Top Issue 1-2024

2 February 2014 Edition

Resize: A A A Print

Níor chaill bean an mhisnigh ariamh é!

Cás Margaretta D’Arcy agus mí-úsáíd aerfort na Sionna

• Agóid lasmuigh de Theach Laighean ar son Margaretta D’Arcy

Cloigeann sa ngaineamh atá anois ag an Tánaiste maidir le saraithe cearta daonna ar thalamh na hÉireann. Sin an rud atá Margaretta ag iarraidh athrú

TÁ ARDMHOLADH tuillte ag Margaretta D’Arcy as an seasamh láidir atá tógtha aici in aghaidh eitleáin chogaidh atá ag tuirlingt ag aerfort na Sionna. Cuireadh treímhse trí mhí príosúntachta ar Mhargaretta mar gur dhiúltaigh sí banna ‘deá-iompar’ a shíniú le go stopfadh sí ag agóidaíocht ag an aerfort, rud nach raibh sí sásta a dhéanamh.

Chur sé alltacht ar a lucht tacaíochta gur chaith an córas dlí agus cirt an oiread acmhainní le bean seachtó naoi bliana d’aois, nach bhfuil an sláínte go maith aici, a chur i ngéibheann mar go bhfuil sí ag iarraidh deireadh a chur ar an sáru atá an stat seo ag déanamh ar chearta daonna. Bhí sé thar a bheith suntasach gur thug beanchéile an Uachtarán, Sabina Higgins cuairt uirthi i bpríosún — rud a lírigh a tacaíocht siúd — agus I mo thuairim sa tacaíocht Mícheál D Ó hUiginn dá seanchara.

Ach, bheadh sé micheart díriú ar ghábháil agus daoradh Margaretta seachas breathnú ar na cúiseanna a bhfuil sí ag agóidaíocht ar a son le fada.

Tá comóradh dhá dhéanamh i mbliana ar an gcéad chogadh domhanda a tharla cead bliain ó shoin. Ach, is cothrom na bliana seo i mí Dheireadh Fómhair céad bliain ó shoin freisin gur chomhbhunaigh James Connolly Léag Neodrachta na hÉireann.

Ó 2003 tá rialtais éagsúla i ndiaidh brú a chur ar an stát seo, gan cead na Dála ná saoránaithe na tíre, tacú leh-ionradh mídhleathach ar an Iaráic, bunaithe ar fhianaise bhréagach. I 2003, amháin tugadh cead do 3500 eitleán mhíleata dul tríd aerspás na hÉireann agus sheas ós cionn 125,000 saighdiúr ó na Stáit Aontaithe in aerfort na Sionna ar an mbealach le dul i mbun cogaíochta. Meastar go ndeachaigh thart ar 2.2milliúin saighdiúr tríd an aerfort céanna idir 2002 agus 2011.

pg24-2

• Gearradh príosún trí mhí ar Margaretta D’Arcy 

Nuair a bhí an Tánaiste sa bhfreasúra lábhródh sé go paiseanta maidir le mí-úsáíd aerfort na Sionainne agus an easpa iniúchadh a bhí dha dhéanamh ar eitleáín a bhí dul tríd agus go raibh imni mhór air go raibh ‘géilleadh úrghnách’ (‘special rendition’) ar siúl. ‘Not knowing is not good enough’ a bhíodh sé ag rá agus é ag impi ar na h-údaráis dul ar bhord na h-eitleáin ar raibh amhras futhú le deimhniú nach amhlaidh a bhí. Anois, is eisean atá freagrach, mar Aire Gnóthaí Eachtracha, as eitleáin eachtracha ag teacht tríd an aerfort sin agus tá a phort athraithe ar fad aige. Cloigeann sa ngaineamh atá anois ag an Tánaiste maidir le sáraithe cearta daonna ar thalamh na hÉireann. Sin an rud atá Margaretta ag iarraidh athrú.

Nuair a d’ardaigh mé seo leis an rialtas sa Seanad le déanaí, is é an freagra céanna a bhíodh Fianna Fáil ag tabhairt nuair a bhíodar i rialtas is atá ag an Lucht Oibre ag úsáid anois — nach bhfuil aon fhianaise ann, go bhfuil barántas ag an rialtas ón leibhéal is airde ó na Poncánaigh nach bhfuil tada mícheart ag tarlú agus gur cheart muinín a chur iontu.

Cinnte níl aon fhianaise ann, mar níl éinne ag dul ar bord na h-eitleáin le fianaise a lorg. Níl aon chead ag sibhialaigh dul isteach san aerfort lena leithéad a bhailliú ach an oiread – sin ann fáth go bhfuil Margaretta gafa.  Tá dalladh fianaise bailithe ag Shannonwatch agus imní mhór leirithe ag Comhairle na hEorpa agus Amnesty International ach níl aon fhiosrúchán ceart déanta ag an rialtas. Is léir ó sceitheadh Wikileaks go raibh barúil mhaith eg Dermot Ahern nach raibh gach rud mar is ceart agus sa Bhreatain thug Ed Miliband le fios i Westminster le fios nár insíodh an fhírinne ar fad dóibh siúd maidir le h-ábhar den chineál ceanna ansiúd thall.

Ach, tá Eamon Gilmore agus an rialtas sásta breathnú an treo eile anois freisin agus ligean don chóras dlí mná cróga atá ag seasamh ar son cearta daonna idirnáisiúnta a chur i bpríosún as an fhírinne a inseacht. Nach iontach an tír beag í seo.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland