Top Issue 1-2024

4 August 2014 Edition

Resize: A A A Print

Oifigeach Náisiúnta Gaeilge nua

• Mícheál Ó Domhnaill agus Liadh Ní Riada

Mícheál Ó Domhnaill has been appointed Oifigeach Náisiúnta Gaeilge

MAR IS eol daoibh toghadh Liadh Ní Riada ina FPE le linn na dtoghchán Eorpacha  ar na mallaibh. Mar gheall ar sin tá sí éirithe as a post mar Oifigeach Náisiúnta Gaeilge agus guímid gach rath uirthi agus ar na hiarrthóirí eile a d’éirigh leo sa dá thoghchán, ina gcuid oibre as seo amach mar ghníomhaithe tofa.

Ar scor ar bith caithfidh an obair thábhachtach sin tosaithe ag Liadh, mar an chéad Oifigeach Gaeilge lán-aimseartha ceaptha ag páirtí polaitiúil ar bith in Éirinn, leanstan ar aghaidh.

Mar gheall ar sin tá Mícheál Ó Domhnaill ceaptha san fheidhm sin agus thosaigh sé sa phost ar an 1 Iúil. Cuirfidh sé tús anois le próiseas rannpháirtíochta agus comhairliúcháin le gníomhaithe freagrach as an Ghaeilge agus le Gaeilgeoirí eile an pháirtí chun cuspóirí a shainaithint agus clár oibre a leagan amach.

D’fhéadfadh sibh dul i dteagmháil le Mícheál ar 00 44 9034 7350 agus ar rphost [email protected]

• • • • • • • •

Liadh Ní Riada was elected MEP in the recent European Elections. As a consequence, she has vacated her post as Oifigeach Náisiúnta Gaeilge.

The important work begun by Liadh as the first full-time language officer in any political party in Ireland has to continue.

Accordingly, Mícheál Ó Domhnaill has been appointed to that role and has taken up the position as of 1 July.

He will now begin a process of engagement and consultation with activists with a responsibility for Irish-language affairs and other party Gaeilgeoirí to identify objectives and develop a programme of work.

Mícheál can be contacted by phone at 00 44 9034 7350 and by email at [email protected]

Mícheál Ó Domhnaill

RUGADH agus tógadh Mícheál Ó Domhnaill, An tOifigeach Náisiúnta Gaeilge  nuacheaptha ar an pháirtí, i mBaile Átha Cliath. D’fhoghlaim sé a chuid Gaeilge ag scoileanna na mBráithre Críostaí agus ansin rinne sé an pholaitíocht agus teangacha ag UCD. Lean sé ar aghaidh go dtí Ollscoil na Ríona i mBéal Feirtse  áit ar bhain sé amach iarchéim sa Ghaeilge. Rinne sé bliain sa Phleanáil Teanga in Ollscoil na Gaillimhe ar na mallaibh.

Chaith Mícheál tréimhse aon bhliain déag i bPáras na Fraince agus bhí sé gníomhach i Solidarité Irlande thall. Ar theacht ar ais dó go hÉirinn chuir sé faoi i mBéal Feirste agus is ann a tháinig sé  isteach sa pháirtí, thart ar seacht mbliana déag ó shin.

Fuair Mícheál post Gaeilge le Glór na nGael  ar Bhóthar na bhFál agus theagasc sé Béarla in Ollscoil na Ríona ina dhiaidh sin. I 2004 cuireadh é chun na Bruiséile nuair a fuair sé post mar Chomhairleoir Polaitíochta in oifig Mary Lou McDonald nuair a toghadh í mar Fheisire Eorpach le Sinn Féin.

Is ball de choiste Chomhaltas Uladh agus coiste An tUltach é Mícheál, agus tá leabhar dátheangach curtha amach aige in éineacht le Rossa Ó Snodaigh,  Our Fada.

Is é an chloch is mó ar a phaidrín ina ról nua,  ná gaelú an pháirtí agus cearta na Gaeilge a chur chun cinn taobh amuigh de, trí reachtaíocht chuí ó thuaidh agus ó dheas.

Is maith le Mícheál ceol traidisiúnta agus an léamh. Thaisteal sé cuid mhaith agus chaith sé tréimhse ag teagasc in Ollscoil Shenzhen na Síne.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland