Top Issue 1-2024

29 April 2010 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint LE EOGHAN Mac CORMAIC

In aghaidh na taoide – Gaelscoil nua ag oscailt

Tá cinneadh tógtha ag Coiste Bunaithe Gaelscoil Ráth Tó, Co na Mí, go n-osclófar Gaelscoil nua sa cheantar i Mí Meán Fómhair in ainneoin na heaspa tacaíochta ón Roinn Oideachas agus Scileanna agus cinneadh nach dtabharfaí aitheantas don scoil seo atá ag comhlíonadh gach critéir leagtha síos ag an Roinn chun scoileanna nua a fhaomhadh.
De réir Lorcán Mac Gabhann, ball den ghrúpa tacaíochta ‘Aitheantas’ tá na critéir uile go léir comhlíonta: “Ó bunaíodh an coiste bunaithe i 2008, chláraigh siad 35 páiste do 2010, agus céad páiste go nuige seo don tréimhse 2010-2013. Taobh leis sin tá suíomh oiriúnach aimsithe don scoil agus tá an scoil faoi scáth an Fhorais Phatrúnachta mar atá sainithe ag an Roinn.”
Bunaithe ar an méid seo a bheith bainte amach, rinne an Foras Patrúnachta, iarratas ar son na scoile, chuig an Roinn Oideachais, ag lorg aitheantas oifigiúil di.   Cé go bhfuil an Roinn Oideachais agus Scileanna tar éis 7 scoil nua a cheadú do Mheán Fómhair 2010, áfach, níl Gaelscoil Ráth Tó ina measc.
Tá sé ina ábhar buartha nach bhfuil an scoil seo ar an liosta faofa, ach níos measa fós, ní bheidh aon Ghaelscoil nua eile á ceadú i mbliana. Níor osclaíodh aon ghaelscoil ó 2008 agus níl aon chinnteacht ann go gceadófar ceann i Meán Fómhair 2011 – sin bearna trí bliana, ar a laghad.
Cé gur fiosraíodh cúis an chinnidh leis an Roinn, níor tugadh aon fhreagra sásúil fós leis an gcoiste bunaithe.   Deir Mac Gabhann “gur léir anois nach bhfuil an Roinn sásta an Ghaeilge a úsáid mar chritéir agus í ag déanamh cinnidh faoi aitheantas a bhronnadh ar scoileanna nua. Níor osclaíodh aon Ghaelscoil nua ó Mheán Fómhair 2008 agus Sé mo bhuairt ná go leanfaidh Roinn Oideachas TÉ cleachtais na Roinne Oideachais agus Scileanna sna blianta amach romhainn.”
Cúig eagras ag tabhairt tacaíochta praiticiúil
Chun dul i ngleic leis an ngéarchéim nua seo, tá cúig eagras Náisiúnta Gaeilge tar éis teacht le chéile chun tacaíocht a thabhairt don scoil. Chas ceannairí Comhluadar, Conradh na Gaeilge, Foras Patrúnachta na Scoileanna lánGhaeilge, Gaelscoileanna agus Glór na nGael leis an gcoiste bunaithe ar an 25 Aibreán 2010 agus bunaithe ar an tacaíocht a gheall na heagrais sin, rinne an coiste bunaithe cinneadh an scoil a oscailt gan aitheantas na Roinne i Meán Fómhair 2010.
Cuireadh tús le “AITHEANTAS” mar chomhfheachtas idir an chúig eagras agus chun an dá aidhm seo a bhaint amach;

  • Aitheantas a éileamh do Ghaelscoil Ráth Tó.
  • Go n-úsáidfidh an Roinn Oideachas agus Eolaíochta soláthar an ghaeloideachais mar chritéir agus iad ag roghnú áiteanna do scoileanna nua.

Beidh na heagrais atá ceangailte le hAITHEANTAS ag déanamh infheistíocht €35,000 agus baileofar €15,000 go háitiúil, i Ráth Tó, chun aidhmeanna an fheachtais a chinntiú.  Fágann sin bearna €28,200 idir ioncam agus caiteachas measta agus tá an chomhfhiontar Aitheantas ag lorg tacaíochta ó shaol na Gaeilge, agus cairde na Gaeilge chun an bearna a líonadh.
Dúirt Lorcán Mac Gabhann go dtugann dearcadh agus cleachtas nua na Roinne “dúshláin dúinn uilig atá ag plé leis an nGaeilge, go háitiúil agus go náisiúnta, thuaidh agus theas.  Tá AITHEANTAS den tuairim gurb í an Ghaelscolaíocht cheann de na bunchlochanna is tábhachtaí a bhaineann le hathréimniú na Gaeilge agus go bhfuil sí, anois, i mbaol.”

Teist agus Ceist Bhunúsach
Ar ndóigh tá ceist bhunúsach eile le freagairt anseo, taobh amuigh de choimitmintí d’oideachas lánGhaeilge  ó dheas agus is é sin dearcadh na nAontachtaithe fríth Ghaeilge ó thuaidh. Ceapann Aitheantas go bhfuil an baol ann, agus ní baol gan chúis é, go mbeadh lucht frithGhaeilge ag amharc go cúramach ar chur i bhfeidhm coimitmintí don Ghaeilge ag an rialtas i mBaile Átha Cliath mar theist ar a ndualgais féin. Beidh spéis ag Gaeilgeoirí ar fud na tíre sa cheist seo. Mura bhfuil Roinn Oideachais Bhaile Átha Cliath sásta seasamh le héileamh d’oideachas lánGhaeilge, cén dochar a dhéanfadh sé sin d’oideachas lánGhaeilge sa tuaisceart amach anseo.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland