3 September 2012 Edition
Cuimhní cinn ar laethanta i mBéal Feirste
Is cuimhin liom go soiléir an céad seachtain a d’obair mé i mBéal Feirste, d’fhreastal mé ar fhairí Mairéad Farrell, Dan McCann agus Seán Savage
IS CEANTAR go huile is go hiomlán difriúil é Béal Feirste sa lá atá inniu ann i gcomparáid leis an cathair a d’obair mé ann i 1988. Chaith mé seal ag obair le gníomhaireacht cabhrach i mBaile Átha Cliath i ndiaidh dom ceithre bhliain a chaitheamh mar ghníomhaí ar son cearta an duine i Nicearagua agus i bPoblacht na Salvadóire. Bhunaigh mise agus dream eile den mheon céanna ‘Ionad Taighde agus Doiciméadúchán,’ lonnaithe in iarthar Bhéal Feirste. Cuireadh béim ar chúrsaí ‘tuaisceart agus deisceart’ in nÉireann agus ar fud na cruinne. Bhí béim curtha chomh maith ar an slí go bhfeadfaí ceachtanna a fhoghlaim ó Thíortha éagsúla ina raibh stair chorrach ann.
Is cuimhin liom go soiléir an céad seachtain a d’obair mé i mBéal Feirste, d’fhreastal mé ar fhairí Mairéad Farrell, Dan McCann agus Seán Savage. D’fhág mé na tithe sin le croí trom –– Bhíos ag reilig Baile an Mhuilinn nuair a dhein Michael Stone ionsaí ar na sochraidí. Bhí m’athair féin ag fáil bháis ag an am agus bhí orm scairt a chur ar mo mháthair ó guthán in aice le beairicí Bhaile Andarsan le rá go raibh mé slán sábháilte. Ní raibh fhios ag mamaí go raibh mé i mBéal Feirste ag an am sin –– d’inis mé dí go raibh mé i mBaile Átha Cliath ach tuigeann gach máthair a páiste!
Bhí fhios aici nach raibh mé i mBaile Átha Cliath nó cóngarach do fiú! I rith na laethanta sin bhí mé ag taisteal go min minic ó thuaisceart na hÉireann go Maigh Eo agus chonaic mé difríochtaí ollmhóra idir an Tuaisceart agus an Deisceart. Bhí meascán de eagla agus fiosracht, fearg agus ciontacht ionaim.
Ó 1988 go 1996 shiúil mé taobh thiar de bharraíocht cónraí, thug mé cuairt ar mórán príosúin agus sheas mé ar thaobh mórán bóithre nuair a déanadh cuardach ar mo charr, mhothaigh mise agus na mílte eile an eagla lá i ndiaidh lae. Bhí inion agam i 1992 agus an dara inion i 1996. Tá garmhac agam anois, Sé beag álainn!
Is rud iontach é le bheith ina seanmháthair ach tá sé deacair an taithí seo a chur i bhfocail.
Titeann rud úr amach gach lá agus is breá liom é sin! Níl sé ach seacht mí déag ach tá sé ag pléascadh le dóchas, fiosracht, agus bíonn suim ollmhór aige I ngach rud atá timpeall air. Tá sé ag foghlaim an oiread sin lá i ndiaidh lae agus bíonn sé inár gcóipeáil le linn an ama –– ní rud maith é sin i gcónaí!
Tá mise sona sásta go bhfuil próiseas na síochána againn anois, fiú nach bhfuil sé foirfe tá mé fíor shásta go bhfuil muid ag tógáil Éire nua don chéad glúin eile. Táim den tuairim chomh maith go bhfuil dul chun cinn déanta maidir le cultúr le déanaí agus cuireann sé sin dóchas i mo chroí. É seo ráite tá a fhios agam go bhfuil dúshláin romhainn agus go mbeidh as seo amach. Tá neart athrú go fóill ag titim amach gan amhras.
Tá Sinn Féin chun tosaigh mar is ghnáth maidir le athraithe agus faoi láthair táimid ag obair go cóngarach le pobal leispiach, aerach, déghnéasach agus trasinscneach. An seachtain seo caite labhair mé ag Féile Aerach i mBéal Feirste agus labhair mé faoi pholasaí Shinn Féin ar phósadh comhghnéis agus cothromas don phobal LGB&T. Ócáid den chéad scoith a bhí ann. I ndiaidh na hócáide chuaigh mé ar siúlóid le daoine eile a bhí i láthair ar an lá - bhí muid ag iarraidh greim bia a fháil. Bhí an grúpa ina raibh mé ann ina mheascán do gach sórt duine.
Mná, fir, aerach, díreach, Caitliceach, Protastúnach, aindiachaí, agus iar phríosúnach. Bhí bród an domhain orm bheith i mo bhall de Shinn Féin. Tá muid ag taispeáint ceannaireachta ar chúrsaí ar fud na tíre mar shampla ar phósadh comhghnéis. Ag an ócáid i mBéal Feirste bhí daoine inár moladh mar gheall ar an slí a thugaimid tacaíocht do chearta comhionanna do gach duine sa tír.
Thar na Seachtainí atá romhainn tabhair tacaíocht do na rúin ar an Mhaoil, i gceantar an Dúin, I nDoire, sa Lú, i nDún Dealgan, i mBaile Átha Cliath agus i bhFear Manach. Sinn Féin ag spreagadh ceannaireachta freagrach.


