Top Issue 1-2024

30 October 1997 Edition

Resize: A A A Print

Fáid ón mBreatain Bheag

Seoladh teachtaireachtaí comhbhróin ó mhaithe agus móruaisle nuair a fuair Geoge Thomas, an Bíocunta Tonypandyt, bás an mhí seo caite. Sé lá roimhe sin d'éag Cliuff Bere (a rugadh i 1915). Pobal de chineál eile ar fad a chronaigh é siúd.

Rugadh Cliff Ifan Bere in Burnley, Lanchashire, do thusimitehoirí Breatnacha. (Dhá shiolla atá in Bere, sloinne Breatnach a thagann ó chaisleán Bere a thóg Llywelyn Fawr sa 13ú haois mar chosaint in éadan na Sasanach.) Rinne Bere staidéar ar an dlí i gColáiste Ollscoile na Breataine Bige, Abertawe/Swansea, agus in Ollscoil Londan. Tiomándadh isteach in arm Shasana é le línn an dara cogadh domhanda agus cuireadh go dtía n Afraic Thuaidh é. Ba ansin a shcoraigh sé go dtoidfeadh sé fasta ar son a thír dhúchais, an Bhreatrain Bheag.

Ba é Bere príomhbhunaitheoir Ghlausieacht Phoblachtach na Breataine Bige, eagraíocht a mhair ó 1948 go 1957. Eisean a dhréachtaigh forógra nó manifesto an chumainn. An file Harri Webb (a raibh eolas maith aige ar chúrsaí na hEireann) agus Gwilym Prys Davies an bheirt eile ba mhó a bhí chun tosaigh sa Ghluaiseacht. Bhunaigh Webb agus Bere siopa leabhar in Pont-y-bont ar Ogwr/Bridgend i 1951 ach níor éirigh leis mar ghnóthas.

Is i gceantair thionscalaíocha dheiscearta na tíre ba mhó a bhain an Ghlauiseacht tacaíocth amach ach ní raibh sí láidir riamh. Ba dhaoine iad lucht na heagraícohta a bheadh in eite chlé Pháirtí an Lucth Oibre marach meon frithnáisiúynta an pháirtí sin. Ba é meas Bere ar Anuerin Bevan gur ``lost leader of his class and peole'' a bhí ann.

Cé gur chuir an Ghlauiseacht iarrthór amháin ar ahgaidh in olltoghchánb 1950 (in Ogmore) ba trí agóidícht sráide ba mhó a tháinig siad faoi bhráid an phobail. D'eagraigh siad cruinnthe stráide ar fud ghleannta na Bretaine Bige theas. Bhí feachtais acu faoin scrios a bhí á dhéanamh ar thionscail an ghuail agus na cruach agus an chaoi a riabh duganna Caerdydd/Cardiff á ligint el sruthy. Thugaidíus íde na muc agus na madraí do pholaiteoirí mar David Maxwell-Fyfe (a bhí ina Aire Stáit don Bhreatain Bheag sular ardaíodh an post go seasamh Rúnaí Stáioyt le suíochán sa chomhaireacht) ar ar ghairm siad an soibrquet álainn ``Dai Banasa.''

Chuir siad in éadan na coinscríofa sa Bhreatain Bheag nach níor shíocháiniathe iad - thar siad go mbeadh gá le harm Breatnach amach anseo. I 1953, tráth corónaithe na Banríona Eilíse, thionscain siad feachtas in aghaidh na monarcachta, feachtas nach raibh mórán tacaíochta ann dó ag an am. Bhíodh Bere i dtrioblóid go minic as an Union Jack a dhó ag cruiniteh poibilí agus nírobh iad an póilíní amhjáin a bhíodh anuas air ach an chosmhuintir a bhí fós dallta le geaileamaisícoth na himpireachta. Ba ar éigean a thug sé na cosa slán leis go minic agus daoine ag iarraidh léasadh a thabhairt dó.

Bhunaigh an Ghluaiseacht Phoblachtach Bhreatnach páipéar i 1954, The Welsh Republican, a mhair cúpla bliain. Ní dhíoltaói ach na céadta cóipeanna, seachas na mílte, ach bhíodh caighdeán maith ann ó taobh scríbhneoireachta agus leagan amach de. Bere a scriobhadh an chuid is mó de agus eisean ba mhó a dhíoladh an páipéar.

Nuair a thit an Ghluaiseacht óna chéile i 1957 d'imigh cuid de na baill isteach i bPáirtí an Lucht OIbre. Bhí s´∑e i ndán do Gwilym Prts Davies a bheith ina fheisire parlaiminte agus ina urlabhraí ar chúrsaí na Sé Chontae sa freasúra in Westminster. Ba é an Davies céanna a bhí sa dara háit i bhfothogchán stairiúil Caerftrddin/Carmarthen, Iúil 1966, nuair a bhuaigh Gwynfor Evans an suíochán.

Ní raibh Cliff Bere s´zsta dul isteach i bPáirtí an Lucht Oibre. Sochraigh sé ar dhul isteach in Plaid Crymru mar a bhain sé meas amach mar oibrí díograiseach nach riabh a shárú ar fáil. Níor shéan sé a phoblachtachas riamh agus ní go rómhaithe a réitigh sé i gcónaí le ceannaireacht ``mheasartha'' an Blaid ach b'fhearr leis leathbhullán ná arán ar bith. O thráth go chéile san 1960í agus na 1970í bhí lámh aige in imeachtaí mídhleathacha i ngan fhios don saol mór. Bhí sé faoi bhráid c´7uirte ar roinnt ócáid ach ní rabhthas in ann aon rud a chruthú.

Bhain sé slí bheatha amach mar ealaíontóir grafach i Múseam Náisiúnta na Breataine Bige in Caerdydd. Scríobh sé úrscéal I Was a King agus anuraidh foilsíodh The Young Republicans, a chuntas ar an nGluaiseacht Phoblacht Bhreanach. Bhí Breatnais ar a thoil aige.

Fear ciúin lách a bhí ann in ainnoin go mbíodh cáil air tráth mar chainteoir poiblí agus mar fhear agóide. Cheil an ciúnas sin intinn ghéarchúiseach agus spioradh diongbháilte. Níl mórán cainte ar Cliff Bere le hais leithéidí George Thomas, fiú sa Bhreatain Bheag. Ach beidh. mahir sé roimh a am.

Colm de Faoite

Comhdháil Saoirse


Beidh Saoirse ag eagrúi comhdháil dona baill go léir i gCumann na Meirleach ar an 30 Samhain idir 3.00 agus 6.00. Cuirtear fáilte roimh na coistí áitiúla ar fud a Sé Chontae agus ar fud na tíre teacht ann, agus de reir le Martin Meehan, beidh trí sheisiún ar abhar difriúil le linn an lae. Siad na téamaí a pléifear an an lá féin ná: na céachtanna a d'fhoglaim daoine ón fheachtas diereannach. Chomh miath le sin scrúdófar bealaí ionas go mbeidh an bunus is láidre agus is leathna sa bhaile agus thar lear chuig scaileadh saoir na cimí ar fad. Sé an triú téama ná an cheangail idir scaoieadh saor na gcimí agus leathnú amach an phróisis síochána.

Beidh aoíochaintoirí ag an chomhdháil, ina measc gaoil na gcimí i Sasana agus eagraitheoirí an Fheachtais Saoirse. osclóidh Gearóid mac Adamh an chomdháil agus táthar ag súil go mbeidh ionadaithe ann ón SDLP, Faianna Fáil, agus an Chléir. Beidh dl´8iodóirí i láthair chun labhairt ar an taoibh dlí de.

Ghlaoigh Martin Livingstone, Ceannaire Roin na gCimí, ar iarchimí fhreastal ar an gchruinniú. `Tá na mílte iarchimí i gach cearn den tir, daoine a thuigeann tábhacht na bpríosún sa phróiseas seo, agus t'mé ag iarraidh orthu dul i ngleic leis an dushlán seo, agus bheith páirteach san fheachtas Saoirse nua'.

Agus dhlaoigh Eoghan Mac Cormaic ar dhaoine a bhí páirteach sa chéad fheachtas cabhair a thabhairt d'athtogail Saroise aris anois. `Is ceist lárnach é scaoileadh saor na gcimí, agus cuideoidh an Comhdháil seo le straitéis a chur taobh thiar den chuspóir atá ag Saoirse'.

Chomh maith leis na aoíchainteoirí ag an trí sheisi´n, beidh deis ag lucht na comhdhála na téamaí a scrúdú go doimhin, agus tá dóchas ag an lucht eagraiteh gur Chomhdháil `oibre' a bhéas ann.

Tá, ar ndóigh, go leor imeachtai ar na heagrú i mbailte ar fud na hEireann do Mhí na gCimí, Mí na NOllaig. Beidh an comhdháil seo ina thús maith d'imeachtaí na míosa agus d'iarr Martin Meehan ar cheantair nach bhfuil eolas tugtha acu dó faoina gcuid imeachtaí Saoirse, dul i dteagmháil leis chomh luath agus is féidir.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland