Top Issue 1-2024

16 May 2016 Edition

Resize: A A A Print

An féidir le Labour an cheacht a fhoghlaim?

IS COSÚIL go raibh cathú mór roimh a bhfuil fágtha de Pháirtí an Lucht Oibre sa Dáil dul ar ais sa rialtas le Fine Gael sular thuig Joan Burton is a comhleacaithe, Brendan Howlin is Alan Kelly, nach mbeadh na baill a d’fhan bainteach leis an bpáirtí in ann glacadh le seift chomh siniciúil sin.

Sea, bheadh fearg as cuimse ar an bpobal a chuir an ruaig orthu san olltoghchán dá bhfeicfi ar ais sa rialtas th’éis an diúltú mór a thug an pobal dóibh.

Ach léiriú é nach bhfuil tada foghlamtha ag an bpáirtí ón tubaist a thit orthu.

Bhí sé de dhánacht ag Brendan Howlin fiú ról an pháirti sa rialtas déine a mholadh, agus é ag maíomh as an méad a rinne siad ar sn na “tíre”.

N’fheadar cén tír a bhí i gceist aige? Tír na mbancaeraí is na n-uaisle saibhre, nó tír na n-oibrithe is na ndaoine faoi mhibhuntáisti eagsúla?

Mar ní hionann an dá thír.  Agus ní hionann leas lucht an airgid is leas na ndaoine nach bhfuil airgead acu.

Dhein Páirtí an Lucht Oibre dearmad glan ar an bpointe simplí sin, is d’íoc siad praghas ard mar gheall air.

Ní he ámh nach bhfuil leithéidí Bhurton nó Howlin amháin nach bhfuil in ann admháil go raibh siad mícheart cabhrú le Fine Gael ualach na gearchéime a chur ar an lucht oibre.  Nuair a labhair Seán Sherlock, mar shampla, amach i gcoinne na hiarrachta dul ar ais sa rialtas, ní raibh le rá aige ach ról an pháirti sa rialtas a chosaint is a rá go raibh am ag teastáil chun iad féin a eagrú arís.

Agus mar bharr ar an ndonas, tháinig Uachtarán SIPTU, Jack O’Connor, amach ag tabhairt le fios go dtacodh sé le Labour a bheith arais le Fine Gael!

Dúirt se gur bunaiodh an páirtí ar mhaithe leis an lucht oibre a chosaint ó ionsaithe an rachmais. Ta se sin fior, ach NÍOR chosain Labour an lucht oibre.

Mura féidir le Labour a bhfaillí a aithint níl todhchaí i ndán dóibh.

Agus faoi láthair níl aon chomhartha ann gur féidir.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland