Top Issue 1-2024

3 July 2017 Edition

Resize: A A A Print

Bhuel is féidir rud amháin a rá i bhfábhar Varadkar!

• Leo Varadkar

TÁ SÉ DEACAIR, aon rud maith a rá faoin Taoiseach nua, Leo Varadkar.  Tá dearcadh glan Thatcherach aige, agus  níl aon chómhbhádh léirithe aige dona daoine is mó buailte sa tír seo ar chor ar bith.

Bheadh sé deacair i gcomortas idir é féin agus Mícheál Martin, ceannaire Fhianna Fáil, maidir le nimh in aghaidh Phoblachtánaigh, ach tríd is tríd ní mór duinn gach iarracht a dhéanamh fail réidh leis chómh luath agus is féidir.

Ach tá scéal amháin ann go dtagann Varadkar amach sa gcéad áit ann, agus sé sin an Ghaeilge.

Roinnt blianta ó shoin, nuair ba bhrionglóid uafáis an smaoineamh go mbeadh sé ina Thaoiseach, dúíirt Varadkar go poiblí gur chóir go mbeadh Gaeilge agus Bearla ag Taoiseach na hÉireann, agus thug sé faoin teanga a fhoghlaim.

Agus is cosuil go bhufil dul chun cinn mór déanta aige agus leibhéal a ceathair de reir na stáitsheirbhíse bainte amach aige.

Ar ndóigh, d’eirigh le Joe McHugh an rud céanna a dhéanamh.  Bhí lucht labhartha na Gaeilge ar buile nuair a ceapadh McHugh mar aire sóisearach na Gaeltachta agus gan an teanga a thoil aige. Arís, thug sé go dáiríre agus tá se in ann comhrá nádúrtha a dhéanamh as Gaeilge le duine ar bith anois.

Ach sé an rud is fearr faoin scéal seo ná gur aithin na daoine seo an tabhacht náisiúnta – thar tábhacht phearsanta – a bhaineann le cumas sa teanga a bheith ag daoine móra sa bpolaitíocht.

Rud eile a dhein Varadkar nuair a bhí sé ina Aire Iompair, i 2913 ná gur chinn sé comharthaí bhóthair nua a chur amach a mbeadh cothromas méid is stíl ag an dá theanga ann – mar atá ag an nGáidhilg i gCríocha Garbha na hAlban, ag an bhFraincis is an Ísiltíris i réigiún an Bhruiséil agus mar atá le teangacha éagsúla ar fud an domhain.

Chuir na stáitsheirbhísigh – ar fuath leó an teanga is cosúil – i gcoinne an mholadh seo go fíochmhar.  Chothódh se mí-shábháilteacht, dúirt siad, cé gur ait nach gcothaíonn a leithéid mí-shábháilteacht in aon tír eile.

Mura léor sin dúradh ina choinne go gcuirfeadfh sé turasóirí ar strae (cé nach gcuireann in aon tír eile) nó go mbeadh sé ró-chostasach, cé gur ionann an costas ar chomhartha mar atá faoi láthair agus comhartha mar bheadh faoi mholadh Varadkar.

Ach ansin cuireadh Varadkar i roinn stáit eile, agus dhiúltaigh a chómharba sa Roinn Iompair, Pascal Donohoe, dul ar aghaidh, diúltú a dhearbhaigh an té atá i bhfeighil an dualgais sin anois, Shane Ross.

Ach tá an scéal ar ais ar an gclár oibre is cosúil.  Dúirt Varadkar le Tuairisc.Ie gur mhaith leis go ndéanfai an t-athrú seo agus go bpléifidh sé an scéal le Ross.

Sea, mar adúirt comhfhreagraí amháin ar Thuairisc go raibh sé buartha nach mbeidh an dara rogha aige ach vótáil dhó!

Ni fhéadfainn dul chómh fada sin mé féin, ach má dhéanann sé é beidh moladh mór amháin ar a laghad tuillte aige.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland