1 October 2009 Edition

Resize: A A A Print

Slógadh Shinn Féin 2009

Ar Bhallaí Dhoire - Bairbre de Brún, Séanna Walsh agus cuid den slua a bhí i láthair ag an Slógadh

Ar Bhallaí Dhoire - Bairbre de Brún, Séanna Walsh agus cuid den slua a bhí i láthair ag an Slógadh

Le Séanna Walsh

Bhí Slógadh Sinn Féin i mbliana lonnaithe san fhoirgneamh Gaelach is nua aimseartha ar an oileán seo  – Cultúrlann Uí Chanáin. Ainmníodh an áit in ómós do Sheán Ó Canáin, sean phoblachtach, nach maireann, a tháinig amach as imtheorannú sna daichidí agus a bhí gníomhach le saol na Gaeilge sa chathair go bhfuair sé bás agus na pleananna réabhlóideach don áras úr na Gaeilge ag teacht i dtír.
 Áit ghalánta atá acu anois san ionad nua seo, le foireann dhíograiseach, tógtha agus muiníneach fá’ todhchaí na teanga i nDoire.  Le blianta fada bhí lucht na Gaeilge Cholm Cille ag amharc aniar go háiseanna na bhFeirsteach le héad agus le saint. Tá an saol i ndiaidh athrú dóibh....
 Cibé ar bith, thosaigh an Slógadh i mbliana le díospóireachtaí ar an obair sin uilig atá idir lámha ag Sinn Féin ó thaobh na Gaeilge de.  Chuaigh muid fríd liosta des na tionscnaimh agus na cruinnithe atá déanta sa pháirtí ar cheist na Gaeilge, na forbairtí agus dul chun cinn in ainneoin imreas agus fuath ón DUP.

Teagmháil leis na heagrais Ghaeilge
Tugadh cuntas ar chruinniú a d’eagraigh Gerry Adams i lár mhí Mheán Fómhair le cuid de na grúpaí Gaeilge agus na prióireachtaí a leagadh amach. Ina measc siúd bhí cúrsaí gaelscolaíochta, seirbhísí do dhaoine óga, fís Sinn Féin don Ghaeilge, níos mó chaidrimh idir Sinn Féin agus grúpaí Gaeilge, agus go leor eile.
 Tuairiscíodh go dtiocfaidh na daoine seo uilig le chéile arís le plé a dhéanamh ar bhealaigh chun tosaigh agus ar fheachtasaíocht.
Rinneadh tagairt ag díospóireacht maidin Dé Sathairn don laige is mó atá ann don Ghaeilge sa pháirtí - ‘sé sin nach dtuigeann cuid mhór daoine sa pháirtí ceist na Gaeilge agus na fáthanna a bhfuil sé chomh tábhachtach don cheannaireacht.
Tuigtear go bhfuil gach duine sa pháirtí iontach gnóthach, barraíocht oibre agus chan go leor daoine.
Bíonn fiche rud le déanamh, idir toghchánaíocht, feachtasaíocht, stocaireacht, tiomsú airgid, díoladh nuachtáin agus eile. Moladh gur chóir dúinn pléann a chur le chéile anois le gnáth-obair na seachtaine leagtha síos, ansin nuair a bhíos feachtas gearr tréimhse nó toghchán nó reifreann fiú ar siúl luíonn daoine isteach air ach ansin chomh luath is a chríochnaíonn an obair sin tiontaíonn siad ar ais chuig an ghnáth obair seachtaine.
 Beidh muid ag plé an cur chuige seo leis an cheannaireacht ach tá tuilleadh cúrsaí feasacht teanga de dhíth ar an bhallraíocht fosta.
Rinne muid turas thart ar na ballaí agus ar Thaobh an Bhogaidh chomh maith. Thug ár dtreoraí Damian de Brún cuntas ar na gnéithe difriúla de stair an cheantair.
Ar ball san oíche chúlaigh daoine ar ais go bialann iontach, ar bhruach an abhainn, ag amharc amach ar cnap solas agus bia den scoth san áireamh.
 
Cuid ábhar ghearáin...
Rinne muid achoimre ar an deireadh seachtaine agus mhothaigh daoine go bhfuil athbhreithniú iomlán de dhíth ar an Slógadh amach anseo.
Cháin siad nach raibh an dáta fóirsteanach do lucht an deiscirt de bhrí oibre ar an reifreann Liospóin.
Cháin siad an páirtí i nDoire nach raibh go leor i láthair ón ghluaiseacht sa chathair.
Cháin siad Roinn an Chultúir as easpa ionchur ó mhuintir Ghaeltachta agus téamaí a bhaineann le saol s’acu.
 Beidh plé le déanamh idir anois agus an chéad Slógadh eile an bhliain seo chugainn. Tá fearadh na fáilte roimh éinne gur mhaith leo smaointí a chur chugainn roimhe sin ag [email protected]

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland