Top Issue 1-2024

22 April 2010 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint LE EOGHAN Mac CORMAIC

Mac Fhearghusa atofa

In ainneoin luaithreach bholcáin na hÍoslainne agus eitiltí curtha ar fionraí, d’éirigh le teachtaí ó fud fad na tíre a mbealach a dhéanamh go Luimneach an deireadh seachtaine seo caite chuig Ardfheis Chonradh na Gaeilge. Is dócha gurbh í an mhír bheag sin ar chlár maidin Sathairn  – toghadh uachtaráin – a mheall cuid dá laghad den trí chéad duine a bhí i láthair chuig an ócáid ach bhí go leor eile ar chlár an deiridh seachtaine a bhain le todhchaí na Gaeilge a mheallfadh gnáth Ghaeil na tíre chuig a leithéid de thionól.
Ba é an tAire nuacheaptha Pádraig Ó Ciardha a d’oscail an Ardfheis go hoifigiúil oíche Aoine agus ina láthair thug Lorcán Mac Gabhann, ceannasaí Ghlór na nGael ach ar an oíche ag labhairt mar bhall aonair den Chonradh, eochairchaint ar dheiseanna agus dúshláin na straitéise 20 bhliain don Ghaeilge.
Gné spéisiúil den Ardfheis i mbliana ná go raibh sé ar fáil (agus gur thug sé deis rannpháirtíochta) do Ghaeil ó fhud an domhain a bheith páirteach nó craoladh na díospóireachtaí agus óráidí beo ar an idirlín, éacht ann féin agus tá ardmholadh tuilte ag an Chonradh as an smaoineamh agus ag Síne Nic an Fháillí as an obair a chuir sí isteach leis an tseirbhís a chur ar fáil.

Rúin éigeandála
Maidin Shatharn pléadh, i measc ábhar eile, roinnt rúin éigeandála a bhain le cúrsaí oideachas. D’éist lucht na hArdfheise go báthúil le cathaoirleach choiste bhunaithe Gaelscoil Ráth Tó, Seán Ó Buachalla, a labhair ag iarraidh tacaíochta don Ghaelscoil a bheidh ag oscailt i Mí Mheán Fhómhair, gan aitheantas ná cúnamh an stáit seo. Mhínigh sé, mar a mhínigh cainteoirí eile, go bhfuil líne sa ghaineamh sa chás seo nó tá trí bhliain ann ó cheadaíodh aon Ghaelscoil nua, agus gur léir go bhfuil seift ar bhun ag an Roinn Oideachais agus scileanna deireadh a chur le fás ghluaiseacht an ngaelscoileanna. Is saghas Alamo atá ann, agus tá tacaíocht ó Ghaeil ar fud na hÉireann de dhíth ag an scoil, rud atá gealta cheana ag comhchoiste comhoibrithe idir an Conradh, Comhluadar, Glór na nGael agus Gaelscoileanna. Osclóidh an scoil in ainneoin na Roinne Oideachais agus beidh ráth uirthi. Glacadh le rún éigeandála eile a d’éiligh go gcoinneofaí an Ghaeilge mar ábhar riachtanach d’iontráil i gcoláistí Ollscoil na hÉireann, nó mura dtarlóidh sé sin, thiocfadh le meath a  theacht ar an Ghaeilge mar ábhar scrúdaithe Ardteistiméireachta amach anseo.
Nuair a bhí deireadh le seisiún na maidine shínigh teachtaí don pháipéar vótála don toghchán, scuainí fada, d’fhan mise ar feadh tamaill sa scuaine mícheart (scuaine Chúige Mumhan) sular thuig mé go raibh línte eile ag bogadh níos gasta!  Bhí Seán Ó hAdhmaill ó Chraobh na nGael Óga ag tabhairt dúshláin don Uachtarán reatha, Pádraig Mac Fhearghusa ó Chraobh Thrá Lí agus ní rud éasca é duine atá ann a chur as oifig. Rud amháin a bhí cinnte, áfach, ná gurbh é an feachtas toghchánaíochta is bríomhaire le fada, agus bhí twitters agus blaganna agus facebooks agus r-phoist ag leim ó ríomhaire go ríomhaire le seachtainí anuas ag lorg vótaí agus ag leathnú amach polasaithe na n-iarrthóirí. Sa deireadh, áfach, ní bhíonn ach duine amháin tofa, agus atoghadh Pádraig Mac Fheargusa mar Uachtarán ar an eagraíocht don tríú bliain as a chéile.

Taithí agus cumas
Is Cathaoirleach ar Chraobh Thrá Lí é Mac Fhearghusa mar aon le ball gníomhach de Bhuanchoiste agus de Choiste Gnó an Chonartha le tamall maith de bhlianta. Is é atá ina eagarthóir ar an iris mhíosúil Feasta é, atá faoi chúram Clódhanna Teoranta, comhlacht foilseacháin an Chonartha.
Beidh baill den Chonradh ag amharc anois ar thaithí agus cumas Mhic Fhearghusa chun díriú ar na spriocanna atá sonraithe sa Dréacht-Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a neartú; ar neartú na heagraíochta ar an talamh; agus ar chúrsaí oideachais na Gaeilge a fheabhsú.
Dúirt Pádraig Mac Fhearghus i ndiaidh an toghcháin go bhfuil sé i gceist ag ardstátseirbhísigh áirithe an Ghaeilge a ruaigeadh as an gcóras stát má ligtear leo “Is mór an náire nár thug an Roinn Oideachais agus Scileanna aitheantas d’oiread agus gaelscoil amháin le hoscailt i mbliana, cuir i gcás, agus is mithid don Chonradh agus do phobal uile na Gaeilge troid go fíochmhar i gcoinne an naimhdis seo agus tacú lena leithéid de Ghaelscoil Ráth Tó atá ag oscailt gan aitheantas i Meán Fómhair.”
Is cathaoirleach ar Ghaelcholáiste Chiarraí, Trá Lí é Uachtarán an Chonartha, ar eagraigh sé a bhunú, agus bhí lámh aige i mbunú trí Ghaelscoil eile leis. Níos suntasaí fós b’fhéidir, is iarchathaoirleach agus bunaitheoir Ghaelscoil Mhic Easmainn, Trá Lí é, scoil a sheas in aghaidh iarracht na Roinne Oideachais deireadh a chur le luath-thumoideachas iomlán trí Ghaeilge le hImlitir 44/2007.
Arsa sé “Beidh mé ag obair i gcomhar leis an bpobal áitiúil chun an Conradh agus an teanga a chothú ón mbonn aníos. Is ar scáth a chéile a mhaireann na daoine agus tá an Conradh ag brath ar thacaíocht an phobail le seasamh a ghlacadh in aghaidh naimhde na teanga sa státchóras.”
Is dócha go raibh díoma éigin ar an dúshlánaí óg, Seán Ó hAdhmaill ach chuir sé feachtas maith le chéile agus tá taithí faighte aige anois ar thoghchánaíocht an Chonartha. Bhí sé fial agus croíúil ina ráiteas molta nuair a bhí torthaí a toghcháin foilsithe agus is cinnte go mbeidh a thuilleadh le cluinstin uaidh i saol an chonartha amach anseo.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland