Top Issue 1-2024

2 March 2015 Edition

Resize: A A A Print

Mise agus mo Dhia

An strachailt idir an stát agus an eaglais i saol na polaitíochta

Ní dóigh liom go bhfuil gá go mbeadh choimhlint ar bith idir a bheith i do Chríostaí agus i do phoblachtánach ag an am céanna

TÁ PRÍOMHCHEILIÚRADH  na heaglaise Críostaí ag teannadh linn agus muid in aimsir an charghais agus daoine ag ullmhú don Cháisc. Is ar na laochra ar láir a bhíonn poblachtánaithe ag díriú aimsir na Cásca go príomha, ach le déanaí tá an gaol idir an stát agus an Eaglais faoi chaibidil níos minicí agus níos tréana agus níl aon mheath le teacht air an bplé sin as seo go ceann bliana, ach a mhalairt.

Dúshlán faoi leith a bhíonn anseo do pholaiteoirí in Éirinn atá ag cleachtadh creideamh de chineál éigin. Is minic muid ag strachailt lenár gcoinsias agus ceisteanna ar nós an ghinmhilleadh, pósadh aon-inscne, eotanáis agus ceisteanna leochaileacha eile idir lamha. Bíonn orainn teacht ar thuisicint ar an tarraingt idir an dualgas móralta creidimh pearsanta atá orainn agus an ról atá againn mar lucht reachtaíochta atá ag obair ar son saoránaithe na tíre ar fad.

Is Caitliceach mise a chleachtaíonn mo chreideamh go gníomhach agus is minic mé i mbun díospóireachta le comhleacaithe ar an ábhar seo.  Bím ag caint le comh-Chaitlicigh a bhíonn in adharca liom mar go dtacaím le reachtaíocht atá, dar leo, ag lagú ról Dé i ngnothaí an stáit. Bim ag caint  le daoine eile nach bhfuil creideamh ar bith acu agus colg orthu go mbeadh tagairt ar bith do chumhacht neamhshaolta ar bith inar gcuid dlíthe. Agus is deacair teacht ar chomhréiteach eatarthu.

Bhí orm teacht ar mo chiall féin faoi seo le go mbéinn in ann teacht ar cur chuige a aithníonn cearta an uile saoránach, ach go bhfuilim féin ábalta ag an am céanna mo chreideamh féin a chleachtadh agus a cheiliúradh gan fuacht na faitíos.

Sílim go mbaineann mo chreideamh liom féin go pearsanta agus gur fum féin mar dhuine atá sé an gaol idir mé féin, mo phobal agus mo Dhia a láimhseáil. Ní fheicim gur chóir go mbeadh ar an stát dlíthe a chur i bhfeidhm leis seo a dhéanamh ar mo shon. Ar bhealach nuair a dhéantar sin baineann sin den dualgas pearsanta atá orm féin chun mo shaol féin a stiúradh. Is cineál ‘kop out’ spioradálta atá ann.

pg09-2

Ní chreidim go bhfuil sé cothrom ach an oiread, go mbeadh an stát ag brú creideamh amháin ar shaoránaithe an stáit ar fad.  Níl aon mhonaplacht ag aon duine a chreideann, nó nach gcreideann, ar an fhírinne. Cá bhfios d’aon duine againn an bhfuil an ceart ag Críostaithe, Moslamaigh, aindiachaí nó eile? Agus, cé go bhfuil mo chreideamh féin agamsa ní bhraithim gur chóir dom cosc ná bac a chuir ar éinne eile a slí spioradálta féin a scrúdú agus a chleachtadh. Go deimhin, fiú má tá mise ceart, is cuid den cleachtas Críostaí é go nglacfaí le daoine a thagann chuig an gcreideamh go mall sa lá, fiú má tháinig siad ar bhóthar neamhdhíreach, éagsúil creideamh.

Fiú má chuirtear dlíthe i bhfeidhm a cheaptar atá ag teacht salach i súile daoine áirithe, ar mo chóras chreideamh féin, ní shin le rá go gcaithfidh mise saol a chaitheamh a bhriseann na dlíthe canónacha a bhaineann leis sin. Tá an fhreagracht ormsa faoi na rudaí a dhéanaim féin agus don té nach leanann an slí céanna, má thagann siad os comhair an Dia céanna liomsa ag deireadh an lae, tabharfar breithiúnas cuí orthu dá réir. Níl aon áit agamsa ná ag aon Chríostaí eile réamhbhreithiúnas a thabhairt orthu. Tús na breithe ag Dia, deirtear.

Fágann sin freisin nach nglacaim le cuid den bhreithiúnas a dhéanann díograiseoirí ceartchreidmheacha orainn mar pholaiteoirí ach an oiread. Níl aon mhonaplacht acu sin ar mhóráltacht. Is minic daoine ag rá liom go mbíonn cuid den dream seo chomh docht daingean ina gcuid tuairimí gur beag trua ná taise Críostaí a bhaineann leo i ndáiríre.

Sílim go bhfuil dualgas ar an gcuid eile againn seasamh suas don chreideamh atá againn agus gan aon náire a bheith orainn faoi. Ní shin le rá go bhfuil muid ag ceapadh go bhfuil muid níos fearr ná níos measa ná aon duine eile. Ach muid a bheith compodach inár gcraiceann féin leis.

Ar an gcaoi chéanna, tá sé tábhachtach, dár liom, deighilt a bheith idir an stát a fheidhmíonn thar ceannngach saoránach agus an eaglais a thacaionn le dream faoi leith, gur móramh mór iad in Éireann, a bhfuil slí bheatha faoi leith acu. Is iomaí bealach leis an gaol sin a chur i bhfeidhm, ach ní dóigh liom go bhfuil aon gá go mbeadh choimhlint ar bith idir a bheith i do Chríostaí agus i do phoblachtánach ag an am céanna.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland