Top Issue 1-2024

16 May 2016 Edition

Resize: A A A Print

Sinn Féin – ní amháin Poblachtánach ach Gaelach, ní amháin Gaelach ach Poblachtánach

• Pop-Up Plé ag an seastán Gaeilge

Ná déantar dearmad gurb é an bealach is mó tábhacht an bealach is simplí ­ beatha teanga í a labhairt

Dúirt Oifigeach Náisiúnta Gaeilge JOHNNY McGIBBON le teachtaí na hArd Fheise go gcaithfear tabhairt faoinár ndúshlán féin – Sinn Féin a bhogadh céim ar chéim i dtreo an Ghaelaithe

AGUS MUID ag comóradh Éirí Amach na Cásca agus na n-imeachtaí a thit amach i rith an chéid seo chuaigh thart, is fiú ár machnamh a dhéanamh ar an tionchar agus ar an ról lárnach a bhí ag an Ghaeilge taobh istigh de ghluaiseacht na poblachta. Gan staidéar domhain a dhéanamh anseo, is leor sampla chun an cás a chur i láthair:

“Ach, a cháirde, ná bíodh brón orainn, ach bíodh misneach inar gcroidhthibh agus bíodh neart inar gcuisleannaibh, óir cuimhnighimís nach mbíonn aon bhás ann nach mbíonn aiséirghe ina dhiaidh, agus gurab as an uaigh so agus as na huaghannaibh atá inar dtimcheall éireochas saoirse Gheadheal.” – Pádraig Mac Piarais ag labhairt cois uaigh Uí Dhonnabháin Rosa.

B’fhéidir nach bhfanfadh na focail chomh maith is a d’fhanfadh na focail cháiliúla Béarla leat, mar sin féin is i nGaeilge a dúradh sa chéad dul síos iad. Ceannródaithe ba ea iad ceannairí na hÉirí Amach, idir i saol na polaitíochta agus i saol an chultúir araon. An mbeadh Éirí Amach ann ach ab é go raibh an athbheochan cultúrtha faoi lán sheoil?

pg13-3

• Seán Ó Murchadh (Conradh na Gaeilge), Rosie Ní Laoghaire agus Carál Ní Chuilín

Cib é ar bith, sa bhliain 2016, tá gluaiseacht na poblachta go fóill ag dul i ngleic le cúrsaí Gaeilge agus ag cur na Gaeilge chun cinn laistigh dár struchtúir féin. Is díol bróid dom gur labhraíodh neart Gaeilge ar ardán na hArd Fheise agus thart faoin fhoirgneamh ollmhór – an tIonad Comhdhála i mBaile Átha Cliath. 

Ba mhór an pléisiúr fosta go raibh beocht, agus neart cainte, le fáil i seomra na seastán mar a raibh an seastán @SinnFeinGaeilge chomh maith le Conradh na Gaeilge agus lear mór Gaeilgeoirí eile.

San Ionad Comdhála, glacadh le dhá rún i leith na Gaeilge agus faoi ghaelú an pháirtí (Plé-Cháipéis agus an doiciméad ‘Gaelú Shinn Féin’) a thugann deis dúinn pleanáil ar bhonn straitéiseach agus ar bhonn fadtéarmach. 

pg13-2

Níl aon bhealach as ach go bhfuil dúshlán nach beag os ár gcomhair – ach is muidne is féidir a dhéanamh. Ná déantar dearmad gurb é an bealach is mó tábhacht an bealach is simplí – beatha teanga í a labhairt.

I mbliain seo an chéid, tugaimis faoinár ndúshlán féin:

Sinn Féin, ní hamháin Poblachtánach ach Gaelach; ní hamháin Gaelach ach Poblachtánach.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland