ag 2.00in.

Ar an lá seo chuala muid cuid mhaith tormáin ag barr an sciatháin agus bhí a fhios againn go raibh rud éigin ar bun acu. Ansin fosclaíodh an chéad chillín a raibh Gerry Dowdall ann. Chuala muid na bardairí ag scairteadh air: “Stay still you bastard.” Ansin chuala muid steall uisce agus torann duine i bpian. Scairt Gerry amach: “in ainm Dé tá an t-uisce fiuchta.” Bhí muid uilig faoi eagla dochreidte. Lean na bardairí leo ó chillín go cillín. Bhí sé millteanach ar na daoine a bhí faoi ionsaí ach níos measa fós dóibh siúd a bhí ag fánacht ar sheal s’acu. Fosclaíodh doras s’agam go tobann agus bhí triúr bardaire ann. Bhí aithne agam orthu uilig agus bhí beirt acu ar na hainmhithe is measa i measc na droinge a bhí ar Bloc H4. Bhí an tríú duine ina Sasanach agus leis an fhírinne a rá ní raibh sé ar an duine ba mheasa. Scairt duine acu orm: “You’ll have to wait your turn. You’re the bastard giving the orders in here and we’re keeping a special treat for you ‘til the end.” Stán mé air ach níor labhair mé focal leis.

BLOCKS4

Thosaigh mé ag ullmhú i m’intinn den uafás a bhí le teacht, mé ag éisteacht i rith ama leis an chéasadh agus leis an fhulaingt a bhí ag dul ar aghaidh. Go tobann thit tost ar an sciathán a bhí ní ba mheasa ná an torann ó ifreann a bhí ann roimhe.Tar éis cúig bomáite, cé gur mhothaigh sé mar an tsíoraíocht tháinig an bheirt bhardaire ar ais. Fosclaíodh mo dhoras agus dúirt duine acu liom go ciúin: “Our friend is up boiling some water so that it’s nice and hot and fresh. See you shortly scumbag.” Bhí mo chroí i mo bhéal, bhí mo chorp iomlán ar aon bhall creatha. Dúirt mé liom fein i m’intinn nach raibh mé chun béic a ligean nuair a tháinig am na cinniúna.

Tharraing mé an phluid thart orm chomh teann agus a dtiocfadh liom agus d’fhan mé leo. Fosclaíodh an doras arís, bhí mise i mo sheasamh i lár an chillín le mo dhroim leis an doras. Dúirt duine acu i nguth íseal a bhí lán fuatha agus nimhe: “Pull that blanket off the bastard I want him properly scalded.” Baineadh an phluid uaim agus theannaigh mé mo chorp lomnocht. Caitheadh buicéad uisce thart orm a bhuail mé ón mhuineál síos go dtí an tóin. M’anam le Dia lig me béic a mhusclódh na mairbh. Níor mhothaigh mé pian cosúil leis ariamh. Preabadh an doras agus ní thiocfadh liom bogadh ar feadh tamaill. Mhothaigh mé na spuaiceanna ag ardú ar mo mhuineál, ar chúl mo lámha uachtar agus ar mo dhroim. Bhí Sam McClean duine ón UDA ag labhairt faoin pholl sa bhalla ag iarraidh fáil amach an raibh mé i gceart. Ní oibreodh mo ghuth.

Tar eis tamaill shocraigh mé rud beag agus smaoinigh mé go raibh an tocht ar a laghad tirim, nó níor aimsigh an t-uisce é. Tá an intinn dothuigthe in amanna. Fosclaíodh an doras arís agus bhí mé réidh le caoineadh. Bhí an Sasanach ann leis féin. Chaith sé feadán uachtar antaiseipteach ‘Germaline’ ar an urlár. “You’d best put that on,” a dúirt sé. Ansin chuir sé trí thoitín, “Gallaghers Blues” i mo láimh a rá: “Have yourself a wee smoke. You deserve it after what you’ve been through.” Agus d’imigh sé. Ní raibh na focail agam cur síos i gceart a dhéanamh ar an mhéid a tharla agus leis an fhírinne a rá 40 bliain ina dhiaidh níl na focail agam go fóill.

Amach as na Blocanna sin agus amach as an íobairt a rinne na Stailceoirí Ocrais thainig dóchas úr agus i 2018 is féidir a rá nar éirigh le Callaghan agus Mason nó le duine ar bith eile a tháinig ina ndiaidh an streachailt a bhriseadh cé go bhfuil bealach fada le dul againn sula bhfeicfimid Éirí na Gealaí mar a dúirt Bobby Sands.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland