Top Issue 1-2024

28 January 2010 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint LE EOGHAN Mac CORMAIC

Tumoideachas aitheanta

Bhí cúis an-mhór ceiliúrtha ag gaelscoileanna na tíre seo le poiblí an scéala an tseachtain seo caite go bhfuil deireadh tagtha le ciorclán 0044/2007 maidir le Teanga agus Litearthacht i Ranganna Naíonán i scoileanna ina bhfuil an Ghaeilge mar mheán. D’fháiltigh eagraíochtaí Gaeilge trasna an earnáil go mór roimh chinneadh na Roinne Oideachais agus Eolaíochta an ciorclán conspóideach a aistharraingt agus an córas luath-thumoideachais a aithint go hoifigiúil. Tháinig cinneadh na Roinne i ndiaidh tréimhse dhá bhliain go leith do dhian-fheachtas i gcoinne eisiúint an chiorcláin sa bhliain 2007. Ba é príomhéileamh an fheachtais ná aistharraingt an chiorcláin, céim atá bainte amach anois faoi dheireadh.
De réir eagraíocht chomhordaithe na scoileanna lán-Ghaeilge., Gaelscoileanna, tá na héilimh eile a bheidh mar thacaíocht don chóras luath-thumoideachais le réiteach le fóill, ina measc sin go mbeadh aontú ar na múnlaí a bheadh aitheanta mar chuid den chóras luath-thumoideachais agus aontú ar an gclár taighde a bheidh mar bhonn d’fhorbairt an chórais. Dar leo osclaítear doras leis an cinneadh seo afách d’fhorbairt riachtanach agus cuimsitheach ar an gcóras luath-thumoideachais sna gaelscoileanna.


Plé leis na bpáirtnéirí leasmhara
Is í an chéad chéim eile sa phróiseas ná go ndéanfadh an Roinn Oideachais agus Eolaíochta dréacht-ionstraim reachtúil a eisiúint a chuimseodh an tréimhse luath-thumoideachais, agus go ndéanfaí plé agus comhairliúchán leis na bpáirtnéirí leasmhara sa ghaeloideachas ar an rialachán seo sula gcuirfí i bhfeidhm é.
Ghaibh GAELSCOILEANNA TEO. comhghairdeas le h-iarratsóirí sa chúis dlí agus thug siad buíochas mór leo siúd a bhí mar chuid dá toscaireacht a bhí ag plé na ceiste agus ag lorg réitigh ar an gceist leis an Roinn Oideachais agus Eolaíochta ó thús an fheachtais.
Deir Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach GAELSCOILEANNA TEO. ina thaobh, “is scéal an-dearfach atá ann agus fáiltímid go mór roimh chinneadh na Roinne bonn ceart a chur faoin gcóras agus deis a thabhairt do na scoileanna an córas is éifeachtaí sealbhaithe teanga a chur i bhfeidhm ina scoileanna. Is léiriú iontach é an scéal seo ar an éifeacht a bhíonn ag comhoibriú agus táimid an-bhuíoch don earnáil ar fad, na scoileanna a rinne dian-stocaireacht leanúnach ina thaobh agus na h-iarratasóirí a throid i gcoinne eisiúint an chiorcláin an chéad lá riamh.”

 

Scrabble™ do leanaí

Cé go bhfuil Daidí na Nollag imithe leis is léir go bhfuil cuid féiríní ar fáil fiú i Mí Eanáir! D’fhógair Glór na nGael an tseachtain seo ceann de na cluichí is spéisiúla fós do pháistí Gaeilge nuair a nochtadh an chéad chóip de ‘Junior Scrabble( - Puzal Ollmhór Urláir do Leanaí’.
Is comhthionscnamh Junior Scrabble( idir Glór na nGael agus An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta. (COGG) agus beidh cóipeanna den chluiche ar fáil in am do Sheachtain na Gaeilge.
Agus é ag cur fáilte roimh an gcluiche nua dúirt Lorcán Mac Gabhann, Ceannasaí Glór na nGael, gur ‘céim chun cinn í seo i normalú na Gaeilge. Is é atá i Junior Scrabble( ná cluiche míreanna mearaí, móide cluiche foghlamtha litrithe, móide cluichí meaitseála focal (péirí, nithe beo). Cuideoidh cluiche mar seo le teaghlaigh atá ag tógáil a bpáistí le Gaeilge, ar ndóigh ach is áis í chomh maith do theaghlaigh ar mhaith leo cluichí nua a imirt lena bpáistí’.
Dúirt Muireann Ní Mhóráin Príomhfheidhmeannach COGG, go mbeidh an cluiche an-úsáideach sna naíonáin agus bunranganna ní amháin i nGaelscoileanna agus i scoileanna Gaeltachta ach i scoileanna Béarla fosta. ‘Tá an cluiche seo inchurtha i ngach caoi lena macasamhail i dteangacha eile agus táimid ag súil go mór leis an gcluiche a fheiceáil in úsáid mar uirlis sealbhaithe na Gaeilge’.
Tá obair idir lámha, chomh maith, leis an ghnáth chluiche Scrabble, an leagan aitheanta, a Ghaelú proiséas a thógann am, taighde agus cleachtadh ar ndóigh. San fhómhar, anúraidh, cuireadh roinnt foirne litreacha éagsula ar fáil do ghrúpaí piolóta in áiteanna éagsúla, agus bhí go leor plé faoi líon na dtíleanna ‘h’, gutaí le agus gutaí gan sínte fáda; agus consain ar aon tíle leis an seimhiú nó gan an seimhiú. Ach tá an tastáil thart agus tá Glór na nGael agus COGG ag súil go mbeidh an cluiche sna siopaí roimh an samhraidh.


Fógairt na nDuaiseanna
An tseachtain seo, áfach, tá abhar eile ar intinn Ghlór n anGael no far buaiteoirí comórtas na bliana 2009 beo ar chlár Seán Bán Breathnach ar RTÉ Raidió na Gaeltachta an Aoine seo chugainn, 29ú hEanáir idir 2.00 agus 3.00.
Cuirfidh coistí Glór na nGael in Éirinn agus thar lear spéis sa chlár nuair a scaoilfear liosta na mbuaiteoirí agus ainmneofar Buaiteoir Náisiúnta 2009.
Deir Lorcán Mac Gabhann, Ceannasaí Glór na nGael, gur ‘cúis bhróid atá san fhógairt seo do gach coiste pobail Gaeilge nó gur cruthúnas atá ann go bhfuil go leor deiseanna labhartha, imeachtaí, feachtais, oideachas agus gníomhaíochtaí ar siúl i gcónaí i saol na Gaeilge’.
Cloisfidh breis agus 30 coiste don chéad uair go bhfuil duais nó duaiseanna buaite acu, as duaischiste de €150,000 san iomlán. Foilseofar liosta na mbuaiteoirí in An Phoblacht an tseachtain seo chugainn.
Bronnfar na duaiseanna ar ionadaithe na gcoistí ag imeacht ceiliúrtha i Mí an Mhárta i gceantar an Bhuaiteora Náisiúnta.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland