Top Issue 1-2024

14 January 2010 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint LE EOGHAN Mac CORMAIC

Deáscéala faoi ‘Gaelscéal’

Tógadh céim eile níos cóngaraí d’fhoilsiú an nuachtáin seachtainiúil Gaeilge ‘Gaelscéal’ an tseachtain seo nuair a fógraíodh an nuacht go bhfuil Trevor Ó Clochartaigh ainmnithe mar Bhainisteoir Tionscadail ar an nuachtán nua. Bhuaigh plean ‘Gaelscéal’, – comhfhiontar idir An Curadh Chonnachtach agus Eo Teilifís, an conradh ag deireadh na bliana seo caite ó Fhoras na Gaeilge le nuachtán nua seachtainiúil Gaeilge a fhoilsiú agus ceadaíodh tréimhse ullmhúcháin idir críoch an chomórtais agus foilsiú an chéad eagrán. Tá an chomhfhiontar anois ar thóir Eagarthóir agus foireann oibre don nuachtán seachtainiúil a gheallann siad a bheith ar an nuachtán ‘is nuálaí, is bríomhaire agus is tráthúla dá bhfuil ann’.
I ráiteas a d’eisigh na comhlachtaí dúirt siad go bhfuil ríméad orthu duine chomh hildánach le hÓ Clochartaigh a bheith faighte acu leis an nuachtán a stiúradh. Tá taithí leathan ag Trevor Ó Clochartaigh ó thaobh cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta. Chomh maith leis sin tá aithne ag pobal na Gaeilge air mar gheall ar an bhaint a bhí aige cheana leis na meáin, na healaíona agus cúrsaí pobail. Bhí Ó Clochartaigh mar iarrthóir do Shinn Féin sna toghcháin áitiúla i gceantar Conamara anuraidh agus idir an dá linn mar gheall ar an ról a d’imir sé san fheachtas G-Fórsa in aghaidh giorrúcháin Bhord Snip.
Creideann foilsitheoirí ‘Gaelscéal’ go mbeidh an nuachtán ‘ag cruthú ré nua ó thaobh na meáin i nGaeilge nuair a fhoilseofar é roimh deireadh mí Mhárta’ agus dar leo ‘ní fhéadfaí duine níos feiliúnaí a aimsiú don dúshlán seo’.  Tá sé i gceist go mbeidh ‘Gaelscéal’ ag tabhairt spleáchaidh do léitheoirí fud fad oileán na hÉireann ar chúrsaí reatha, idirnáisiúnta, náisiúnta agus réigiúnach; oideachas, spóirt, cúrsaí saoil, caitheamh aimsire maraon le saol na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Ról nuachtán ag athrú
Tá ról nuachtáin ag athrú, go deimhin tá suíomh an fhocail chlóite féin ag athrú agus tá siad ann a deir go bhfuil líon na ndaoine a léann nuachtáin ag titim de réir mar atá líon na ndaoine a gheibheann a nuacht, a dtuairimí, a thuairiscí réamhfhaisnéis aimsire, fógraí báis agus fógraí gluaisteáin ar dhíol ar líne. Is comhartha maith é mar sin go gcuirfidh ‘Gaelscéal’ áis idirghníomhach ar-líne ar fáil do Ghaeil freisin, chun teagmháil le chéile trí fís, fuaim agus focal, chomh maith le caighdeán ard scríbhneoireachta an nuachtán féin. Tabharfaidh fóraim agus blaganna deis do dhaoine gur suim leo, a dtuairimí a nochtadh ar iliomad ábhair. Beidh béim faoi leith ar úsáid na meáin dhigitigh chun ábhar oideachasúil agus eile a fhorbairt.
Tá bliain ann anois ó foilsíodh an t-eagrán deireanach de ‘Lá Nua’, agus sé mhí ó foilsíodh Foinse mar nuachtán neamhspleách (tá sé ar fáil i láthair na huaire mar fhorlíonadh leis an ‘Irish Independent’ gach Céadaoin). Idir an dá linn tá Nuacht 24 á fhoilsiú go seachtainiúil i mBéal Feirste, le leagan ar líne, agus le huasdátú rialta tríd blag An Druma Mór. Is éacht é foilsiú Nuacht 24 agus tá ardmholadh ag dul don eagarthóir ach is dócha nach bhfuil mórán léitheoireacht breis ag an nuachtán ná mar a bhí ag ‘Lá Nua’ nuair a bhí sé ann. Tá ‘Foinse’ nua, forlíonadh san Indo, éadrom go leor mar nuachtán, agus i ndáiríre tá sé níos cosúla le forlíonadh oideachais ná nuachtán. Is é an plean tarrthála a bhí ag úinéir ‘Fhoinse’ nuair a bhí an nuachtán á fhoilsiú sa Cheathrú Rua, go mbeadh sé á fhoilsiú agus á dháileadh saor in aisce leis an ‘Independent’. Is mar sin atá ach cé go bhfuil níos mó cóipeanna á dháileadh anois ní bheadh gach Gael sa tír sásta airgead a thabhairt do nuachtán frithGhaeilge chun forlíonadh Gaeilge a fháil.

Dúshlán do Ghaelscéal
Tá dúshlán nach beag ann do Ghaelscéal agus dar liom gurb é cruthú pobal léitheoireachta an chéad chonstaice a bheith orthu a dhul thar.  Ní bheidh sé sin éasca nó tá titim léitheoireachta agus gnáth léitheoirí nuachtán ag cur isteach ar na meáin le blianta agus ar ndóigh tá léitheoireacht na Gaeilge ag tosú ag pointe níos ísle cibé scéal. Agus le tamall anuas chomh maith tá sé soiléir nach mbíonn pobal na Gaeilge ar aon intinn faoi go leor leor  rudaí (agus ní droch rud é sin) ach dá bhrí sin, caithfidh nuachtán Gaeilge a bheith in ann briseadh amach as cuing an pharóisteachais agus réigiúnachais, cuing na Gaeilge féin, agus cuing na comhthuisceana is ísle. Ach le cead do Trevor Ó Clochartaigh, níl sé i gceist aige an chomhthuiscint is ísle a fhoilsiú.
Deir sé go bhfuil sé ar bís tabhairt faoin dtionscnamh uaillmhianach seo. ‘Creidim go daingean go bhfuil an t-am ceart chun foilseachán, d’ardchaighdeán a chur ar fáil a bheidh in ann freastal ar na Gaeil in Éirinn agus thar lear. ‘Sí an chéad chéim eile sa phróiseas seo ná foireann fhuinniúil a earcú, ina measc Eagarthóir, scríbhneoirí agus dearthóirí. Tá neart daoine cumasacha ar fáil amuigh ansin agus tá muid ag iarraidh cloisteáil ó dhuine ar bith a cheapann go bhfuil ról dearfach le himirt acu sa togra seo,’ a deir Ó Clochartaigh. Tá eolas faoina poist ar fáil, dála an scéil, ó [email protected].
Beidh ar an Chlochartach, agus an duine a cheapfar mar eagarthóir Ghaelscéal, stíl, rialacha tí, eagarlíne agus réimsí nuachtáin a fhorbairt go gasta. Ag an am céanna beidh air foireann scríbhneoirí agus iriseoirí cumasacha a earcú gan mhoill nó tá an sprioc sin i Mí Mhárta ana-chóngarach dúinn agus ní bheidh mórán ama idir iad a earcú agus iad a chur ar obair má tá an nuachtán chun teacht ar an saol lánfhásta. Tá go leor iriseoirí Gaeilge amuigh ansin a bheidh in ann don phost, cinnte, agus ceachtanna foghlamtha ó na nuachtáin Ghaeilge a chuaigh roimhe seo acu ar fad. Ní mar gheall ar easpa díogras, ná easpa físe, ná, go deimhin, easpa mhaoinithe uaireanta a theip ar nuachtáin Ghaeilge eile ach toisc nach raibh, ag an deireadh, léitheoireacht a bhí mór go leor do na fógróirí agus na maoinitheoirí (agus tuigim go maith go bhfuil daoine ann a dearfadh nach féidir caighdeán nuachtáin a thomhas de réir le líon na léitheoirí). Má’s féidh le ‘Gaelscéal’ sinn a chur ag léamh, beidh leis: tús maith leath na hoibre.
Guím ráth ar Trevor Ó Clochartaigh agus é i mbun na gcúraimí nua seo. Ní mór ráth a  ghuí chomh maith ar Sheán Mac Brádaigh ag an phointe seo, eagarthóir ‘An Phoblacht’ go dtí na seachtaine seo chuaigh thart. Caillfidh mé na téacsanna a thagadh ag 1.00 am, maidin Chéadaoin ag fiafraí an mbeadh an colún Gaeilge aige nó nach mbeadh. Bí réidh, a Mháirtín, bí réidh


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland