Top Issue 1-2024

8 April 2010 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint LE EOGHAN Mac CORMAIC

On the One Road?

Ar na n-amhráin is coiteanta ag imeachtaí poblachtanacha thar na blianta bhí claisic na Wolfe Tones On the One Road agus amhrán Tommy Makem, Only Our Rivers Run Free. An cheist atá do mo chrá an tseachtain seo ná cad a tharlaíonn nuair atá na Rivers ag rith saor... ar thlacht an Bhóthair Aonair?
Níl aon amhrás ach go bhfuil bóithre na tíre seo ag éirí níos measa agus níos measa fós – nó b’fhéidir go mbeadh sé níos cruinne a rá go bhfuil bearna ag leathnú amach idir caighdeán na mbóithre maithe agus na ndrochbhóithre sa tír.

Cúis Cheiliúrtha
Is cúis imní é seo do dhaoine amuigh faoin tuath. In áiteanna anois sa tír seo tá na bóithre tánaisteacha mar a bheadh rian capaill ann. Is cúis chéiliúrtha anois nuair atá comhartha bóthair ag rá ‘Uneven Surface Ahead’ nó ar a laghad tá surface de shaghas éigin ann. In áiteanna eile níl an tlacht fágtha, an damáiste chomh doimhin sin go mbeadh sé níos ciallmhaire bóthar iomlán nua a dhéanamh ná an bealach reatha a dheisiú.
Tráth den saol chuimhnigh daoine ar bhóithre Chonamara nuair a luafaí linntreoga 9potholes!) ach anois tá linntreoga ar bhóithre ar fud na tíre, na cinn atá ann ag fás, agus cinn nua ag briseadh tríd lá i ndiaidh lae. Go luath beidh bóithre sa tír a mbeidh a líon sin linntreoga orthu nach mbeidh tiománaithe in ann a thiomáint tharstu nó beidh slabhra de linntreoga ag ceangailt le chéile mar aibhéis nó trinse trasna an bóthar ó claí go claí.
Is dócha gurb í an cheist atá ann ná cé atá freagrach as an stáid reatha a fheabhsú, nó is léir nach bhfuil a dhótháin airgid nó maoin ag na comhairlí contae aon rud a dhéanamh faoi – pé buiséid a bhí aontaithe acu tá sé sáraithe i bhfad siar, idir tuillte uisce na samhna seo caite, oighear Mí na Nollag agus Mí Eanáir agus anois a thuilleadh tuillte i Mí Márta agus Aibreán. Agus mé ag scríobh seo tá leibhéal an uisce ag dul i méid arís i dtur loch taobh thiar den teach, tá ábhann i ndiaidh briseadh a bruacha isteach sna páirceanna in aice lei, agus tá achar mór den bhóithrín sciobtha leis an uisce. Tá comhartha crocha ag an Chomhairle ag rabhadh tiománaithe nach bhfuil aon ‘verges’ ach i ndáiríre bheadh sé deacair a aithint cá raibh na verges in aon chás ach fós féin tá bréis agus caoga teaghlach a bhaineann úsáid as an bhóithrín céanna gach lá, ag bráth ar dhuine nó eagrás nó údarás éigin an damáiste a leigheasú.

Locht ar na Lorraithe
Táthar á rá, ar ndóigh, go bhfuil na bóithríní beaga ag fulaing ar bhonn chomhréireach le forbairt agus feabhsú na mbóithre móra agus i mbealach amháin ‘seo go díreach a bhí ag tarlú nó bhí na lorraithe móra, ualacha troma clocha ar bhórd, ag iompar ábhair ó cháiréil go suímh na mbóithre nua trasna cúlbhóithre nach raibh láidir nó leathan go leor dóibh agus rinneadh go leor scrios dá bharr. Anois, áfach, tá an tógáil sin cóir a bheith thart agus tá cíorrúcháin i mbuiséid na mbóithre nua ach tá an dóchar déanta. Ní raibh bunshráith na mbóithre beaga riamh in ann do mheácán na lorraithe móra agus ní nach ionadh go bhfuil siad briste, scoilteanna oscailte d’uisce ag síleadh tríothú, uisce a reóann nuair a thagann an sioc, agus a leathnaíonn amach le níos mó dámáiste agus scrios a dhéanamh.
An bhfuil leigheas ann ar chór ar bith? Nó an mbeidh ar an stát clár tógáil bóithre úr a dhéaradh a réiteoidh na fadhbanna reatha, ach a laghdóidh, b’fhéidir, líon na mbóithre atá sa tír ag an am céanna?
Luaigh úrlabhraithe s’againn na gnéithe eile den sochaí arbh fhéidir airgead an ‘bail-out’ nó bannaí a dhul chucu: otharlanna, scoileanna, seirbhisí teaghlaigh srl: cuirim leis an liosta sin bóithre beaga na tíre seo, nó is léir gur fáillí atá á dhéanamh ar phobail faoin tuaith fad a’s go bhfuil na bóithre ag dul i meath. Tá infrastruchtúr rí-thábhachtach do athshlánaú eacnamaíochta na tíre, ní amháin mór-infrastruchtúr na motarbhealaí ach na boithre tánaisteacha chomh maith agus iad a bheith ar chaighdeán inchurtha, thuaidh, theas, thoir agus thiar. Ansin thig linn a bheith ar an Aon Bhóthar Amhain agus na hAbhainn ag sruth go saor laistigh dá mbruacha féin!


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland