Top Issue 1-2024

3 July 1997 Edition

Resize: A A A Print

Séasúr na máirseála mire chugainn

An mbeidh sé de mhisneach ag rialtas Tony Blair seasamh in aghaidh na máirseála mire Dé Domhnaigh? Ní hamháin go mbeidh an tsíocháin in Eirinn ag brath ar fhreagra na ceiste sin ach tabharfiadh sé léiriú dúinn ar ionracas an rialtais nua i Londain.

Dá ndéanfadh an Fronta Náisiúnta iarracht siúl trí cheantar Ioslamach in Huddersfield bheadh feisirí parlaiminte, eaglaisiagh, ceannairí pobail agus iriseoirí na bunaíochta féin ag iarraidh iad a chosc. Samhlaigh dá mbeadh léirsitheoirí frith-Ghiúdacha ag agóidíocht gach Satharn taobh amuigh de shionagóg in Birmingham. Bheadh Jack Straw, an Cairdinéal Hume, Martin Bell, agus, b'fhéidir, Diana Spenser ag cur na cosa díobh faoin chur isteach ar shaoirse reiligiúnach.

Ní uair amháin gur tharla a leithéid sa Bhaile Caol, Contae Aontroma, ach seachtain i ndiaidh seachtaine ar feadh na míonna. D'fhan maithe agus móruaisle na Breataine ciúin. Nuair b'éigean an t-aifreann seachtainiúil sa Bhaile Ceol a chur ar ceal coicís ó shin ba chathréim é don bhiogóideacht agus don seicteachas.

Cloistear Oráistigh ag cnáimhseáil faoina gcearta mairseála. Cé acu a raibh cearta máirseála idir 1921 agus 1972 nuair a bhí an tOrd Oráisteach i gcumhacht sa státán tuaisceartach? Níor rathaíodh cearta dá leithéid do neamh-Oráistigh san Civil Authorities (Special Powers) Act 1922 nó san Pubblic Order Act 1951. A mhalairt ar fad! Thug an reachtaíocht sin an t-údaráis don Aire Gnóthaí Baile in Stormont cosc a chur le ``meetings, assemblies... or processions in public places.'' Baineadh úsáid as na dlíthe sin le stop a chur le cruinnithe agus paráideanna de chuid eagraíochtaí poblachtacha agus lucht oibre bliain i ndiaidh bliana.

Bhain gach Aire Gnóthaí Baile - Oráistigh gach duine acu - leas as na dlíthe sin leis an bhforlamhas aontachtaíoch a chaomhnú. Má tá cogadh in Eirinn le glúin anuas tá cuid nach beag den mhilleán ar William Craig a bhí ina Aire Gnóthaí Baile aimsir na Gluaiseachta um Chearta Sibhialta i ndeireadh na 1960í. Níor aithin Craig aon phrionsabal teibí maidir le cearta máirseála. Bhí a leithéid de cheart, dar leis, ag a chomh-Oráistigh ach ní raibh de fhreagra aige ar éileamh ar cheatra ó náisiúnaithe ach an smaichtín, an dorn agus an piléir agus d'úsáid an RUC agus na B-Speisialaithe iadsan go díograiseach thar a cheann.

Ba é an William Craig céanna, agus é ina cheannaire ar an eagraíocht fhaisisteach an Ulster Vanguard Paryt, a dúirt: ``We are prepared to come out and shoot and kill, let's put bluff aside. I am prepared to kill adn those behind me will have my full support.'' Ba tríd an eagraíocht chéanna, Vanguard, a tháinig David Trimble chun tosaigh i dtosach. Bhi sé ina leascheannaire tráth. Scríobh sé le haghaidh iris de chuid an UVF fresisin. Is é an Trimble céanna atá ina cheannaire ar an UUP anois.

Ba é Trimble thar aon duine eile a spreag agus ghríosaigh na hOráistigh le léigear a chur ar Gharbh Achaidh i 1995 agus arís anuraidh. Mar is dual don traidisiún Oráisteach is gaire do mheon Trimble an forneart ná an dlí - fiú dlí a bhanríona féin - agus más gá lámh láidir le treabhadh go sotalach trí cheantar labhairt le ceannairí pobail áirithe á cáineadh. Diúltaíonn Trimble labhairt le ceannairí pobail áirithe de chuid na náisiúnaithe ach níor leasc leis dul i gcomhairle le Billy Wright, ceannaire de chuid an UVF i bPort an Dúnáin, trí lá tar éis don UVF céanna fear tacsaí a mharú sa chomharsanacht ar an aon chuntar amháin, gur Caitliceach a bhí ann.

Tá rince sna hOileáin Fhilipíneacha a dtugtar an trimble air. Castar cúrfá lena linn: ``One step forward/Two steps back./Let's trimble!'' Faoi Tony Blair atá sé dul ag trimbleáil amhlaidh nó coiscéim dhána chun tosaigh a ghlacadh.

Le Colm de Faoite


Abhar eithneach caite i Muir na hEireann ag rialtas na Breataine



Tá rialtas na Breataine tar éis admháil gur dumpáil siad ábhar eithneach i Muir na hEireann faoi rún i rith na 1950í agus na 1960í. Bréagnaíonn admháil na seachtaine seo ráitisí ó rialtas na Breataine le 13 bliain anuas.

Ba i nDíog Beaufort idir chósta na hAlban agus cósta Chontae an Dúin agus Chontae Aontrama a chaitheadh an ábhar eithneach ag comhlachtaí príobháideacha ar son Oifig na hAlban Rialtais na Breataine.

Bhí sé nochtithe roimhe seo go raibh na céadta míle tonna de airm agus ábhar phléascach caite sa suíomh seo agus in áiteanna eile timpeall chósta na Breataine ar son Roinn Cosanta na Breataine ó na 1920í ar aghaidh.

Dúradh gur lean an dumpáil míleata go dtí 1976. Ach go dtí seo bhí sé séanta ag aire i ndiaidh aire ag Westminster go raibh ábhar eithneach ann. O 1984 tá sé ráite le phairlimint na Breataine ag airí gur chaitheadh an ábhar eithneach ar fad i lár san Aigéin Atlantach.

Le blianta fada anuas tá feachtas ag an Conradh Ceilteach chun an truailliú eithneach ag rialtas na Breataine a nochtadh don phobal. Bhí admháil an rialtais mar ``total vindication'' ar seasamh an Chonartha Cheiltigh, a dúirt Bernard Moffatt, ard rúnaí an eagrais. Dúirt sé go raibh sé dhualgas ar rialtas na Breataine an eolas iomlán a thabhairt don bpobal mar tá níos mó ceisteanna ardaithe anois leis an admháil seo.

Tá rialtas Atha Cliath ag lorg fiosrúchán poiblí ar an dumpáil seo. Ba chóir fiosrúchán idirnáisiúnta a chur ar bun ní hamháin ar dumpáil ábhar eithneach i Muir na hEireann ach ar thionscal eithneach na Breataine, Sellafield san áireamh, atá mar bhagairt mór dá muintir féin agus do mhuintir na hEireann.


Slógadh i gContae Mhaigh Eo



Tá Slógadh Shinn Féin ag bogadh siar arís i mbliana i ndiaidh deireadh seachtaine spéisiúla a chaitheamh anúraidh i nGaeltacht Ghaoth Dobhair sna Doirí Beaga. I mbliana is go Muigh Eo a thabharfaidh Gaeil na Gluaiseachta aghaidh nuair a cruinneoidh siad don Aonú Slogadh Déag i nGaeltacht Ceathrú Thadhg agus baile fearainn Pholl a' Thomhais.

Gheall Eoghan Mac Cormaic, Roinn an Chultúir, an tseachtain seo go mbeadh deireadh seachtain ana-spéisiúil i ndán do lucht freastal an tSlogaidh:

```Sé téama an tSlogaidh seo ná `Aithint don tSainordú' agus is rí-fhéiliúnach é mar théama i mbliana ach go háirithe nuair atá go leor leor ionadaithe tofa nua againn. Tá súil agam go mbeidh duine nó beirt de na hionadaithe sin in ann freastal ar an imeacht seo agus tá a fhios agam go bhfuil spéis cheana féin ag muintir na h-áite in iarthuaisceart Mhuigh Eo sna h-imeachtaí seo.''

I measc na dtéamaí eile a pléifear ag an tSlogadh beidh: `Eisimirce, inimirce agus athbheochaint'; agus `Trí chomóradh , 1798, An Gorta, Éire Og'. Beidh cainteoirí áitiúla agus, mar is ghnáth i gcás na slogthaí thar na blianta, beidh aoíchainteoirí ann ó pháirtithe polaitiúla eile ar an ardán. Tá go leor stair ag baint leis an cheantar ina mbeidh an Slógadh suite agus tá sé i gceist ag lucht eagraithe na himeachta go rachaidh an turas chomh fhada leis na Páirceanna Céidí san iarnóin, ar an tSatharn.

Beidh an Slogadh ag siúl ón Aoine, 3ú Deireadh Fómhair go dtí an Domhnach 5ú Deireadh Fómhair. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach glaoch ar Eoghan MacCormaic (091-527061) nó scríobh le Roinn an Chultúir,Sinn Féin, 44 Cearnóg Parnell, Baile Atha Cliaith 1.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland