5 November 2009 Edition
Seoladh Guth na Gaeltachta

LE SEÁN Ó MURCHÚ
AG ócáid ar an Satharn ag Oireachtas na Gaeilge i Leitir Ceanainn, sheol an brúghrúpa Guth na Gaeltachta feachtas in éadan na gciorruithe atá molta i dtuairisc Bord Snip Nua. I halla a bhí lán go doras, d’fhógair úrlabhaí Guth na Gaeltachta, Éamonn Mac Niallais na fáthanna a bhunaíodh an feachtas.
Ciorrúcháin á gcur i bhfeidhm ar bhonn míchothrom
Tá an Bord Snip Nua ag moladh gur chóir caiteachas poiblí a ghearradh siar cuid mhór. Má ghlactar leis na moltaí sin, beidh laghdú de thuairim is 10% ar chaiteachas poiblí ar fud na tíre, ach, mar a thaispeáin Éamonn, dá gcuirfí na moltaí ar fad a bhaineann leis an Ghaeilge, agus an Ghaeltacht agus leis na hoileáin i bhfeidhm, b’ionann sin agus gearradh siar de 58%. Níl aon roinn rialtais ná earnáil sa Deisceart a mbeadh an méid sin ciorruithe ag baint leo.
Is mar gheall ar seo agus ar son todhchaí na Gaeltachta a tháinig Guth na Gaeltachta le chéile. Tá neart tacaíochta faighte acu ó grúpaí pobail sna Gaeltachtaí go léir, agus tá Grúpa Oibre ag stiúradh an fheachtais, ina measc siúd tá Gráinne Mhic Ghéidigh, ball Shinn Féin ar Údarás na Gaeltachta, agus a labhair go paiseanta ón urlár ag an ócáid i dtaobh an nasc idir marthanacht teanga agus fostaíocht/eacnamaíocht.
Moltaí Mhic Chárthaigh
D’admhaigh Éamonn Mac Niallais ag an seoladh go dtuiginn Muintir na Gaeltachtaí go mbeadh gearradh siar de sórt éigin mar gheall ar an stát eacnamaíochta ach dúirt sé nár chóir go mbeidh an gearradh siar ag díriú níos mó ar an nGaeltacht ná ar na críocha lasmuigh den Ghaeltacht. I dtuairisc Mhic Charthaigh (nach bhfuil le fáil i nGaeilge!) tá neart moltaí ag baint leis an nGaeltacht ar nós;
Faigh réidh le Roinn na Gaeltachta;
Deireadh leis an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaeilge agus a cuid cúraimí a aistriú chuig an Roinn Oideachais féin;
Cúraimí fiontraíochta Údarás na Gaeltachta a aistriú anonn go dtí Fiontar Éireann: Deireadh a chur le Scéim Labhairt na Gaeilge agus Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge (Deontas na mBan Tí).
Leis na moltaí seo thaispeánadh nach raibh tuiscint ag Colm Mac Carthaigh ar an bhuille báis a ndéanfadh na moltaí seo ar thodhchaí na Gaeltachta.
De réir Mac Niallais ba é seo an bhagairt is mó don Ghaeltacht is don Ghaeilge ó bunaíodh an stát ó dheas, agus mar sin, bheadh ar Mhuintir na Gaeltachta a eagrú tríd Guth na Gaeltachta chun stop a chur leis na moltaí. D’iarr Mac Niallais ar achan duine achainí a shíniú i gcoinne na moltaí. Chun críoch a chur leis an chruinniú, d’éist an slua le guth eile na Gaeltachta, sé sin daoine óga is daoine aibí ag seinnt ceoil agus ag ceol roinnt amhráin ó Ghaeltacht Dhún na nGall.
