Top Issue 1-2024

21 January 2010 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint LE EOGHAN Mac CORMAIC

Páipéar ullmhaithe.. anois an t-idirphlé

Beidh na seachtainí romhainn lán le plé agus comhairliú agus díospóireacht faoin phlean atá foilsithe le dhá mhí anois mar dhréacht-straitéis don Ghaeilge idir anois agus 2030, sna 26 chontae. Níl a leithéid de phlean don Ghaeilge sna Sé chontae, faraor, agus cé gur féidir le daoine fáilte a chur roimh an phlean ó dheas mar mhúnla den saghas pleanáil a chuirfeadh bunús faoin Ghaeilge ó thuaidh, is fada uainn fós a leithéid agus beidh roinnt chonstaicí le trasnú sula mbeidh muid ag an phointe sin.
Cé gur laige é sa straitéis, dar le go leor leor daoine, go bhfuil an straitéis teoranta don dlínse 26 chontae, caithfear an realpolitik a aithint agus sna seachtainí romhainn beidh cuid de na heagrais Ghaeilge (agus Foras na Gaeilge féin) a fheidhmíonn ar an oileán ar fad mar aonad amháin ag plé impleachtaí na straitéise, buanna nó féidearthachtaí nó míbhuntáistí na straitéise i bhfóraim oscailte éagsúla.
An tseachtain seo cuirtear tús leis an tréimhse dianmhacnamh seo nuair a bheidh ionadaithe ón Fhoras, agus ionadaithe ó shé eagrais dheonach, ag déanamh cuir i láthair os comhair coiste Ghaeilge an Oireachtais i dTeach Laighean. Faoin am go mbeidh ‘An Phoblacht’ i gcló beidh an éisteacht sin thart ach is eol dúinn go mbeidh Conradh na Gaeilge, Gael Linn agus Comhluadar ag déanamh aighneachtaí chomh maith le hionadaithe na Comhdhála agus Pobal. Tá fáilte ghinearálta tugtha ag cuid is mó de na heagrais roimh an straitéis cé go mbeidh go leor nach n-aontóidh siad leis nuair atá na mionsonraí a bplé amach anseo – agus nuair atá na heagrais féin ag iarraidh ról agus todhchaí a chinntiú dóibh féin sna cúinsí athracha a éiríonn as forbairt na straitéise agus cuíchóiriú na n-eagras atá á phlé le tamall. Is cinnte nach mbeidh Pobal i bhfách straitéis a stopann ag Iúr Chinn Trá ach beidh ar a laghad guth amháin eile os comhair na dála atá ag labhairt in aghaidh na straitéise, agus ‘sé sin an gníomhaí pobal agus teanga Donncha Ó hÉalaithe.

Aoíchainteoirí an Tóstail
Ní stopfaidh an díospóireacht an tseachtain seo, áfach. Gí go mbeidh ionchur na n-eagras á chraoladh ar an teilifís, b’fhearr i bhfad le cinnirí na ngrúpaí go mbeadh díospóireacht agus rannpháirtíocht níos leithne ann agus is tráthúil agus fóirsteanach é go mbeidh Tóstal na Gaeilge ar siúl i mbliana arís, le linn an deiridh seachtaine 26 agus 27 Feabhra, i nGaillimh.
D’fhógair Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge (eagraí an Tóstail) liosta aoíchainteoirí an tseachtain seo. I mbliana ‘sé téama an Tóstail ná ‘Ó Aidhm go Feidhm’ agus geallann an Comhdháil gur deis a bhéas ann ‘do phobal na Gaeilge teacht le chéile agus plé a dhéanamh ar mhórcheisteanna an lae i dtaobh na Gaeilge agus na sochaí Gaelaí’. Deir siad go mbeidh scoth na gcainteoirí ag díriú isteach ar cheisteanna móra na Gaeilge in atmaisféar oscailte cuimsitheach torthúil rud a chinntiú nach siopa cainte a bheidh sa chomhdháil seo.  
Beidh deis ag rannpháirtithe an Tóstail, agus cainteoirí ón urlár a dtuairimí a roinnt  ar rólanna na bpáirtithe leasmhara - an pobal, an earnáil dheonach agus an Stáit, i gcur chun cinn na Gaeilge sa tréimhse romhainn agus an straitéis á rolladh amach, mar a dearfá.

Dhátheangachas – leigheas nó bagairt?
Ar phríomhaoíchainteoir an Tóstail beidh an tOllamh Colin Williams, ó Ollscoil Cardiff sa Bhreatain Bheag, saineolaí ar cheisteanna polasaí agus pleanáil teanga.  Bunaithe ar an taithí atá ag an Ollamh Williams le bunú agus cur i bhfeidhm Iaith Pawb, plean teanga náisiúnta chun dátheangachas a chothú sa Bhreatain Bheag, díreoidh Williams isteach ar conas plean teanga a chur i bhfeidhm. Ach toisc gur dhá-theangachas achar a shaineolais-se beidh spéis ag gníomhaithe teanga in Éirinn sa mhéid a bheidh le rá ag cainteoirí eile ag an tóstal Dr. Conchúr Ó Giollagáin agus an Dr. Brian Ó Curnáin – labhróidh siad ar “Mionteanga agus Mórtheanga i Ré na Straitéise 20 Bliain”.
Dar leis an bheirt saineolaí seo beidh tionchar diúltach ar chur chun cinn dátheangachas ar úsáid na Gaeilge go sóisialta i measc mhuintir na Gaeltachta má a dírítear isteach ar dhá-theangachas mar atá beartaithe sa stráitéis. Foilsíodh alt spéisiúil leo ar an ábhar seo in The Irish Times le déanaí agus tá an t-alt ar fáil ar Gaelport agus is fiú é a léamh. (http://www.gaelport.com/sonrai-nuachta?NewsItemID=3641)
Mar sin, tá an cheist ann an ndéanfaidh an dhá-theangachas dochar nó dóchas don Ghaeilge amach anseo, agus an dtitfidh líon na gcainteoirí duchas de réir mar atá an sprioc do 250,000 ‘Gaeilgeoir’ á bhaint amach.
Beidh Gormfhlaith Ní Thuairisg, ó RTÉ Raidió na Gaeltachta mar chathaoirleach ar sheisiún ceisteanna agus freagraí le painéal de cheathrar ag freagairt ceisteanna ón urlár maidir le tosaíochtaí chur chun cinn na Gaeilge sa ghearrtéarma, sa mheántéarma agus sa fadtéarma.

Agus an taobh sóisialta
Ar ndóigh beidh neart siamsaíochta ar fáil le linn Thóstal na Gaeilge 2010, mar a bhíonn de ghnáth, agus thig le daoine atá ina easaontas ar phointí fealsúnachta, idéalachais, do-réitithe teacht le céile agus dearmad a dhéanamh ar ghnó an lae ag na seisiún iomráiteacha san oíche. I mbliana beidh scoth na gceotóirí ann, beidh Clann Uí Mhongáin agus aíonna speisialta ag casadh ag oíche mhór cheoil tar éis oscailt oifigiúil an Tóstail, agus cuirfear críoch spleodrach leis an Tóstal le céilí mór leis na ceoltóirí clúiteacha as Ruisín na Mainíoch i gceantar Iorras Aithneach, Marcus agus PJ Ó hIarnáin.  I gcuideachta na beirte beidh an ceoltóir aitheanta Don Stiff agus clann Mharcais, damhsóirí den scoth.
Is féidir a thuilleadh eolas faoi Thóstal na Gaeilge a fháil (agus ticéid deireadh seachtaine don Tóstal a cheannach ag www.tostal.ie ar chostas €75.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland