Top Issue 1-2024

3 July 2017 Edition

Resize: A A A Print

Uafás na Palaistíne ar Scáileán

Scannán nua déanta ag bunaitheoir Riverdance le muintir na Palaistíne

Tá drogall ar na meáin an scéal seo a chlúdach ar chúis amháin nó ar chúis eile agus táthar ar brath orainne tacú leis na h-iarrachtaí seo

TÁ CLÁR faisnéise nua faoin bPalaistín léirithe ag na deartháireacha John agus Gerry McColgan i gcomhair leis an eagraíocht charthanachta Trócaire, a thugann sracfhéachaint uafásach, daonna, ar an cos ar bolg agus cruatan a fhulaingíonn muintir na Palaistíne ar an mbruach Thiar, I Hebron agus i nGaza.

Is díol suntais é, gur éirigh leis an mbeirt scannánaíocht ar bith a dhéanamh ansin i bhfianaise chomh géar is atá slándáil Iosrael ag dul isteach is amach. Is údar iontais níos mó é, gur éirigh leo an t-ábhar a thabhairt amach as agus scannán, lom scanrúil a chur i dtoll a chéile a spreagfaidh díospóireacht agus le cúnamh Dé gníomhartha praiticiúla, chun na sáraithe cearta daonna tromchúiseacha atá ag tarlú a thabhairt chun solais.

Dar ndóigh, tá aithne ar fud an domhain ar John McColgan mar dhuine de bhunaitheoirí ‘Riverdance’ agus chaith a dheartháir Gerry roinnt mhaith blianta in RTÉ agus ó shin ag léiriú cláir faisnéise agus scannáin a bhfuil cáil idirnáisiúnta bainte amach acu.

Ina scannán, ‘This is Palestine’, leantar John McColgan, atá ceaptha ag Trócaire mar Ambasadóir d’obair na h-eagraíochta, tríd an Bhruach Thiar, Hebron agus Gaza, áit ar chas sé le daoine atá faoi chois agus an dream atá dhá choinneáil sa ngéibheann sin. Scannán chumhachtach, caoga nóiméad atá ann, a seoladh le déanaí i mBaile Átha Cliath agus fite fuaite tríd tá agallaimh le daoine a chaill a dtithe, a dhaoine muinteartha agus a gcuid tailte, de bharr forlámhas na coimhlínte reatha. Cuirtear Palaistínigh agus Iosraelaigh, atá ag obair as lámha a chéile ar son cearta daonna agus síochána a bhaint amach, faoi agallamh sa chlár chomh maith.

Tá sé leath chéad bliain i mbliana ó chuaigh arm Iosrael isteach sa Bhruach Thiar ar dtús agus deich mbliana ó cuireadh imshuí Gaza ar bun. An cuspóir a bhí ag muintir McColgan agus ag Trócaire ná aird mhuintir na hÉireann agus an pobal idirnáisiúnta a tharraingt ar an uafás seo arís agus muid ar fad a spreagadh lenár gcion féin a dhéanamh féachaint leis an scéal a leigheas.

pg12-1

Is scannán deá-dhéanta é seo, ach níl sé éasca breathnú air. Léiríonn na pictiúr an scrios iomlán atá déanta ar bhailte, tithe, agus teaghlaigh. Bhrisfeadh sé do chroí a bheith ag éisteacht le cuid de na scéalta pearsanta ó thuismitheoirí a chaill a gcuid gasúir in ionsaithe, gnáth dhaoine atá dhá dhíbirt as tailte a muintire théis na céadta bliain agus oibrithe fóirithinte atá ag snámh in aghaidh easa ag iarraidh an saol a dhéanamh beagán níos sábháilte agus níos compordaí do na daoine truamhéalach seo.

Is gné amháin atá sa scannán seo d’fheachtas níos leithne atá ar bun ar Trócaire faoi láthair, leis an ábhar seo a choinneáil i mbéal an phobail. Bhí taispeántas acu gar d’ionad siopadóireachta Faiche Stiabhna le déanaí chomh maith, a bhí mar mhacasamhail d’ábhar a bheadh caite amach ag saighdiúir as tigh Palaistíneach i ndiaidh do chlann a bheith díbeartha.

Tá achainí ar-líne don Aire Gnóthaí Eachtracha bunaithe chomh maith ag www.trocaire.org. Táthar ag iarraidh ar an Rialtas seasamh níos láidre a thógáil agus ceannródaíocht idirnáisiúnta a thabhairt maidir le h-aitheantas a thabhairt do Stát Phalaistíneach, mar atá luaite sa chlár Rialtais. Táthar ag iarraidh go gcuirfear deireadh le h-imshuí Gaza agus leis an díshealbhú atá ar bun ag Iosrael. Éilíonn an t-achainí chomh maith nach mbeadh infheistiú dhá dhéanamh ag comhlachtaí Éireannacha in aon gnó a bhainfeadh le díshealbhaithe mídhleathacha Iosraelacha agus go mbeadh cosc san AE ar thrádáil den chineál sin freisin.

Is féidir leatsa do chuid féin a dhéanamh. Is féidir leat tacú leis an bhfeachtas. D’fhéadfá an t-achainí a shíniú agus a scaipeadh ar do lucht aitheantais. Cén fáth nach dtéann tú i dteagmháil le Trócaire chun taispeántas don scannán a shocrú i do cheantar féin agus imeasc do chomhghleacaithe?

Tá drogall ar na meáin an scéal seo a chlúdach ar chúis amháin nó ar chúis eile agus táthar ar brath orainne tacú leis na h-iarrachtaí seo ar aon bhealach praiticiúil gur féidir linn. An mbeidh tú mar iománaí ar an gclaí, nó amuigh i lár na páirce? Is fútsa atá sé.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland