Top Issue 1-2024

2 December 2012 Edition

Resize: A A A Print

Ceapacháin ar Bhord Údarás na Gaeltachta éagcothrom

Fábhar polaitiúil agus fimínteacht an Rialtais ríshoiléir

• Aire na Gaeltachta Dinny McGinley agus John Perry

Ba chóir don Aire míniú dúinn chomh maith cé na critéir a d’úsáid sé chun na baill nua a roghnú. An bhfuil cáilíochtaí pleanála teanga acu? An bhfuil cónaí orthu sa nGaeltacht? Cén taithí gnó, cruthú fostaíochta nó forbartha pobail atá acu?

TÁ FAILLÍ TÍREOLAÍOCH agus inscne ag baint leis na ceapacháin atá déanta ag Aire na Gaeltachta, Dinny McGinley ar bhord Údarás na Gaeltachta. Tá líon na mban ar an mbord gearrtha go beirt agus tá líon na gcomhaltaí as Gaeltacht na Gaillimhe laghdaithe ó ochtar go beirt.

Cé go bhfáiltím roimh an bhfógra agus guim gach rath ar na baill nuathofa, ardaíonn na ceapacháin cuid mhaith ceisteanna bunúsacha faoi cur chuige an Rialtais, dar liom.

Tá daoine den dtuairim gur de bharr dílseacht pholaitiúil atá cuid mhaith de na ceapacháin seo déanta agus go mbeidh tromlach an-mhór ag daoine atá fabhrach d’Fhine Gael agus an Lucht Oibre ar an mbord.

Seo an imní a bhí chuid mhaith de phobal na Gaeltachta  nuair a d’athraigh an tAire an leagan amach daonlathach ar an mbord. Níl an bord nua tofa ag an bpobal dar díobh iad agus is laigeacht mór san ionadaíocht é sin, dar liom.

Tá fimínteacht ag baint le cur chuige an Rialtais freisin.

Ar thaobh amháin tá siad ag iarraidh reachtaíocht a chuir chun cinn le líon na mban sa gcóras poiblí a mhéadu, rud atá ceart, ach nuair a bhí deis ag an Aire Gaeltachta cothromaíocht a thabhairt do mhná ar bhord an Údaráis, a mhalairt atá déanta agus ionadaíocht na mban gearrtha caoga fán gcéad aige. An deá-chleachtas atá ar fud na hEorpa ná go mbeadh ar a laghad ceathracha fán gcéad ban ar bhoird stáit, ach níl sa bheirt atá ceaptha ag an Aire ach 16% den iomlán. Deis eile caillte aige measaim.

Is í Gaeltacht na Gaillimhe an ceantar is mó daonra sa nGaeltacht le suas le 45,000 duine ann. Tá sé beagnach dúbailt chomh mór le Tír Chonaill ina bhfuil tuairim 24,000 duine. Ach, tá ceathrar ionadaí ar an mbord nua de bhunadh Thír Chonaill agus gan ach beirt as Gaillimh, áit a raibh ochtar roimhe sin. Níl muid ag lorg aon cheo breise do Ghaillimh seachas aon cheantar eile, ach ní coibhneas faireáilte é sin.

Ba chóir don Aire míniú dúinn chomh maith cé na critéir a d’úsáid sé chun na baill nua a roghnú. An bhfuil cáilíochtaí pleanála teanga acu? An bhfuil cónaí orthu sa nGaeltacht? Cén taithí gnó, cruthú fostaíochta nó forbartha pobail atá acu?

Ba chóir dó chomh maith eolas a thabhairt faoi aon bhallraíocht a bhí, nó atá acu, in aon pháirtí polaitiúil, nó ar thacaigh siad ariamh le iarrthóirí ó aon pháirtí ar leith aimsir toghcháin, sílim. Tá sé seo tábhachtach i gcomhthéacs na daoine eile a chuir iarratais isteach le bheith mar bhaill boird agus nár éirigh leo. Ba chóir go mbeadh sé soiléir gur de bharr taithí agus cumas a rinneadh an cinneadh, seachas aon cheo eile.

Is maith an rud go bhfuil ionadaíocht ar an mbord nua ó na Gaeltachtaí beaga, ach ba chóir don Aire dá bhrí sin soiléiriú a dhéanamh ar ionadaíocht na ndaoine a bheidh ainmnithe ó Chomhairlí Chontae na Mí, Corcaigh agus Port Lairge amach anseo. Tá sé sa reachtaíocht go mbeidh siad ag babhtáil gach bliain. Más ea, ceard a tharloidh d’ionadaíocht na Mí an bhliain seo chugainn? Ní cosúil ach an oiread go bhfuil éinne ceaptha ag an Aire a bhfuil cónaí orthu ar oileán Ghaeltachta agus is mór an trua sin, mar go bhfuil ról faoi leith ag na hoileáín i saol agus cultúr na Gaeltachta.

Bhí amhras orainn nuair a bhí Bille na Gaeltachta dhá bhrú thríd an Oireachtas  agus athruithe ar bhord an Údaráis le tabhairt isteach, go mbeadh laghdú ar an daonlathas, ar an ionadaíocht ó na pobail agus go mbeadh fábhar do pháirtithe an Rialtais sna ceapacháin. Tá sé tabhachtach go léireoidh an tAire anois nach amhlaidh atá, le go mbeadh muinín ag daoine san Údarás agus an obair fíorthabhachtach a dhéanann sí.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland