Top Issue 1-2024

3 November 2013 Edition

Resize: A A A Print

An Rialtas ag bogadh go mall ar leasú an Chóireáil Dhíreach

Gan de rogha acu ach glacadh le rún sa Seanad ag lorg leasuithe

‘Bionn muid ag cur aghaidh gealgháireach orainn féin ach tá mé ag fail bháis taobh istigh’

MÁS mall féin is mithid, a deirtear, agus is amhlaidh atá maidir le dul chun cinn an Rialtais chun an córas tearmann do theifigh, an Chóireáil Dhíreach, a leasú. Ach, tógadh céim suntasach le seachtain anuas, mar gur glacadh d’aonghuth sa Seanad le rún a mholann athchóiriu a dhéanamh ar an gcóras seo.

De réir na figiúir is déanaí, 4,624 duine atá coinnithe sa chóras Cóireáil Dhíreach. Cuireadh an chóras seo ar bun breis is deich mbliana ó shoin le freastal ar na daoine a thagann ó thíortha eile agus iad ag teitheadh, nó ag lorg tearmann ar chúis amháin nó ar chúis eile. Is páistí iad 1732 acu sin, cuid mhór acu a rugadh agus a tógadh san gcóras féin.

Córas gearrthréimhseach a bhí in ainm is a bheith ann ó thús. Ní raibh sé i gceist go mbeadh daoine ag fanacht ann ach ar feadh sé mhí ar a mhéid, ach tá daoine áirithe ann le breis is deich mbliana. Fabht eile atá sa chóras ná go bhfuil sé i lámha phríobháideacha a bheag nó a mhór. Rinneadh príobháidiú air faoi cheannas Fhianna Fáil, seachas cupla ionad gur leis an Stát iad ach a bhfuil comhlachtaí príobháideacha i mbun bainistíochta iontu.

Caitheadh €63m anuraidh leis na comhlachtaí seo, a chuireann cóiríocht ar fáil i meascán d’árais — sean-óstáin, ionaid saoire, clochair is a leithéad. Is conradh a bhíonn i gceist le áit chodlata, béilte agus cóiriocht theoranta eile a chuir ar fáil.

Tá cuid mhór ceisteanna ardaithe maidir leis an gcóras le tamall anuas ag eagrais dheonacha, gníomhaithe pobail, forais idirnáisiúnta, polaiteoirí agus iriseoirí. Díol súntais ab ea an méid a dúirt an Iar-Ombudsman Emily O’Reilly faoin ábhar agus í ag léiriú inmí an-mhór faoi, go h-áirithe maidir le h-easpa córas gearáin agus formhaoirsithe.

Thug mé féin agus an Seanadóir Martin Conway (Fine Gael) cuairt ar phéire de na h-ionaid seo i nGaillimh le coicíos anuas. Chuir an éadóchais sna h-ionaid as go mór dúinn. Míchinnteacht maidir le cén uair a dtabharfaí breith ar a gcuid iarratais tearmainn an locht is mó a bhí ag an dream a chas muid leo. “B’fhearr duit go mór fada a bheith ag cur isteach téarma priosúntachta,” a deir bean amháin linn, “mar ar a laghad ar bith le sin, tá fhios agat cén uair a dtiocfaidh deireadh leis.”

Bhí bean eile an-imníoch maidir leis an tionchar ar na gasúir. “Tá mise ocht mbliana sa chóras agus tá mo pháiste seacht mbliana,” deir sí. “Ní thuigeann sí aon rud eile ach an choireáil dhíreach. Feiceann sí páisti eile ag imeacht agus fiafraíonn sí dom, mamaí cén uair an mbeidh muid ag imeacht agus níl aon fhreagra agam di. Déanann muid ár ndícheall. Bionn muid ag cur aghaidh gealgháireach orainn féin ach tá mé ag fail bháis taobh istigh.”

Chuir na teifigh in iúl go láidir nach dteastaíonn uathu a bheith mar ualach ar an Stát. Tá siad ag iarraidh cabhrú le muid a thógáil as an ngéarchéim eacnamaíochta. Tá scileanna agus oideachas go leor acu — céimithe, lucht gnó, altraí, dochtúirí, ceolteoirí, acadúlaithe is eile. Tá siad ag iarraidh cead oibre. Ach, tá sin ceilte orthu mar nár ghlac an tír seo go fóill le treoir Eorpach a thabharfadh cead teoranta oibre do theifigh tar éis doibh a bheith anseo sé mhí. Tá an treoir seo glactha ag gach tír eile san Aontas Eorpach seachas an Danmhairg, a bhfuil téarmaí níos fábhraí ná an méid atá sa treoir glactha acu.

Tá bealach níos fearr leis seo a riaradh. Thug mé cuairt ar ionad do theifigh sa Phortaingéil le mí anuas, i gcuideachta ionadaithe ó Chomhairle Teifeach na hÉireann, Spirasi (eagraíocht a thacaionn le daoine a d’fhulaing spídiúlacht) agus an Seanadóir Conway. An rud a d’fhoghlaim muid ná go n-oibríonn na póiliní ansin go dlúth leis na h-eagrais dheonacha.

Go ndéantar próiseáil i bhfad níos tapúla ar iarratais an lucht tearmainn agus go dtosaítear ar an bproiséas comhdhlúthú i bhfad níos túisce. Ach, cé nach nglacaim leis gur chóir an scéala seo a thomhais i dtéarmai eacnamaiochta, is fiú a lua nach gcaitear ach beagán le cois €1m sa bhliain ar an gcóras ansiúd, ait a bhfuil muidne ag caitheamh breis is €73m.

Fáiltím roimh bogadh an Aire ar an gceist, ach beidh gá le beart dearfach de réir briathar, go tapaidh, leis an gcóras éagóireach seo a chuir ina  cheart.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland