Top Issue 1-2024

16 May 2016 Edition

Resize: A A A Print

Seachtar Seanadóir

Farraigí cháit i ndán don Rialtas mionlaigh sa teach uachtarach

Agus an Lucht Oibre caite sna fataí lofa, seans go mbeidh níos mó fonn orthu siúd a bheith ag caitheamh clocha trasna an urlár sa Seanad, seachas a bheith ag fual amach ón taobh istigh de na binsí rialtais, mar a bhí.

BÍONN CAINT mhór ina gcuid fógraí teilifíse ag an gcomhlacht Carlsberg ar an saol mar a shamhlóidís siúd é, ach b’shin an mothú a bhí  agam féin le déanaí  agus an chomhaireamh ar bun do thoghchán an tSeanaid. 

Seachtar iarrthóir againn agus seachtar tofa ar an gcéad agus dara comhaireamh i ngach cás. Ach, anois a thosóidh an obair agus an fhoireann nua ag dul i mbun oibre sa ‘Teach Uachtarach’.

Le cúig bhliain anuas bhí móramh ollmhór ag an rialtas agus bhí Fine Gael agus an Lucht Oibre ábalta reachtaíocht a bhrú thríd an Seanad gan mórán aird a thabhairt ar aon duine eile, ach tá an scéal sin athruithe. Tá cuid mhaith cainte déanta maidir leis an comhdhéanamh rialtais ón olltoghchán maidir le vótaí Dála, ach céard faoin tSeanad?

Agus mé i mbun pinn tá aon duine dhéag le n-ainmniú ag an Taoiseach mar Sheanadóirí. Glacaim leis go mbeidh bunriachtanas ann go gcaithfidh siad sin tacú le rialtas mionlaigh Fine Gaelach, fiú má thoilíonn Enda Kenny cúpla suíochán a thairiscint do na neamhspleáigh agus páirtithe eile.

Fágann sin an naoi Seanadóir is dhá fhichead a toghadh tríd córas na bpainéal agus na h-ollscoileanna. Orthu sin tá móramh ag Fianna Fáil le ceathrar déag, Fine Gael le triúr déag,  seachtar againne, cúigear ag an Lucht Oibre, cúigear neamhspleáigh ó na painéil ollscoile (deir Alice Mary Higgins nach ball de Pháirtí an Lucht Oibre í agus go bhfanfaidh si neamhspleách, ach b’fhéidir gur seift atá ansin chun fuath an phobail don Lucht Oibre a sheachaint!), ceathrar neamhspleáigh eile agus duine amháin ag na Glasaigh.

Má bhíonn Fine Gael ag iarraidh a bheith i gceannas an tSeanaid caithfidh siad ar a laghad tríocha vóta a bheith acu, nó caithfidh Fianna Fáil staonadh. Níl sé soiléir an bhfuil comhréiteach idir páirtithe na cogadh cathrach ar an gceist seo, mar atá sa Dáil.  Ach. má tá féin, d’fhágfadh sin Fine Gael faoi chomaoin Fhianna Fáil ar cheisteanna go leor a thiocfaidh chun cinn.

Tá cumadh dhifriúil ar na neamhspleáigh an babhta seo chomh maith. Ábhar dóchais is ea toghadh an t-amhránaí agus gníomhaí ar cheisteanna andúileachas, Frances Black – agus John Dolan atá i mbun Cónaidhm na n-Eagras Míchumais in Éirinn. Deacair samhlú go mbeadh mórán luí acu sin le polasaithe Fhine Gael. Polaitíocht den eite chlé atá ag Lynn Ruane chomh maith, a toghadh ar phainéal Choláiste na Tríonóide.  

Agus an Lucht Oibre caite sna fataí lofa, seans go mbeidh níos mó fonn orthu siúd a bheith ag caitheamh clocha trasna an urlár sa Seanad, seachas a bheith ag fual amach ón taobh istigh de na binsí rialtais, mar a bhí.

Cibé cén casadh a bheidh ar cheist na ceannaireachta sa tSeanad, is cinnte go mbeidh seachtar chróga Shinn Féín mar an phríomh fhreasúra.  Agus is ildánach, cumasach an fhoireann atá tofa againn – a bhuíochas sin don tacaíocht iontach ó bhaill tofa an pháirtí a chaith vótá ar ár son agus an dream a bhí i mbun an straitéis buacach toghchánaíochta.

Fintan Warfield an chéad duine a toghadh agus tá meas nach beag air de bharr a chumas mar chomhairleoir áitiúil agus an ról gníomhach a ghlacann sé sna feachtais ar son cothromaíochta. Tabharfaidh toghadh Rose Conway-Walsh ardú meanma don pháirtí i Maigh Eo agus is buntáiste é an tusicint atá aici ar ghnóthaí pobail, tuaithe agus talmhaíochta. 

Tá ríméad ar dhaoine Pádraig Mac Lochlainn a fheiceáil ar ais i dTeach Laighean. Fear cumasach, gan fuacht ná faitíos air tabhairt faoi cheisteanna beaga agus móra.

Is cúlra ceardchumannachais atá ag Paul Gavan as Luimneach agus beidh an tsaineolas sin iontach úsáideach ar an stáitse náisiúnta, áít a bhfuiltear ag súil le cuid mhaith aighneas thionsclaíoch sna míonna amach romhainn.  Tá taithí na mblianta fada ag Máire Devine ar chúrsaí sláinte agus meabharshláinte ach go h-áirithe, agus níl aon dabht go mbeidh an cloch sin go mór ar a paidrín aici.

Beidh iar-Ardmhéara Bhéal Feirste, Niall Ó Donnghaile, fíor chumasach ag léiriú dearcadh phobal na sé chontae gan amhras, agus neart le rá aige ar ábhair eile chomh maith.

Tá mé féin ag súil an taithí a fuair mé le cúig bhliana a roinnt leo araon agus leanúint leis an obair ar son an pháirtí, pé dualgas a leagfar orm.

Coinnigí suil ghéar ar an tSeanad amach anseo. Beidh an tseachtar cróga ag obair go láidir ar bhur son!

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland