Top Issue 1-2024

2 May 2017 Edition

Resize: A A A Print

Tá ceart agat í a labhairt; ach níl ceart agat go dtuigfí thú!

Seán Ó Cuirreáin agus Rónán Ó Dómhnaill

GO TEOIRICIÚIL tá ceart ag saoránaigh gnó leis an stát ó dheas a dhéanamh tré Ghaeilge, ach mura bhfuil Gaeilge ag stáitsheirbhísigh i rannóga faoi leith cén chaoi féidhm a bhaint as an “gceart”?

Go teóiriciuil leis ta an scéal níos measa ó thuaidh mar níl aon dualgas ar bith ar an gcoras freastal ar lucht labhartha na Gaeilge cheal Acht Teangan.

Ach i ndairíre is beag difir atá le haithint idir an da dlínse.

Tá gach eagras poiblí ó dheas in ainm’s scéim a léiriú le dothain oifigigh le Gaeilge a bheith ar fail don obair. Ach ní luann 10% dena heagrais an scéal seo beag nó mór, agus níl pleananna earcaíochta suntasacha fógraithe ag an gcuid is mó den chuid eile.

Ar ndóigh d’éirigh an t-iarchoimisinéara teangan, Seán Ó Cuirreáin as a phost mar agóid in aghaidh fhaillí is neamhshuim an rialtais ó dheas don scéal.  Agus deir a comharba, an Coimisinéar reatha, Rónán Ó Dómhnaill, nach bhfuil an scéal feabhsaithe ar chor ar bith ina dhiaidh.

Ní nach íonadh mar sin go mbíonn rialtas Bhaile Átha Cliath ciúin go maith faoi Acht Teangan ó thuaidh – i bhfianaise nach gcuireann siad an tAcht ó dheas i bhféidhm.

Seo go deimhin argóint atá dhá dhéanamh go forsúil ag Ciarán Ó Coigligh, ollamh le Gaeilge ach atá anois ag taobhú go poiblí leis an DUP. Fiú más ceist an ghinmhillte atá taobh thiar de sheasamh Uí Choigligh ar son an DUP, is piléir ina gcath i gcoinne chearta gaeilge iad na hargóintí a luann Ó Coigligh.

Ach mar is iondúil tá lucht na Gaeilge ag fanacht ina dtost.  Bíonn muid ró-bhéasach le agóid a dheanamh, le cáineadh a dheanamh, le raic a thógáil.

Nach bhfuil sé in am duinn, thuaidh agus theas, raic a thógail, bheith go fírinneach dearg le fearg agus cur isteach ar obair an stáit, ó thuaidh nó ó dheas, go dtí go bhfaigheadh muid ár gcearta – i bhfírinne is ní hamháin go teóiriciúil.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland