Top Issue 1-2024

1 August 2016 Edition

Resize: A A A Print

Ni Féidir Iontaoibh a Bheith Againn as Figiúirí Oifigiúla

TÁ BRÉAGA ANN, bréaga damnaithe agus staitisticí.  Ach, i bhfianaise a d’fhoilsigh an Príomh-Oifig Staidrimh, is féidir linn figiúirí oifigiúla a chur leis an liosta seo.

Tá’s ag madraí na sráide nach bhfuil geilleagar na hÉireann méadaithe 26% le bliain anuas, ach níl na figiúirí bréagach nuair a léiríonn siad an t-amaideas seo: seo an chaoi go bhfuil na figiúirí den olltáirgeadh intíre (GDP) curtha le chéile ar fud an domhain.

Séard a léiríonn an clampar seo ná nach féidir brath ar fhigiúirí an olltáirgeadh intíre ar chor ar bith.  Agus, cuimhnigh, tá polasaí eacnamaíoch an stáit bunaithe ar na figiúirí seo le blianta fada, an déine, an bochtanas, an scriosadh dóchais.

Agus breathnaigh ar an gcaoi go bhfuil na figiúirí seo gan chiall fós dhá lua le léiriú go bhfuil an ráta idir olltáirgeadh agus fiacha feabhsaithe (sea, feabhsaithe!).

Tá a fhios go bhfuil na figiúirí ag insint bréige, ach fós luaitear iad mar chuid den dioscúrsa eacnamaíoch. (Focal deas ag saineolaithe is ea dioscúrsa.)  Is tá polasaí le bunú ar a leithéid seo.

Agus anois caithfidh muid €280 milliún sa mbreis a íoc leis an Aontas Eorpach i bhfianaise na bhfigiúírí neamhfhírinneacha seo.

Geilleagar leipreachánach a tugadh air seo ar fud an domhain. Sea, ábhar náire dúinn é seo, ní mar gheall ar na figiúirí a bheith mí-chruinn ach mar gheall ar iad a bheith amaideach is i bhfad ón bhfírinne.

Ar ndóigh tá míniú ar an bhfigiúir mí-cháiliúil seo: aistriú acmhainn as an ngách isteach sa tír, agus mar sin; ach ní leithscéal ar bith é go mbeifear ag leanacht leis an gcoras céanna le sláinte na heacnamaíochta a mheas.

Séard a léiríonn fior-staid na heacnamaíochta níos fearr ná figiúirí a bhaineann leis an líon daoine atá ag obair, leis an tairgeadh a dhéanann siad is mar sin.

Céard é an difir bhunúsach mar sin idir an olltáirgeadh intíre (GDP) agus an t-olltairgeadh náisiúnta (GNP). Go bunusach is é an t-olltairgeadh intíre ná luach na hoibre a dhéantar sa tír, móide airgead nó brábúis a seoltar ar ais agus lúide airgead nó brabúis a seoltar thar lear. Sin e luach na n-acmhainn ata san eacnamaíocht ag nóiméad ar bith.

Is é an t-olltairgeadh náisiúnta ná luach na hoibre a dhéantar sa tír, agus is léiriú níos cruinne ar shláinte na heacnamaíochta e.

Tá ábhar sa gcoras seo le daoine a chur amú, ach tá sé i bhfad níos fearr ná an t-amaideas a chonaiceamar le deireannas.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland