Top Issue 1-2024

7 March 2016 Edition

Resize: A A A Print

Aitheantas do Bhua Chúba is ea Cuairt Barack Obama

• Barack Obama

CÉIM thábhachtach is ea cuairt uachtarán Mheiriocá, Barack Obama, go dtí Cúba atá le reachtáil níos déanaí sa mí seo.

Le blianta ó tháinig muintir Chúba i gceannas ar a dtír féin tá bac eacnamúil is polaitiúil curtha i bhféidhm ag na Stait Aontaithe i gcoinne na tire – is na réabhlóide – sin.

Bhí suil mhór ag na Meiriceánaigh ach go háirithe th’éis titim an Aontais shóivéidigh – a d’fhág Cúba leis féin – go dtitfeadh an tír as a chéile is go mbeadh na Meiriceanaigh in ann forlámhas a fháil arís ar an tír sin a bhí ina sampla chómh spreagúil is bródúil sin do thíortha eile na Meiriceá Laidnigh.

Ní mar sin a thit cúrsaí amach, ámh, cé gur chothaigh an Bac an-chuid deacrachtai don phobal beag cróga seo.

Ach anois, ce go bhfuil na forsaí is frithbheartaí ar fad i Meiriocá ag cloí leis an sean-námhadas tá reimeas Obama – ag deire a ré uachtarántachta – i ndiaidh admhail nach féidir Cúba a chloí.

Tá caidreamh taidhleóireach tosaithe arís idir an dá thír, is tá Obama ag fógairt a aitheantas do Chúba leis an gcuairt seo.

Mar sin fhéin tá an Bac Trádála i n-aghaidh Chúba fós i bhféidhm, mar tá vóta dearfach ag teastáil ó Chómhdháil na Stát Aontaithe le críoch a chur leis an mBac.  An fhaid is atá móramh ag na Poblachtanaigh sa gCómhdhail ní bheidh aon vóta dearfach ann.

Tá Obama ag cur leis an socrú idir an dá thír ámh leis an gcuairt seo, is cheana féin tá na mílte de ghnáthMheiriceánaigh ag taisteal go dtí an tír chun í a fheiceáil iad féin.

Cinnte tá baoil sa méad seo, sa gcaoi go bhféadfadh airgead tirim tíocht isteach sa tír go tiubh, agus bolscaireacht Mheiriocá leis, agus an Bac Trádála a bheith i bhféidhm ag an am céanna.

Ach creideann Páirtí Cumannach Chúba go bhfuil an Reabhlóid sách láidir is préamhaithe i measc an phobail gur féidir tíocht slán óna baoil seo. Sular fada, creideann siad, beidh ar an gCómhdháil freisin aitheantas a thabhairt do Réabhlóid Chúba.

Osclóidh deire a chur leis an mBac deiseanna forleathana le forbairt breise a dhéanamh sa tír, go heacnamúil is eile.

Comhartha mar sin is ea an chuairt seo gur eirigh leis an Cubánaigh an lámh in uachtar a fháil sa deire mar gheall ar a gcuid crógachta is diongbháltachta ar son na Réabhlóide.

Tá sé caoga sé bhliain ó fuair na reibiliúnaigh an chumhact sa tír sin.  Go maire siad an chéad caoga sé bhliain eile!

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland