Top Issue 1-2024

10 December 2009 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint LE EOGHAN Mac CORMAIC

Fiaclóir nó Cáinaisnéis?

Tagann litreacha bagartha tríd an phost chugam ó am go ham – billí leictreachas, cuimhneachán faoi cheadúnas teilifíse (ah, na seanlaethanta órga roimh TG4 agus deireadh Alt 31 nuair a bhíodh leithscéal breá, polaitiúil agam gan an diabhal bille ceadúnas a íoc), agus an tseachtain seo, nóta ón fhiaclóir ag cur i gcuimhne domh go raibh dhá bhliain imithe le sruth ó thug mé mo chuairt deireanach air. Dhá bhliain. Níor mhothaigh mé uaim é, ach an bhfuil a fhios agaibh seo, chomh luath agus a fuair mé an litir thosaigh mé ag cuimhneamh ar m’fhiacla. Barr mo theangan ag fiosrú poillín anseo, ag aimsiú líonadh briste ansin agus ag comhaireamh (go brónach) go bhfuil níos mó bearnaí ann ná mar atá fiacail – (caillte, tá a fhios agaibh, ar son na cúise sa Crum agus sa Cheis...)
Cibé scéal ní gá domh a rá nach bhfuil na fiacla is áille in Éirinn i mo bhéal istigh, nó tá siad níos cosúla le grúpa dolmainí ná sraith clárfhiacail agus cúlfhiacail. Déanaim iarracht, áfach, na cinn atá fágtha a chosaint agus cé nach ócáid shóisialta í cuairt ar an fhiaclóir, is ócáid dosheachanta í.
Le croí trom cuir mé glaoch ar an uimhir, sásta, ar a laghad, nach mbeadh orm mo dhualgas (pianmhar) a chomhlíonadh go dtí go mbeadh an Nollaig thart ach, ins an dóigh domhínithe sin a bhaineann, gan amhras, le Dlí Uí Mhúrchú bhí coinne shaor acu an tráthnóna céanna agus bheadh fáilte romham chuig an Ionad Céasta ag a trí a chloig. Ní raibh am agam an cuireadh a dhiúltú sular chuir an rúnaí deireadh leis an chomhrá, agus ní raibh am agam smaoineamh faoina raibh i ndán domh sula raibh mé i mo shuí sa seomra feithimh ar mo sheal-sa ag teacht.

Reilig na seanirisí
Freagraíonn déantús seomra feithimh fiaclóra ceann des na ceisteanna is bunúsaí a chránn mé am ar bith go mbím in Easons nó siopaí nuachtáin: cá dtéann na hirisí sin ar fad ag deireadh gach seachtain? Críochnaíonn siad a saol i seomraí feithimh fiaclóra, reilig na seanirisí, is léir. Bhí mé ar thí tús a chur le halt spéisiúil san ‘Angling Times’ (He ties his flies to the left but I still love him) nuair a ghlaodh m’ainm agus d’fhág mé síos an iris agus thosaigh mé síos an dorchla dorcha de droch-ádh (go leor d’uaim, anois: eag) chuig An Seomra. Bhí beirt acu ag fanacht orm, an fiaclóir féin agus a chúntóir, beirt acu ag caitheadh mascaí, beirt acu ina seasamh in aice an bhalla ar chúl an tseomra agus cuma ciontach ina súile (ní raibh mé ábalta aon rud eile dá n-aghaidheanna a fheiceáil). Sínte amach rompu i lár an urláir, bhí cathaoir an fhiaclóra. Ní fhaca mé aon rud eile, tá mo shúile cleachtaithe le seomraí fiaclóra faoin am seo i mo shaol, ní amharcaim ó dheis nó ó chlé ar eagla go bhfeicfínn uirlis éigin, (druileáil, instealladh, teanchair, kango,  angle grinder) nach raibh mé ag iarraidh a fheiceáil.
‘Suigh síos, a Eoghain’ arsa sé, ach chomh luath agus a shuím síos tá  droim an chathaoir imithe uaim gan rabhadh agus is i mo luí a chríochnaím mo ghníomhú. ‘Anois, feicimis cad atá cearr anseo”.

Gas an gháire
B’fhéidir gur iarsma boladh gás an gháire, nó ainéistéiseach eile ach tháinig an smaoineamh chugam, a luaithe agus a thosaigh siad ag treabhadh i mo bhéal go bhfuil go leor leor cosúlachtaí idir obair fiaclóra agus an cháinaisnéis. ‘Seo duine a chreideann (agus an ceart aige go pointe) go gcaithfidh sé rud éigin pianmhar a dhéanamh orainn, agus cé nach maith linn é, agus cé nach maith leis féin é, gurbh fhearrde sinn ina dhiaidh, dar leis. Ní thugtar ár dtuairimí san áireamh: cuireann an fiaclóir ceist ort ach nuair a dhéanann tú iarracht freagra a thabhairt agus do thuairimí a phlé, brúnn sé rud éigin i do bhéal agus ní ligeann sé duit labhairt. Is ‘comhrá’ aontaobhach é, díreach cosúil leis an cháinaisnéis.
Ach níos measa ná sin, tá an phian a imríonn idir Aire Airgeadais, agus fiaclóir orainn. Tosaíonn siad ag druileáil, ag scrúdú, ag lorg pollanna eile nach raibh a fhios againn a bheith ann agus scríobann siad, agus priocann siad, agus meileann siad go dtí go bhfuil muid ag pléascadh, docht le pian agus sceimhle. Ach i rith an ama seo ní éisteann siad nó tá a gcluasa bodhar faoin am seo toisc go bhfuil an jab déanta chomh minic agus chomh rialta sin thar na blianta. Ar ndóigh, sula dtosaíonn siad an céasadh, tugann siad ainéistéis dúinn ach ní mhaireann sé ró-fháda agus faoin am go bhfuil siad ag tosú isteach san obair i gceart bíonn aon chosaint a bhí ann, imithe. Nach ionann an cháinaisnéis?  Agus i mbliana ní bheidh an ainéistéis féin ann, leoga.

Sú, sú, sú
I gcás an fhiaclóra luíonn an t-íospartach ar a dhroim, a bhéal oscailte, duine amháin ag stánadh ina aghaidh le sraith uirlisí, gach ceann níos measa ná an ceann a chuaigh roimhe, ag brú ábhar isteach a aithnímid an boladh agus an blas de, ach nár dúradh linn riamh céard é, ach go mbeidh orainn é a fhulaingt cibé scéal. Fad a’s atá seo ag tarlú bíonn duine eile acu, ag sáigh folúis súiteora isteach inár mbéalta, ag sú amach aon compord atá fágtha. Cuirim i gcás an tAire Airgeadas agus airí eile ag leanúint air, gach duine acu ag sú rud eile uainn.
Nuair a bhí an obair thart, sheas mé suas, agus  bhí an bheirt acu ag cúlú siar i dtreo an chúlbhalla arís, lámha amach, na huirlisí céasta curtha díobh ach chuimhnigh mé ar ‘Reading Gaol’, ‘we knew the work that they’d been at, by the quicklime on their boots’ cé nach raibh mé ábalta aon rud a rá - bhí mo bhéal reoite fiú mura raibh an faoiseamh ón phian imithe. ‘They’re holding up well’ arsa sé, ‘plenty left to go on again next year”. Díreach mar a bheadh Aire Airgeadais ag moladh; nach bhfuil sé críochnaithe fós linn. D’fhéach mé timpeall an tseomra ach bhí na huirlisí i bhfolach agus bhí ag cathaoir ag éirí arís, réidh don chéad íospartach eile.
Chrom mé mo cheann ina dtreo agus chuaigh mé amach i dtreo na hoifige fáilte le híoc as a ndearna sé orm. Bhí duine eile ag piocadh suas ‘Angling Times’ le léamh faoi chuileoga ceangailte ar chlé ach leis an dóigh a raibh mo bhéal reoite ní bheinn in ann na focail sin a rá, fiú. Bhí sé ag fágáil na hirise síos nuair a bhí mé ar mo bhealach amach as an lialann, “mothóidh tú níos fearr amárach”, arsa an fáilteoir liom agus ghlac mé leis go mothóinn, agus ‘sin níos mó ná a bheimid in ann a rá faoin cháinaisnéis, is dócha. Ar a laghad nuair a bhí an fiaclóir críochnaithe ag gúistiú poll i mo fhiacla, líon sé a bearna. Beidh an leaid eile ag gúistiú i mbliana agus ag pilleadh i ndiaidh na Nollag le tuilleadh gúistithe a dhéanamh agus gan aon iarracht poll a líonadh.
Fiaclóir nó Cáinaisnéis? Fiaclóir, ach ar éigin.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland