Top Issue 1-2024

12 January 2014 Edition

Resize: A A A Print

Daonlathas áitiúil faoi ionsaí ag Hogan

An-dochar dhá dhéanamh ag Fine Gael agus an Lucht Oibre don chóras rialtas áitiúil

Fágfar an gnáthphobal in áit na leithphingine san athchoiriú seo, in ainneoin go bhfuil sé dhá dhíol linn mar an athchóiriú is radacaí ar an gcoras rialtas áitiuil le céad bliain

TÁ AN-IMNÍ orm maidir leis an gcreimeadh atá dhá dhéanamh ar an daonlathas áitiúil ag an rialtas seo. Tá na pobail tuaithe faoi ionsaí go mór agus tá an chumhacht áitiiúil dhá thabhairt do státseirbhísígh agus bainisteoirí agus ciorraithe dhá chuir faoi cheilt faoi scáth ‘leasuithe’ ar an gcóras rialtas áitiúil.

Tá Phil Hogan ag cur i gcrích mianta na mBainisteoiri Contae agus ag baint de chumhachtaí na n-ionadaithe tofa leis na h-athruithe atá sé ag brú chun cinn. Cuireadh an daonlathas áitiúil faoi ionsaí ag deireadh 2013 nuair a tháinig an Bille Rialtas Áitiúil Leasuithe ós comhair Thithe an Oireachtais. Tá seo bunaithe ar an bplé cháipéis a chuir sé amach tamall ó shoin faoin teideal ‘Putting People First’ agus mar is nós leis an rialtas seo níl aon ghaol idir teideal na tuarascála agus na spriocanna a luaitear sa gcáípéis féin.

Fágfar an gnáthphobal in áit na leithphingine san athchóiriú seo, in ainneoin go bhfuil sé dhá dhíol linn mar an athchóiriú is radacaí ar an gcóras rialtas áitiúil le céad bliain.

Is é fírinne an scéil ná go bhfuil rialtais éagsúla ag baint an bonn de na comhairlí chontae agus cathrach le blianta fada anuas agus iad ag baint dá gcumhachtaí agus ag ceilt na h-acmhainní cuí orthu. Téann an plean nua seo ag Hogan níos faide arís. Tá roinnt moltaí maithe ann ar nós toghadh Méara ar Bhleá Cliath, bunú grúpaí polasaí straitéiseacha agus ag clárú íocaíochtaí do bhaill tofa ag comhdhálacha is araile.

Ach, ní dhéantar aon fhíor dílárnú cumhachta ón rialtas láir áfach. Ní thugtar aon chumhachtaí breise cinnteoireachta do chomhairleoirí ann. Níl sna cumhachtaí breise nua ach athraithe fánacha i ndáiríre, ar nós ceadú do chomhairlí chontae glacadh le tuairiscí bliantiúla, rud atá i bhfeidhm go praiticiúil cheana féin.

Níl aon mholtaí sa bhille chun dul i ngleic leis an ngéarchéim ó thaobh tithíochta de, nó cúrsaí bailithe brúscair, le seirbhísí oideachais a chur ar fáil ná chun tacú le seirbhísí dóiteáin níos fearr a sholáthar. Níl aon athrú gur fiú trácht air maidir le cumhachtaí pleanála agus gan aon fhreagracht breise le fáil ó Bhleá Cliath.

An cur chuige a bheadh ag Sinn Féin ná dá mhéid cumhacht agus is féidir a bheith dílárnaithe ón rialtas láir agus malartú freagrachtaí ó na bainisteoirí Contae agus Cathrach. Áiríonn muid anseo cumhachtaí pleanála eacnamaíoch, bainistiú brúscar, uisce, séarachas, tithíocht agus eile.

Caithfidh aon athrú a dhéantar cinntiú go gcuirtear seirbhísí níos fearr agus níos éifeachtaí le struchtúir cuí ar fáil do shaoránaigh a bhfuil freagracht daonlathach ina chroílár. Ní aontaíonn muid le gearradh 949 comhairleoirí dá bharr seo.

Tá 112,000 duine gan choiríocht ceart ar liostaí na gcomhairlí chontae. Caithfear soláthar tithíochta a chur ar ais mar fheidhm lárnach sa gcóras rialtas áitiúil tré 9,000 teach a thógáil as seo go ceann bliain go leith.

Tá Sinn Féin i bhfábhar córas pleanála le h-inchur ó na saoránaigh atá dírithe ar phobail inmharthanacha a thógáil. Tá muid ar son cur chuige uile Éireannach chun cinntiú go gcuirtear uisce ar chaighdeán ard le n-ól ar fáil san áit a dteastaíonn sé, nuair a theastaíonn sé. Tá muid ag tabhairt freasúracht láidir do phleananna an rialtais le méadair uisce a chuir isteach, díreach ar mhaithe le h-airgead breise a bhaint de dhaoine, seachas chun soláthar níos fearr uisce a dheimhniú.

Tá amhras orainn maidir le lagú na gcomhlachtaí áitiúil forbartha pobail agus an seilbh atá an rialtas aitiúil chun glacadh ar chistí ar nós LEADER agus an Clár Forbartha Pobail Áitiúil. Is iad tosaíochtaí na mBainisteoirí Contae seachas tosaíochtaí an chosmhuintir a bheidh dhá bhrú chun cinn feasta – ag baint den daonlathas áitiúil.

Ba chóir na cumhachtai maidir le bóithre agus iompar a thabhairt ar ais chuig na comhairleoirí atá tofa go daonlathach. Caithfear cur leis an gcóras iompar poibli seachas baint dhe. Is céim mhór ar gcúl atá sa lárnú ar an gclár iompar tuaithe faoin gcóras rialtas áitiúil chomh maith.

D’fhéadfaí an sampla atá tugtha ag na Páirtnéireachtaí Póilíneachta Dúiche sa tuaisceart a leanúint agus inchur áítiúil níos láidre a thabhairt do na Comhcoistí Póilíneachta.

Ach, is léir gur lárnú cumhachta atá in intinn Fianna Fáil agus Páirtí an Lucht Oibre agus gur sa treo eile ar fad atá an córas ag dul.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland