Top Issue 1-2024

1 August 2016 Edition

Resize: A A A Print

Gaeilge ar thaobh an bhealaigh mhóir

Tá polasaí dátheangacha ag an Chomhairle. Ní athróidh an polasaí seo

IS MÓR an trua go bhfuil fadhb ag duine ar bith leis an Ghaeilge. Is linne uilig ár dteanga, agus ba chóir go mbeadh meas againn uilig uirthi.

Is minic a labhraím ag cruinnithe de chuid na Comhairle s’againn (Comhairle an Iúir, Mhúrn agus an Dúin) faoin dualgas atá orainn uilig, mar ionadaithe poiblí, meas agus comhthuiscint a léiriú i gcónaí. Bíonn neart deiseanna againn an rud ceart a dhéanamh. 

Tógadh mé i mBaile Úr, sraidbhaile beag i nDeisceart Ard Mhacha. Agus mé ag fás aníos bhí mé cairdiúil le roinnt mhaith daoine gur protastúnaigh iad. Thaisteal muid ar an bhus scoile céanna, d’imir muid ar an fhoireann sacair céanna, agus chuaigh muid amach le chéile. Níor bhac siad leis an pheil ghaelach, agus thug muid neamhaird don Ord Oráisteach. Tá meas ag muintir an Bhaile Úir ar a gcomharsana den chuid is mó.

Bhí mé feargach mar sin, nuair a chuala mé go ndearnadh damáiste do chomhartha bhóithre na Comhairle ag Fane Valley, taobh amuigh den Bhaile Úr.

Cé go raibh daoine ag gabháil don chóiriúlacht seo le cúpla seachtaine anuas, ba i nDeisceart an Dúin is mó a bhí an damáiste; daoine ag scriosadh amach an Ghaeilge ar na comharthaí dátheangacha ag cur fáilte roimh chuairteoirí chuig an cheantar.

Fiú nuair a mhothaigh mé ar Facebook iad siúd sa phobal atá naimhdeach roimh an Ghaeilge, ag déanamh gearáin faoin chomhartha ag Fane Valley, níor chreid mé go ndéanfaí damáiste dó. 

Tá polasaí ag Comhairle an Iúir, Mhúrn agus an Dúin comhionnanas a thabhairt don dá theanga, an Ghaeilge agus an Béarla. Tá sé aontaithe go dtabharfar tús áite don Ghaeilge i gconaí ar pháipéireachas nó ar chomharthaí boithre. 

Ní athróidh an polasaí seo, agus tá sé thar am go gcuirtear stad leis na hionsaithe ar chomharthaí na Comhairle. Cur amú ama agus cur amú airigid atá sa creachadóireacht seo.

An gcreideann duine ar bith go gcuideoidh sé seo linn chun deontais, infheistíocht no turasóireacht a mhealladh isteach chuig an cheantar? 

An cuma leis na creachadóirí?

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland