4 March 2016
Rud Nua do Pharlaimint na hEorpa – An Chéad Toscaireacht a Rinneadh as Gaeilge Riamh
NÍ FÉIDIR beag is fiú a dhéanamh den dul chun cinn ar son na Gaeilge atá á dhéanamh ag Liadh Ní Riada agus Feisirí Eorpacha Shinn Féin.
Le linn Sheachtain na Gaeilge 2015, chuaigh Liadh i ngleic le húdaráis na hEorpa nuair a thug sí faoi stailc teanga sa Pharlaimint féin. D'éiligh sí a cearta teanga agus dhiúltaigh sí ach Gaeilge a labhairt, bail ó Dhia uirthi. Thug sí aird nach beag ar chás na Gaeilge thall sa Bhruiséil agus i Strasbourg, gan trácht ar an suim a tógadh abhus agus i measc na meán idirnáisiúnta.
Ní iontas é go bhfuil sí féin agus foireann Shinn Féin san Eorap ag briseadh talamh úr arís i rith Sheachtain na Gaeilge.
Chun tús a chur le Seachtain na Gaeilge 2016, shocraigh Liadh daltaí ó 6 ghaelscoil éagsúla a thabhairt chun na hEorpa. Bhí deis ag na scoláirí, a tháinig as Cúige na Mumhan agus as Contae Chill Chainnigh, páirt a ghlacadh i sraith imeachtaí oideachasúla a chuir i ról an fheisire féin iad.
Bhí siad i mbun díospóireachta i leith ghéarchéim na dteifeach agus páirteach i gcainteanna idirghníomhacha ar mhórcheisteanna na linne agus na reachtaíochta. Rinne siad idirbheartaíocht agus vótáil le linn cluichí rólimeartha agus ríomhaireachta agus iad ag baint leasa as na seirbhisí iontacha nua-aimseartha atá anois ar fáil i bParlaimint na hEorpa.
Údar bróid atá ann gur féidir le Sinn Féin a leithéid den sár-imeacht seo a eagrú do Sheachtain na Gaeilge, dá ndéarfainn é. Cad é an rud is suntasaí faoi seo ar fad, áfach?
Is é seo an chéad toscaireacht a bhain úsáid as na seirbhísí Parlamentarium trí mheán na Gaeilge riamh. Sea, is é seo an chéaduair ab fhéidir le grúpa ar bith tairbhe a bhaint as na seirbhísí seo as Gaeilge i bParlaimint na hEorpa.
Tá gach seans ann nach dtarlódh sé ach ab é an obair a dhéanann Liadh agus ár bhfoireann gach lá. Leanann an páirtí ar aghaidh leis an obair chun stadás na Gaeilge a fheabhsú agus chun a chinntiú nach rachaidh an Chomhairle Eorpach siar ar a focal Maolú na Gaeilge a thabhairt chun deiridh.
Céim bheag chun tosaigh is ea na seirbhísí Gaeilge seo a cuireadh ar fáil do na Gaeil óga.
Is maith an rud é go bhfuil daoine a bhfuil an mianach agus an croí ceart acu tofa san Eoraip againn. Is léir go bhfuil an Ghaeilge go fóill ina ábhar ríthábhachtach.
Follow us on Facebook
An Phoblacht on Twitter
Uncomfortable Conversations

An initiative for dialogue
for reconciliation
— — — — — — —
Contributions from key figures in the churches, academia and wider civic society as well as senior republican figures




