Top Issue 1-2024

2 July 2012 Edition

Resize: A A A Print

Níl aon dul as ach Mainneachtain!

FAOISEAMH don rachmas toradh na bhótála sa nGréig, sa méad is go mbeidh rialtas ann a ghlacfaidh leis an déine.  Bhí na bagairtí céanna ann sa nGréig is a bhí anseo, agus d’éirigh leó an páírtí caomhach, Daonlathas Nua, a chur ar bharr an liosta agus caoga suíochán sa mbreis a thabhairt dóibh dá bharr.

Ach níl na margaí chómh cinnte, agus tá an ceart acu mar bhótáil os cionn 52% dena bhótóirí do pháirtithe atá in aghaidh na déine, agus fiú an dá mhór-pháirtí rachmais - Daonlathas Nua agus PASOK - tá siad ag tabhairt le fios go ndéanfaidh siad iarracht athmhargadh a dhéanamh leis an Eoraip agus déine níos boige a bhaint amach.

Is ar éigean go mbeidh aon athmhargadh fiúntach ann, agus ar aon chuma tá contúirt níos mó roimh an Euro ná an Ghréig.  Is léir nach leór an méad airgid a tugadh don Spáinn: beidh na billiúin eile ag teastáil, agus nuair a theipfidh ar an Iodáil - agus is deacair a shamhailt nach dteipfidh - titfidh an tóin as an Euro ar fad.

Agus is iad na daoine is mó a fhulaingeós an ghéarchéim sin ná na hamadáin in Éirinn agus sa nGréig a bhótáil ar son na déine.

Tá cosúlachtaí spéisiúla ann ámh idir Éirinn agus an Ghréig - sé sin nach bhfuil iontaoibh ag pobail cheachtar tír as a gcuid polaiteóirí.  Sea, stáit teipthe atá sa dá stát go gcreideann an oireadh sin daoine gur fearr flaitheas na tíre a thabhairt do eachtrannaigh.

Agus cosúlacht eile ná go bhfuil faitíos ar dhaoine droim láimhe a thabhairt don Euro.

Ach sé fírinne an scéil nár chóir duinn dul isteach san Euro ar an gcéad dul síos.  B’é an Ghearmáin a stiúraigh an t-airgeadra, agus bhí rátaí úis ann riamh a d’oir don Ghearmáin is dá heacnamaíocht ach nár oir dúinne.

Le teacht as an ngéarchéim teastaíonn díluacháil ar an airgeadra, ach ní féidir é sin a dhéanamh an fhaid is a bhéimid ceangailte leis an Euro.  Ba chóir duinn na fiacha bancaerachta a shéanadh go lom, ach arís ní féidir é sin a dhéanamh agus muid snadhmtha leis an Euro.

Má tá muid le sampla na hÍoslainne a leanacht, fás a bheith ar ais san eacnamaíocht agus iasachtaí a fhail ar na margaí, caithfidh muid na polasaithe céanna a bheith againn: fiacha a shéanadh, díluacháil airgeadra agus togra stáit le jobannaí a chruthú.

Sea, an focal nach luaitear - mainneachtain.  Níl aon dul as ach é!

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland