23 February 2016
An Ghaeilge: An fíorcheist olltoghcháin í?

Leis an gClr Maria O’Kane
Mar chuid dár sraith ‘Ról an Stáit agus Ról an Phobail’, sa bhlog seo, scríobhann an Comhairleoir Maria O’Kane, Cathaoirleach Choiste na Gaeilge Chomhairle Chontae na Mí, faoi chúrsaí Gaeilge san olltoghchán agus ina dhiaidh. Cuireann sí an cheist: ‘An Ghaeilge: An fíorcheist olltoghcháin í?'
MAR IS EOL do chách, níl in intinn de fhórmhór na bpolaiteoirí sa deisceart faoi láthair ach siúl trí gheataí áille Theach Laighean agus suí sna cathaoireacha compordacha ann ar nós suachmáin shásta. Leis an sprioc ollmhór sin in intinn acu, an bhfuil siad sásta am a chur amú ar cheisteanna nach bhfuil cinnteacht vótála ag baint leo? Ceisteanna ar nós na Gaeilge.
Tá trí mhór-éileamh ag Conradh na Gaeilge d’iarrthóirí an olltoghcháin seo:-
· ● Go ndéanfaí infheistíocht €18 milliúin sa bhreis i bplean phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta le borradh a chur faoi úsáid na Gaeilge agus le 1,175+ post nua a chruthú.
· ● Go gceapfaí Aire Sinsearach a bhfuil Gaeilge aici/aige don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, chun go mbeadh ionchur ag an nGaeilge ag Bord an Rialtais.
· ● Comhchoiste Oireachtais seasta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ar chomhchéim leis na Comhchoistí Oireachtais eile.
Tá cónaí orm i gContae na Mí, chuathas i dteagmháil le gach iarrthóir maidir leis na héilimh ach ní raibh ach dornán dóibh sásta freagra a thabhairt, gan trácht ar fhreagra sástach.
Ní chuirfeadh sé iontas ort nach bhfuil sé mar chuid dá mbeartais rialtais ag lucht Fhine Gael airgead a chaitheamh chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Deirtear go dtacaíonn siad leis an teanga ach ar mhaithe le ceol draíochta an bhéalghrá amháin a dhéantar amhlaidh. Deir Fianna Fáil go dtacaíonn siad leis na héilimh, ach cá bhfuil an té a rachadh i muinín an tseanphoirt agus meirg air?
Níl sé mar pholasaí ag páirtí an Lucht Oibre ach an oiread, infheistíocht sa teanga a dhéanamh, ach ar bhonn pearsanta tá iarrthóir an Mhí Thiar sásta tácú leis (níor éiríodh lena dul i dteagmháil leis an iarrthóir sa Mhí Thoir).
Is féidir freagraí na neamhspleach a fheiceáil ach dul i dteagmháil le Conradh na Gaeilge – freagairt measctha a bhí ann.
Rinne Conradh na Gaeilge taighde agus iad ag cur na trí éileamh le chéile. Tugadh le fios mar chuid den taighde seo go tacaíonn 61% den daonra leis an teanga – an bhfuil an 61% sásta beart de réir briathar a dhéanamh?
Mar a luadh na mílte uair roimhe seo ní riachtanas do pholaiteoirí amháin é seo, is riachtanas dúinne, an gnáthphobail, é chomh maith.
Tá ár ról le glacadh againn agus sinne ag glacadh ár vóta – is mithid dúinn an rogha ceart a dhéanamh ar son na Gaeilge Dé hAoine seo an 26 Feabhra.
Vótáiligí Sinn Féin gan amhras!
➤ Chun tuilleadh eolais a fháil, féach: www.cnag.ie
Follow us on Facebook
An Phoblacht on Twitter
Uncomfortable Conversations

An initiative for dialogue
for reconciliation
— — — — — — —
Contributions from key figures in the churches, academia and wider civic society as well as senior republican figures




