1 October 2009 Edition

Resize: A A A Print

Cuimhní ar an Ghaeilge i nDoire

Le Gearóid Ó hEara

Ba gnáthach le muintir na cathrach seo, Béarlóirí, ‘the creeve’ a ghlaoch ar na  ranganna Gaeilge a bhíodh ar siúl. Bhí ranganna sna 1930í ar Shráid an Fheabhail, Conlon’s Rooms, agus ansin bhog siad go Halla Naomh Cholm. Faoin am sin bhí an-bhaint ag cléir na cathrach leis an Chonradh ach laghdaigh sin sna 50í.
Luaigh Séan Ó Canainn go ndeachaigh sé chuig a chéad rang Gaeilge in Halla Naomh Choilm Cille sa bhliain 1940, chuig rang a ghlac Séamas Ó Dochartaigh, búistéir, a bhí i ndiaidh theacht amach ón Ollscoil i mBaile Átha Claith. Dúirt sé gur fhág sé an rang de thairbhe barraíocht béime ar an ghramadach. Ina dhiaidh sin eagraíodh na ranganna in halla beag ar Shráid an Easpaig, áit a bhfuil Bunscoil an Túir Fhada anois.
Dúirt  Séan Ó Canainn gurb iad na príosúnaigh ag teacht amach ón bhraighdeanas sna 40í a chur fuinneamh úr in obair na Gaeilge i nDoire, daoine mar Tomás Ó Mealláin, Seán Ó Cianáin, Lorcán Ó Baoill, Leon O’Timoney agus Pádraig Ó Siadhail a bhí mar mhúinteoirí den tréimhse sin.  Iar-phríosúnaigh ar fad a bhí iontu agus is léir go bhfuil an patrún céanna ann go dtí an lá atá inniu ann: meascán d’iarphríosúnaigh phoblachtánacha agus lucht léinn na meánaicme ag obair ar son na Gaeilge. Bhí drochstaid ar an chraobh sna 40í, Craobh Cholm Cille, agus shocraigh na hiarchimithe ar chraobh úr a bhunú, Craobh Sheain Uí Dhóláin, ainmnithe i gcuimhne duine dá gcomrádaithe a fuair bás sa phríosún.
D’eagraigh siad ranganna i bPáirc an Cheiltigh sular bhog siad go Sráid an Easpaig. Tháinig daoine eile chun tosaigh mar mhúinteoirí agus ghníomhaithe i rith na 50í agus bhí daoine mar Sheán Ó Gallachóir, Seán Ó Canainn, Risteard Mac Gabhann agus Sean Ó Siadhail ag saothrú fríd na caogaidí san halla ar Shráid an Easpaig. Bhí an-cheangal san tréimhse sin idir lucht na Gaeilge agus Cumann Lúthchleas Gael sa chathair mar b’iad cuid de na daoine céanna a bhí gníomhach san dá eagraíocht.
Bhí cúrsaí rud beag fríd a chéile i rith na seascaidí agus na ranganna á n-eagrú in áiteacha difriúla ach bhí glúin eile ag teacht fríd agus bhí leithéidí Phádaí Ó Mianáin, Breandán Ó Sandair,  Proinsias Ó Mianáin, Risteard Mac Gabhann agus Tomás Ó Donghaile ag eagrú ranganna agus imeachtaí eile. Bhunaigh siadsan An Cumann Gaelach agus fuair siad seomraí thuas staighre ar Bhóthar na Trá, in aice le Bialann an Leprechaun. Chuir siad cumann drámaíochta ar bun agus chuireadh siad isteach go rialta ar chomórtais an Oireachtais.
Sna seachtóidí, bhí ranganna á n-eagrú in halla ar Shráid an Easpaig, seanchlub an BOC, agus ansin bhog siad go seomra thuas staighre in Sráid Clarendon, seomraí de chuid an Inner City Trust a bhí ann, agus bheadh seisiún comhrá i dteach tábhairne Andy Cole’s agus sa teach tábhairne, an Alleyman’s. Bhí sé doiligh go leor rang rialta, le múinteoir rialta agus modh theagasc rialta, a fháil.
Tháinig brí úr ar chúrsaí go mall sna seachtóidí agus thosaigh díospóireacht ar bhunú bunscoile sa chathair, ag leanúint eiseamláir Bhéal Feirste a chur tús le bunscolaíocht Ghaeilge in 1972. Bhí príosúnaigh ag teacht amach ó na príosúin faoin am seo agus arís chuir siadsan le hiarrachtaí gníomhaithe Gaeilge na cathrach. Bhí cruinnithe in Ionad an Phobail Pilots Row gach Domnach chun ceist na bunscoile a phlé agus cuireadh club ar fáil don óige. Thainig Séamas Mac Seáin agus daoine eile ó Bhéal Feirste a raibh baint acu le bunú na gaelscoile agus bunú Ghaeltacht Bhóthar Seoighe chun labhairt ar na fadhbanna a bhí acu.
Bunaíodh naíscoil agus ansin bunscoil agus bhog sin chuig leibhéal eile ceist na Gaeilge i nDoire.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland