Top Issue 1-2024

22 October 2009 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint LE EOGHAN Mac CORMAIC

Cad a dhéanfaimid feasta gan adhmaid?

 

Cad a dhéanfaimid feasta gan adhmad?
Tá deireadh na gcoillte ar lár;
níl trácht ar Chill Chais ná ar a teaghlach
is ní bainfear a cling go bráth.
Caoine Cill Chais


Ní bhíonn deis agam mórán ama a chaitheamh ag amharc ar chláracha teilifíse go dtí mall san oíche agus faoin am sin tá na cláracha is suimiúla thart, is dócha, agus gan fágtha do na hullchabháin ach athchraoltaí scannáin agus sobaldrámaí nó ábhar dá leithéid nach n-éilíonn páirtíocht ó intinní tuirseacha.
Chaill mé amach, mar sin, ar chlár David Mc Williams, Addicted to Money – an tsraith nua atá ar siúl faoi láthair ar RTÉ. Ach má a chaill, bhí comharsa liom in ann a insint domh an lá dar gcionn faoi theachtaireacht shimplí Mc Williams: táimid, gach duine againn, i bponc, i bpoll domhain, i sáinn. Go deimhin, is focal eile ar fad nach dtiocfadh liom scríobh sa pháipéar seo a d’úsáid mo chomharsa ach dar leis bhí teachtaireacht shoiléir ag an eolaí eacnamaíochta nach bhfuil an chuid is measa feicthe againn fós ná baol air. Ní hé go mbeidh airgead gann, feasta, ach go mbeidh na hacmhainní féin gann. Ní bheidh go leor bia, uisce, óla, na hacmhainní eile ar fáil nó tá an daonra domhanda ag fás, ag maireachtáil d’aois níos airde agus ag caitheamh níos mó ná aon ghlúin eile romhainn.

Eacnamaíocht Ghlas
Níl aon rud nua faoin teachtaireacht seo, agus go deimhin tá sé cloiste againn go léir ó am go ham thar na blianta. Mura ngearraimid siar ar thiomaint gluaisteán móra, mura stopann muid ag ithe feola deirge, mura n-aimsímid ábhar eile de rogha ra phlaistic (atá óla-bhunaithe) beidh deireadh linn (an meastachán is measa) nó deireadh leis an cineál sochaí atáimid cleachtaithe leis (an meastachán is fearr). Agus de réir tuairisc mo chomharsan, níl ach aon réiteach ann dúinn – an eacnamaíocht ghlas (rud atá éagsúil, bímis soiléir faoi, ó eacnamaíocht an Pháirtí Ghlais ar ndóigh).
Tá dhá thoradh éagsúla a éireos as fhór-chaiteachas na n-acmhainní reatha seo.

Comh-aireacht faoin Fharraige
Sa chéad dul síos, sa ghearrthéarma, b’fhéidir, déanfar an mhéad sin scrios ar an phláinéad go mbeidh tíortha caillte agus tíortha eile fágtha do-áitithe mar gheall ar théamh domhanda agus uiscí na mara ag dul in airde. Is cúis imní phráinneach í seo do go leor daoine. Ceapann príomh-aire na nOileán Maldives, an tUachtarán Mohammad Nasheed, mar shampla, go gcaillfear na hoileáin sin (nach bhfuil ach dhá mhéadar os cionn leibhéal na farraige cibé scéal) nuair a thosaíonn leibhéal na mara ag dul i méid. Tá sé chomh phráinneach sin, dar leis, gur reáchtáil sé cruinniú dá chomh-aireacht faoin fharraige an tseachtain seo caite le taispeáint don domhan cén cineál todhchaí atá i ndán do na Maldives mura n-athraítear ídiú acmhainní. Shínigh sé agus a chomhghleacaithe (nó na cinn a bhí in ann tumadh faoin uisce) cáipéis a thabharfar ar aghaidh chuig comhdháil ar athraithe san aeráid i gCóbanhávan i Mí na Nollag le cás na Maldives a léiriú.
Cruinniú comh-aireacht chun tódhchaí na tíre a thaispeáint ab’ea é? Níl aon bhunús sa ráfla go bhfuil Fianna Fáil ag déanamh macnaimh ar slurry lorry a fháil dá chéad chruinniú chomh-aireachta eile....
Agus ansin, sa dara tréimhse, drithleoidh an tobar, imeoidh na hacmhainní, agus beidh muid, mar a bhí Cill Chais sa dán úd, tráth den saol. Cuireadh an cheist ag an fhile ‘cad a dhéanfaimid feasta gan adhmaid’ agus fós féin níl na freagraí againn nó anois is measa an scéal: beidh muid gan adhmaid, gan uisce inólta, gan bhia, gan óla agus má’s fíor atá cloiste agam faoi chlár David Mc Williams beidh an sochaí féin ag titim as a chéile. Beidh círéibí bia, agus mar na Mayans romhainn beidh muid díothaithe.

Cinneadh Pearsanta
Anois níl mórán gur féidir leis an ghnáth duine a dhéanamh faoi dheireadh an óla nó mullach an óla seachas cinneadh pearsanta a chuid nó a cuid caiteachas pearsanta a ghearradh siar. Ar leibhéal náisiúnta bheadh cinneadh rialtais de dhíth le polasaithe glasa, agus infheistíocht náisiúnta de dhíth le fuinneamh úr a aimsiú, agus fuinneamh a bheadh inghlactha do mhuintir na hÉireann. Bheadh taighde, rialú, agus athrú nósanna agus cultúir b’fhéidir de dhíth do sin ach tá an cuma ar chúrsaí gurbh fhada uainn an t-athrú sin.
Ag leibhéal eile, faoi leibhéal an stáit lárnach, thiocfadh le hathraithe a tharlú ach an toil a bheith ag comhairlí contae, comhairlí ceantar srl ó thuaidh agus ó dheas agus infheistíocht áitiúil a dhéanamh a chruthódh spás agus dreasachtaí don ghnáth duine athruithe ina saolta féin a chur i bhfeidhm. Ní hé go gcaithfeadh an rialtas áitiúil ‘íocadh’ as na athraithe ach thiocfadh iad a áisiú.
Naoi nó deich mbliana ó shin, mar shampla, bhí feachtas ar bun ag go leor comhairlí contae múiríneoirí a thabhairt do dhaoine. An bhfuil sé in am an feachtas sin a chur ar bun arís, anois, agus daoine níos eolaí faoin droch-stáid ina bhfuil muid? Nó cad faoi dabhach um bhailiú uisce fearthainne? Bhí an lá ann nuair a bhíodh dabhach ag gach teach faoin tuath. An bhfuil sé in am spreagadh a thabhairt do dhaoine a bhfuil an spás sin acu (90% dínn gan amhras) dabhaigh nó umair a cheangail isteach lenár gcóras gáitéir agus cuid, ar a laghad, den uisce a shábháil (don ghairdín nó úsáid éigin eile).

Féindóthain
Agus i ndiaidh na sábháiltí a dhéanamh tá na ceisteanna fós ann faoi neamhthuilleamaíocht / féindóthain mar phobail agus mar thír. Thug mé faoi deara le bliain anuas go bhfuil roinnt ceapóga á dtabhairt ar léas ar imeall na mbailte anois. Is dócha gur feirmeoirí áitiúla atá taobh thiar de seo mar straitéis um éagsúlú agus má tá, maith iad. Ach cad chuig nach mbeadh talamh comhairle contae nó áiseantachtaí eile an stáit curtha ar fáil chomh maith agus le duine ar fáil lá nó dó in aghaidh na seachtaine chun comhairle a chur orainn, na townies gan taithí, chun an toradh agus tairbhe is fearr a bhaint as ár saothar? Cad chuige, mar shampla, nach bhfuil feachtas ann a spreagfadh daoine tolláin bheaga, cloche fiú, a chur sa ghairdín agus roinnt glasraí a fhás don bhliain seo chugainn?
Níl sé seo do-dhéanta. ‘Sé an chuid is deacra de ná an chéad chéim a ghlacadh agus an ramhainn a sháigh sa talún agus is cuma cé chomh bheag a’s atá an cheapóg má tá toradh as tuigfidh tú níos fearr an seanfhocal go mbíonn blás ar an bheagán. Agus sin ráite, agus an clog ag bualadh seacht a chloig maidín Céadaoine (arís) fágfaidh mé na smaointí seo libh agus rachaidh mé amach le huibheacha úra na maidine a bhailiú nó cloisim an coileach ag glaoch go bródúil as obair a chearca. Agus as mo chéad chéim i dtreo féindóthaine.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland