Top Issue 1-2024

7 March 2016 Edition

Resize: A A A Print

Seomra Ranga is ea an Chomhairle?

Scaití is éasca glacadh leis an status quo seachas cur in aghaidh an easa . . . Ach tá dualgas faoi leith orainn mar phoblachtánaigh

Sa ceathrú cuid dár sraith ‘Ról an Stáit agus Ról an Phobail’, scríobhann An Comhairleoir Mairéad Farrell, ar comhairleoir de chuid Shinn Féin i nGaillimh í, faoin taithí atá faighte aici in earnáil an rialtais áitiúil. 

Ó TOGHADH i mí Bealtaine 2014 mé, tá tuiscint i bhfad níos fearr faighte agam ar an ról atá againn mar ionadaithe pobail agus muid ag plé le hinstitiúidí an stáit. Tuigim anois na bacanna a chuirtear os ár gcomhair agus muid ag plé leis an stát.

Is comhartha thar a bheith dearfach é go bhfuil ionadaíocht againn ar bheagnach chuile chomhairle sa dá chontae is tríocha, ciallaíonn sé go bhfuil deis cainte againn lenár gcuid polaitíochta a chur os comhair an phobail. Tugann sé seans dúinn cabhrú lenár gceantracha féin agus muid ag troid i gcoinne pholasaithe míchothroma an rialtais. Ach caithfear a adhmháil freisin go gcruthaíonn sé deacrachtaí ar leith. Ach go háirithe i gcomhairlí áitiúla ar nós Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, áit a bhfuil muid ar fad inár gcomhairleoirí nua-thofa. 

Níor thuig mé go dtí gur toghadh mé an chumhacht atá ag na feidhmeannaigh i gcomórtas leis na comhairleoirí iad féin. Go deimhin, is minic go gcuireann an chomhairle seomra ranga i gcuimhne dom, na comhairleoirí mar dhaltaí scoile agus na feidhmeannaigh ina múinteoirí ag inseacht dúinn céard is féidir agus céard nach féidir a dhéanamh. 

Ó am go chéile is cósúil go bhfeileann sé seo do pháirtithe áirithe mar go ligeann sé dóibh an mhilleán a chur ar na feidhmeannaigh seachas ar pholasaithe an stáit nó a gcuid polasaithe féin. 

Ach tá dualgas faoi leith orainn mar phoblachtánaigh an córas sin a athrú ó bhonn agus ionadaíocht cheart a dhéanamh ar son mhuintir na tíre agus an phobail uilig as a dtagann muid. 

Is fusa a rá ná a dhéanamh, áfach, go mór mór agus muid á bhrú ó chuile thaobh sa chomhairle. Scaití is éasca glacadh leis an status quo seachas cur in aghaidh an easa. Is féidir a bheith cinnte gur tréine a bheidh an ghaoth seo ag séideadh inár gcoinne agus muid ag dul i neart ó thaobh thacaíocht an phobail chomh maith céanna.

Sa gcomhthéacs seo, tá sé ríthábhachtach go mbíonn straitéis againn mar phoblachtánaigh le bheith réitithe do na dúshláin a bheas romhainn. Ciallaíonn sé sin go gcaithfear ár n-ionadaithe poiblí a bheith fréamhaithe san eagraíocht agus go gcothaíonn muid ceannaireacht láidir áitiúil a chinntíonn go bhfuil ról lárnach ag baill an pháirtí, ar chomhchéim lenár gcuid ionadaithe tofa, sna cinnithe a dhéanann muid in aon institiúd stáit.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland