Top Issue 1-2024

2 December 2012 Edition

Resize: A A A Print

Sinn Féin ag Cabaireacht ag Oireachtas na Gaeilge

BHÍ deire seachtain iontach ag cuid againn I Leitir Cheannainn ag tús Mí na Samhna, áit go raibh Oireachtas Na Gaeilge á reáchtáil I mbliana.

Don chéad uair riamh, bhí cruinniú inmheánach do choiste Gaeilgeoirí an Pháirtí ar siúl in Óstán an Mount Errigal agus caithimé rá gur ábhar dóchais a bhí ann maidir le borradh an Ghaeilge sa Sé Chontae. Bhí sé soiléir go bhfuil obair iontach á dhéanamh ó Thuaidh maidir le dul chun cinn an teanga. Tá Líofa ag dul I mhéid agus níos mó daoine ag foghlaim agus ag labhairt na Gaeilge ná mar a bhí riamh.

Is ait an rud é im thuairim se, go bhfuil an teanga ag forbairt agus ag fás sa Sé Chontae agus go bhfuil sí I mbaol san 26 Chontae.

Leis na giorraithe ar fad agus an slad atá á dhéanamh ag an rialtas ar an nGaeltacht, ní fada go mbeidh na breac Gaeltachtaí imithe agus go mbeidh an tobar ag eirí níos tirime.

Mar sin féin, is dócha ag foghlaim uaidh ár gcom leacaithe san Tuaisceart, ní phribhléid í an teanga, caitear troid ar a shon, b’fhéidir le ró fhada san Deisceart go gceapaimid go mbeidh an teanga ann go brach agus go mbeidh Gaeilge ar fáil dúinn aon uair gur mhaith linn. Is amhlaidh atá ann anois.

Tá cumadh ar go bhfuil an Straitéis Plean teanga ag titim as a cheile, gan aon chaint nó forbairt ag teacht as, gan aon díospóireacht ar giorraithe Radio na Gaeltachta, le Údarás na Gaeltachta faoi smacht an tAire stáit, le caint ar Gaeilge san Oideachas a dhéanamh níos deacaire, nach bhfuil sé in am dúinn dúiseacht suas agus tarrach le cheile chun a chinntiú go mbeidh an Ghaeilge slán dár glúinte amach romhainn? 

 Bhí na gluinte seo ag freastal ar an Oireachtas, agus bhíodar ann go tiubh, mná agus fir óga ag baint ana thaitneamh as an scléip agus ár gcultúr dúchasach, nach bhfuil sé mar dhualgas orainn tacaíocht a sholáthar dóibh siúd ionas go mbeidh a leithéidí I gcónaí ag freastal ar an Oireachtas? 

Tar eis an cruinniú stairiúla seo, bhí an seoladh oifigiúla ann do ‘An Cabaire’, an leathanach nua facebook atá ag Sinn Féin. Is an tUasal Gearóid Mac Ádhaimh TD a sheol an leathanach agus is ócáid spraíúil a bhí ann, thug sé le tuiscint do dhaoine gur acmhainn ‘An Cabaire’ go mbeidh ag freastal ar chainteoirí agus foghlaimeoir Gaeilge gan trácht ar an gossip agus cúl chaint go mbeidh ar.

Bhí go leor daoine ann agus díreach ina dhiaidh bhí Seimineár thar a bheith spéisiúil ann le Páidí O’Lionáird mar chathaoirleach iontach. Is í Gráinne Mhic Géidigh mar aon le Fergus O hÍre (Radio Fáilte) agus Kevin De Barra (Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge) a bhí ar an bpainéil do chainteoirí agus iad ag trácht ar ‘Thodhchaí na Gaeilge’. Is léir nach raibh go leor ama ann mar is ceist ollmhór an cheist úd agus bheadh cúpla turas go dtí an ghort ag teastáil chun é chíoradh. 

Bhí sólaistí ar fáil do cách agus ar ndóigh bhí seans ag daoine dul ag spaisteoireacht go dtí na imeachtaí eile a bhí ar siúl. Bhí go leor lúibíní agus agallaimh beirte ann mar aon leis an rince ar an sean-nós agus gan dabht an buaic phointe Corn Uí Riada. Caithimé admháil mar sin féin go raibh an Riadach airithe seo ina shámh codladh nuair a bhí an Corn ar siúl agus ní haon ionadh leis an turas uafásach fada go dtí mo bhaile féin I Múscraí. Bhí an t-ádh liom gur dhúisigh mé in am nuair a bhí an buaiteoir Pól O’ Ceannbháin ag amhránaíocht.

Tá ard mholadh le dul go dtí lucht an Oireachtais, Liam O’ Modhlai ach go háirithe go raibh ag obair ó mhaidin go hoíche ag cinntiú go raibh gach rud mar is cui. Beidh An Oireachtas á reáchtáil I gCill Airne an bhliain seo chugainn agus mar sin a chairde Gael, táim ag moladh díbh ar fad tosú ag cuir peann le páipéar agus ar a laghad cuir isteach ar comórtas éigin. Beidh gan dabht, na fíor scéalta a thit amach le linn an Oireachtas le feiceáil ar ‘An Cabaire’.

Le Liadh Ní Riada

Oifigeach Náisiúnta Gaeilge ó Shinn Féin

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland