Top Issue 1-2024

3 December 2009 Edition

Resize: A A A Print

An Fanacht Thart...

Eamon Ó Cuiv

Eamon Ó Cuiv

CÉ go bhfuil cuid daoine míshásta faoi ghnéithe de, tá fáilte ginéaralta tugtha ag na heagrais Ghaeilge  roimh fhoilsiú dréacht Straitéis 20 Bliain an Rialtais don Ghaeilge an tseachtain seo caite ach fós féin tá go leor le plé, agus tá go leor le sóiléiriú. Tá tús curtha ag an Aire Ó Cuív le próiseas chomhairleach chun comhaontú na n-ionadaithe poiblí a bhaint amach ar na mór-bheartais leagtha síos sa straitéis ó thaobh todhchaí idir Údarás na Gaeltachta agus Fhoras na Gaeilge. I gcás an Údaráis  tá ról níos leithne geallta do, agus é athainmnithe mar Údarás na Gaeilge ach is féidir go mbeidh ról an Fhorais laghdaithe de réir mar a chuirtear le feidhmeanna an Údaráis eile.  
Pléadh stádas na Gaeilge sna Sé Chontae faoi na struchtúir nua atá beartaithe faoin straitéis seo nó ní bheidh ról ag ‘Údarás na Gaeilge’ lasmuigh den 26 chontae fad as gur ról maoinithe, tacaíochta atá ag an Fhoras go huile-oileánda. Dearbhaíonn an Straitéis gur “cuid d’oidhreacht agus de chultúr Thuaisceart Éireann í an Ghaeilge agus is tosaíocht don Rialtas cosaint agus cur chun cinn na teanga ansin’.
Leanann sé le coimitmint ‘thiomantas leanúnach an Rialtais ó thaobh Chomhaontú Aoine an Chéasta a fheidhmiú go hiomlán (go) leanfaidh sé ag tacú le Foras na Gaeilge, an comhlacht forfheidhmithe Thuaidh/Theas a bhfuil dualgas air an teanga a chur chun cinn ar bhonn uile-oileáin agus lena oibriú éifeachtach leanúnach a chinntiú. Beidh deathionchar ag Straitéis an Rialtais ar lucht labhartha na Gaeilge i dTuaisceart Éireann.  Leanfaidh an Rialtas ag obair freisin le go gcuirfear i bhfeidhm go hiomlán tiomantais ó thaobh na Gaeilge a bhaineann le Rialtas na Breataine agus Feidhmeannas Thuaisceart Éireann, lena n-áirítear Acht Teanga don Ghaeilge a thabhairt isteach chomh maith le feabhsú, cosaint agus forbairt na Gaeilge i dTuaisceart Éireann.


Ról na hearnála deonaí
Ar ndóigh tá na heagrais deonacha ag fiafraí chomh maith cén an ról a bheidh le glacadh ag an earnáil dheonach i gcur i bhfeidhm na straitéise amach anseo. I Ráiteas an Rialtais maidir leis an Ghaeilge i 2006 aithníodh ról stairiúil agus tábhachtach na n-eagras deonach agus cé go ndéantar tagairtí sa Straitéis don Ráiteas sin, déantar tagairtí chomh maith don ‘gá le hathstruchtúrú i measc eagraíochtaí na hearnála deonaí a fhaigheann maoiniú ón Stát’, dar le Pádraig Mac Criostail, Stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge. ‘De réir na straitéise seo: “Tabharfar faoi chur chuige ón gcliabhán go seanaois agus a bheidh níos lánpháirtithe trí atheagrú ar eagraíochtaí teanga a fhaigheann maoiniú ón Stát le tacaíocht teanga chuimsitheach a sholáthar ar bhonn réimse.
D’fháiltigh Pádraig Mac Criostail, roimh an straitéis agus roimh an aitheantas atá tugtha ag an Rialtas don ról fíorthábhachtach atá ag an earnáil dheonach Ghaeilge agus roimh ghealltanas an Rialtais go leanfar ag tabhairt tacaíochta di.  Dúirt Mac Criostail “Tá an Chomhdháil i gcomhar le heagraíochtaí na hearnála ag ullmhú pléchaipéise faoi láthair ar na riachtanais struchtúrtha is inmholta do chur chun cinn na Gaeilge sa todhchaí.  
Chuir Julian de Spáinn, Ardrúnaí Chonradh na Gaeilge fáilte roimh an straitéis, chomh maith ach gheall sé leis go leanfaí le ‘stocaireachta ó phobal na Gaeilge agus muintir na Gaeltachta in éadan mholtaí an Bhoird Snip Nua’. Dúirt sé go bhfuil géarghá ar phobal na Gaeilge ‘dtuairimí faoi Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge de chuid an Rialtais a chur in iúl dár n-ionadaithe tofa sa Dáil ó tá an dréachtstraitéis imithe faoi bhráid baill an Oireachtais.”
 “Tá géarghá le soiléiriú a dhéanamh ar an struchtúr nua ‘Údarás na Gaeilge’ atá molta sa straitéis. Tá sé ríthábhachtach, ach go háirithe go mbeidh cúram air leanúint ag cruthú fostaíochta sa Ghaeltacht mar a bhí Údarás na Gaeltachta go dtí seo.”
Chuige sin tá Lá Stocaireachta eagraithe ag Guth na Gaeltachta le Conradh na Gaeilge i mBuswells i mBaile Átha Cliath don tseachtain seo.
Ar ndóigh tá codarsnacht atá ag éirí as moltaí sa Straitéis nua seo agus moltaí Tuairisc Bhord Snip: bhí Bord Snip ag iarraidh deireadh a chur le Roinn Pobal Tuaithe agus Gaeltachta fad a’s atá an Straitéis ag moladh go soiléir go mbeidh ‘soláthar na n-acmhainní cuí agus tacaíocht a bheidh ar fáil fíorthábhachtach ó thaobh fheidhmiú na Straitéise.  Is í An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta a dhéanfaidh maoirsiú ar an soláthar sin agus déanfar feidhmeanna a leithroinnt ar ghníomhaireacht (ghníomhaireachtaí) atá ann cheana nó déanfar iad a fhoinsiú san earnáil phríobháideach de réir mar is cuí.

 

Cúis Dóchais

Thug An Phoblacht cuireadh d’ÉAMONN Mac NIALLAIS, urlabhraí an fheachtais Guth na Gaeltachta a thuairimí ar an straitéis a léiriú. ‘Seo a leanas a smaointe:

Tá Guth na Gaeltachta i mbun feachtas gníomhach in aghaidh mholtaí an Bord Snip Nua ó bhí mí Lúnasa ann agus aithnímid go bhfuil sé soiléir ón Dréachtstraitéis 20 bliain seo go bhfuil an Rialtas ag déanamh neamhairde den chuid is mó ar na moltaí sin.  Is doiciméad cuimsitheach agus uaillmhianach atá ann atá ag déanamh iarrachta den chéad uair ariamh comhtháthú a dhéanamh ar pholasaithe an Stáit i leith na teanga agus na Gaeltachta.  Chomh maith leis sin, tá spriocanna soiléire leagtha amach don phlean.  Is cúis dóchais dúinn go bhfuil a leithéid de dhoiciméad á fhoilsiú faoi na cúinsí dúshlánacha eacnamaíochta atá againn faoi láthair.  Léiríonn sé seo go bhfuil an Rialtas dáiríre faoin teanga agus faoin Ghaeltacht.
Beidh muid ag fanacht le roinnt soiléirithe a fháil ar nithe éagsúla m.sh. stádas COGG, cúraimí agus struchtúr an Údaráis úir, ról agus maoiniú Fhoras na Gaeilge srl.   Chomh maith leis sin, beidh muid ag déanamh staidéir ar an mhaoiniú a chuirfear ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht sa cháinaisnéis ar an 9 Nollaig.  É sin ráite, ceapann muid go bhfuil cuid mhór tionscnamh dearfach don Ghaeilge molta sa phlean seo.
Beidh muid ag déanamh moltaí faoin phlean seo tríd an Chomhchoiste Dála tar éis próiseas comhairliúcháin. Glacann muid leis go bhfuil an chontúirt ann go gcaillfear cuid den fhócas Gaeltachta má thugtar tuilleadh cúraimí don Údarás faoin teideal úr ‘Údarás na Gaeilge’ ach síleann muid go bhféadfadh a mhalairt a bheith fíor chomh maith, sé sin go bhféadfadh sé an-mhaitheas a dhéanamh tré ghréasáin teanga níos leithne agus níos dlúithe a chruthú agus tré chomhtháthú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí an Stáit i leith an Gaeilge agus na Gaeltachta. 
Tá sé ag brath orainn uilig a chinntiú go mbeidh an tÚdarás úr seo, (‘Údarás na Gaeltachta agus na Gaeilge’ mar atá muidne ag moladh) ag feidhmiú go héifeachtach sa Ghaeltacht agus ar fud na tíre.  Sé an chead chéim nó a chinntiú go bhfuil an reachtaíocht cheart agus go bhfuil an struchtúr agus na cúraimí uilig soiléirithe ann.  Beidh le feiceáil ansin an mbeidh an maoiniú cuí déanta ar an eagraíocht úr seo go háirithe nuair a chuirfear san áireamh na cúraimí úra a bheas aige.
Is céim chun tosaigh atá sa Straitéis 20 Bliain seo agus tá sé ar intinn againn stocaireacht a dhéanamh le soiléireacht a fháil air agus leanstan ar aghaidh mar fheachtas pobail ag tabhairt glóir do phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge agus do na coistí pobail a thacaíonn linn.   Chuige sin, chuir muid tús leis sin ag Lá Eolais eagraithe i gcomhar le Conradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo.
Ní neart go cur le chéile!

Is féidir teagmháil a dhéanamh le Guth na Gaeltachta ar 087 6387468 nó ag [email protected] agus WWW.GUTHNAG.COM 

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland