Top Issue 1-2024

2 July 2012 Edition

Resize: A A A Print

Cíos, cás & cathú?

Feachtas i gcoinne laghdú na huasmhéíd tacaíochta cíosa

Níl aon dabht ach go n-íocann an Stát i bhfad an iomarca ar na scéimeanna liúntais cíosa, ach, is é croí na faidhbe ná nach bhfuil dóthain tithe sóisialta dhá chuir ar fáil

TÁ AN RIALTAS ag cur tionónta i gcoinne tiarna talúna ar bhealach atá éagóireach, éagcothrom agus míthrócaireach. Tá an laghdú atá déanta ag Joan Burton ar na liúntais cíosa a fhaigheann daoine ón Roinn Coimirce Sóisialaí ag díbirt daoine óna gcuid tithe, páistí amach as scoileanna agus clanna amach as na pobail ina gcónaíonn siad. Caithfear cur ina choinne seo go láidir.

Níl aon dabht ach go n-íocann an Stát i bhfad an iomarca ar na scéimeanna liúntais cíosa, ach, is é croí na faidhbe ná nach bhfuil dóthain tithe sóisialta dhá chuir ar fáil ag an Stát seo faoi láthair, ná nuair a bhí airgead flúirseach. Bhrúigh na hIar-Rialtais muid i dtreo an margadh príobhaideach don soláthar sin, polasaí atá an Rialtas reatha ag treisiú agus a bhfuil ag teip air.

Tá iachall dhá chuir ar thionóintí margántaíocht a dhéanamh lena gcuid tiarnaí talúna chun a gcíos a laghdú. Níl siadsan ábalta, nó sásta seo a dhéanamh i bhformhór na gcásanna. Fágann sin go gcaithfidh na tionóintí áítreabh nua a aimsiú, fanacht gan an cíos a íoc nó go ndíbreofar iad, nó an difríocht a íoc ‘faoin mbord’ má tá siad in acmhainn sin a dhéanamh. Má dhéanann siad, áfach tá siadsan agus an tiarna talúna ag briseadh an dlí.

Níl sé ceart ná cóir ceachtar don dá thaobh a chuir sa staid seo. Bhí bealaí eile le déileáil leis an bhfadhb. D’fhéadfaí margántaíocht a dhéanamh le h-eagraíochtaí a fheidhmíonn ar son tiarnaí talúna chun teacht ar rátaí sásúla. D’fhéadfaí an t-airgead atá dhá íoc a úsáid le tithe a cheannacht chun úsáíd mar thithe sóisialta. D’fhéadfaí cuid de stoc thithíochta NAMA a chuir ar fáil, nó fiú d’fhéadfaí airgead ón gciste pinsean a úsáid le tithe sóisialta a thógáil. Ach, nior roghnaigh an Rialtas na bealaigh sin. Chuir siad tionóintí leochaileacha ag idirbheartaíocht le tiarnai talúna - rud nach bhfuil ach chun crá croí a chothú, strus agus achrann a chruthú do gach duine atá i gceist.

Níl tithe ar fáil ar na rátaí nua liúntais cíosa atá ceadaithe ag an Roinn. Fiú má tá, is beag duine atá ábalta airgead a chuir síos lena leithéad a chinntiú. Tá costas ollmhór ag baint le bogadh tí chomh maith agus is beag duine atá ar fáíl liúntas cíosa a bhfuil an luach sin acu ach an oiread. Munar féidir leo teach eile a fháil beidh orthu stádas gan dídean a lorg agus beidh ar an Stát íoc as cóiríocht dóibh - rud atá an-chostasach agus a scarfaidh cúplaí agus teaghlaigh óna chéile.

Tá feachtas nua i gcoinne na gciorruithe seo tosaithe agus tá eolas le fáíl faoi ag www.reverserentcap.com. Tá muid ag iarraidh aird a tharraingt ar an gcruachás ina bhfuil na tionóintí, na deacrachtaí atá ag na tiarnaí taluna agus an easpa machnamh atá déanta faoi impleachtaí na n-athruithe seo ar an sochaí. Tá achainí ar-líne le síniú ann agus tá cruinnithe dhá eagrú le brú a chuir ar ionadaithe poiblí aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb seo. Tá cruinnithe poiblí dhá eagrú chomh maith le h-eolas a chuir ar fáil do dhaoine atá buailte ag na ciorruithe seo agus tá cuid mhór acu sin ann. Tá siad le feiceáil i gclinicí Sinn Féin ar fud na tíre agus tá an eagraíocht tacaíochta Threshold ag déileáil le go leor fiosruithe ó dhaoine nach bhfuil fhios acu céard is fearr le déanamh. Tá cuid mhaith Oifigigh Leasa Pobail ag rá linn go príobháideach go bhfuil cur chuige nua seo an Rialtas náireach agus go bhfuil siadsan faoi bhrú go mór ag cliaint atá an-trína chéile mar thoradh air.

Tá Sinn Féín gníomhach agus glórach go h-áitiúl agus go náisiúnta ar an ábhar seo le tamall agus ba chóir do gach ball tacú leis an bhfeachtas seo ar bhealach ar bith gur féidir.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland