Top Issue 1-2024

25 May 2012 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint

Gaeltacht Gréasáin, gréasán Gaeilge

LE EOGHAN MAC CORMAIC

BHÍ IDIR ionadh ar phobal na Gaeilge an mhí seo nuair a nochtadh an scéal go raibh trí bhaile roghnaithe mar bhailte den Ghaeltacht gréasán, nó den ghréasán Gaeilge mar chéim chun chinn sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2011-2030.

Sa straitéis moladh nach mbeadh an Ghaeltacht teoranta feasta do cheantair a bhfuil stádas reachtúil Gaeltachta acu go dtí seo, agus go mbeadh gréasáin (bíodh siad Gréasáin Ghaeilge nó Gaeltacht gréasáin) aitheanta amach anseo faoi reachtaíocht nua.

Tá sé seo ag teacht ag an am céanna gur  luaigh Bertie Ó hAinmhire, oifigeach sinsearach i Roinn na Gaeltachta i nGaelscéal nach ‘ceantar tíreolaíocht é an ceantar Gaeltachta a thuilleadh’ agus go mbeadh pleananna teanga de dhíth ag na ceantair Gaeltachta atá ag iarraidh fanacht sa Ghaeltacht oifigiúil.

Ar ndóigh tá deacrachtaí ag go leor daoine leis an bhealach atá an Roinn ag leagadh síos limistéir don phleanáil teanga seo sa Ghaeltacht an ‘one size fits all’ agus ceantair láidir Ghaeltachta le feidhmiú faoin phlean céanna le ceantair laga, nó mór-cheantar chomhdhéanta as fo-cheantair a bhí i gcónaí neamhspleách óna chéile. Ach, ar a laghad, tá pleanáil agus critéir ag lár na céime seo agus tá tacaíocht geallta ón Roinn dó cheantair atá ag iarraidh na pleananna a fhorbairt agus dul chun cinn a dhéanamh.

Ní amhlaidh an scéal, áfach, do na ‘gréasáin Ghaeilge’. Is iad Inis, Co. an Chláir; Ceatharlach, agus Cluain Dolcáin a ainmníodh mar an trí bhaile a bheith sa Ghréasán. Níl a fhios ag na Gaeil féin sna bailte seo, áfach, cén córas ar bhaineadh úsáid as len’ iad a roghnú - tá gluaiseachtaí láidre Gaeilge sna trí bhailte gan amhras agus tá gradam áirithe bainte amach acu thar na blianta, ach tá sé sin fíor faoi bhailte eile chomh maith.

Bheadh sé de cheart ag bailte agus pobail eile an cheist a chur, conas a éiríonn le baile an stádas a bhaint amach, agus conas a choinníonn an baile an stádas nuair atá sé bainte amach. Cad iad na céimeanna, mar shampla, go gcaithfidh bhaile eile (atá ag iarraidh a bheith sa ghréasán) a thógáil nó cá bhfuil an t-eolas sin ar fáil?

Ní hé nach bhfuil creatlach na gcéimeanna sin ar eolas cheana: thiocfadh na gnéithe seo a lua mar shampla: naíonra, bunscoil, meánscoil b’fhéidir, agus leibhéal maith Gaeilge sna scoileanna Béarla áitiúla chomh maith; ranganna; imeachtaí trí Gaeilge; seirbhísí stát (!) agus gnó.tráchtála (!!) a bheith ar fáil trí Gaeilge; seirbhísí teaghlaigh trí Gaeilge; teaghlaigh aitheanta ag tógáil páistí trí Gaeilge; seirbhísí creidimh trí Gaeilge; timpeallacht Gaeilge; Gaeilge le cloisteáil timpeall an cheantar ar bhonn laethúil, nádúrtha; coistí Gaeilge ag feidhmiú a chinntíonn go bhfuil oiliúint agus ranganna ar fáil dóibh siúd atá á lorg, agus atá ag spreagadh iad siúd nach bhfuil ina nGaeilgeoirí fós; coiste ag tógáil ar fheasacht teanga agus an ‘gréasán’ a leathnú agus a fhorbairt go dtí go bhfuil sé soiléir gur pobal Gaeilge (ina bhfuil Béarlóirí) seachas pobal Béarla (ina bhfuil Gaeilgeoirí) atá ann.

Mar a deirim, tá an creatlach sin (agus a thuilleadh) ar eolas againn cheanna ach níl sé ráite go fóill linn, agus níl an critéir sin, nó aon chritéir eile foilsithe go fóill chun pobail eile, taobh amuigh den trí bhaile thuasluaite, a spreagadh.

Mura bhfoilsíonn an rialtas critéir agus céimeanna feabhais go luath beidh amhras ar dhaoine nach bhfuil ann ach comharthaíocht (tokenism) le ticeanna a chur i mboscaí sa straitéis-  gréasáin Ghaeilge: déanta. Céad chéim eile le do thoil.

Culchaint June

Imeachtaí Gaeilge sa phobal – Rith 2012 ag dul tríd Inis; Timpeallacht Gaeilge – Aonach na bhFeirmeoirí le comharthaí Gaeilge in Inis;  Feasacht teanga: daltaí scoile ag léamah Gaelscéal ag Foram na nÓg in Inis; Imeachtaí don aos óg – campa samhraidh in Inis 

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland