AP front 1 - 2025 small

27 February 2015

Resize: A A A Print

Seachain an Díomá Má Theipeann ar Syriza

CHUIR lucht frith-dhéine ar fud na hEorpa fáilte mhór roimh bua Syriza sa nGréig, ag súil go raibh tús curtha le troid ar ais ó aicmí is pobail a d’fulaing go géar ar mhaithe le lucht an airgid mhóir a shabhail ón anró.

In Éirinn, sa Spáin, sa bPórtaingéal, maraon leis an nGréig, d’oscail bua Syriza an dóchas go bhféadfaí bealach difriúil as sáinn na géarchéime a bhaint amach.

Ach sin díreach an fáth gur aontaigh lucht na frithbheartaíochta in aghaidh Syriza, ag iarraidh nach ngeillfí tada dóibh.

Is cuma le rialtas bancaerach na Gearmáine nach féidir fiacha na Gréige a aisíoc, nó go bhfuil muintir na Greige damnaithe ag na fiacha seo do ghlúnta éadóchais is uafáis.

Agus níos measa, tá rialtas na hÉireann – in éineacht le rialtaisí sa Spáin agus sa bPortaingéal a ghlac le déine – ar a seacht ndícheall nach n-eireóidh le Syriza sna cainteanna atá ar siúl acu le tíortha eile an Aontais Eorpaigh.

Creideann an Frithbheartas, sea, gur féidir buachaint ar gluaiseachtaí phobail i ngach tír má bhuaitear ar Syriza.

Tá sé fíor-thábhachtach mar sin go seasfadh muid go láidir le Syriza sa troid atá ar siúl faoi láthair.

Ag an am céanna tá laigeachtaí soiléire ann i straitéis Syriza. Is cóir go mbeadh muid ar an eólas faoina laigeachtaí seo le cinntiú nach mbeidh ró-dhíomá orainn má theipeann ar Syriza de bharr na laigeachtaí.

Go bunúsach, mura bhfuil an Ghréig sásta imeacht ón Euro, na fiacha a shéanadh ar fad más gá agus briseadh le rialacha an Aontais Eorpaigh, níl aon chárta idirbheartaíochta ina lámha acu.

Ní shin le rá go gcaithfidh siad imeacht ón Euro nó a gcuid fiacha leis na bainc Ghearmáineacha a shéanadh go haontaobhach; ach má rialaítear na polasaithe seo as an áíreamh ón tús níl aon toradh sa deire ach géilleadh.

Agus dhéanfadh géilleadh sa gcás seo dochar ní hamháin do Syriza sa nGréig ach dona páirtithe is gluaiseachtaí forchéimnitheacha in Éirinn agus i dtíortha eile mura dtuigfeadh muid an baol roimh ré.

Mar a dúirt an file Laidneach Horás: Danaos timeo et dona ferentes. (Tá imní orm roimh na Gréigigh agus iad ag soláthar bronntanais).

Follow us on Facebook

An Phoblacht on Twitter

An Phoblacht Podcast

An Phoblacht podcast advert2

Uncomfortable Conversations 

uncomfortable Conversations book2

An initiative for dialogue 

for reconciliation 

— — — — — — —

Contributions from key figures in the churches, academia and wider civic society as well as senior republican figures

GUE-NGL Latest Edition ad

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland