27 August 2009 Edition

Resize: A A A Print

Tacaíocht le léirsiú mná tí

Pádraig Mac Fheargusa

Pádraig Mac Fheargusa

Tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh ar gach éinne ar mhór leis nó léi an Ghaeilge tacaíocht a léiriú do na mná tí a bheidh ag léirsiú lasmuigh d’oifigí na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta sna Forbacha, Co. na Gaillimhe, ag 2.00in Dé Máirt, 1 Meán Fómhair 2009.
 Comhchoiste Náisiúnta na gColáistí Samhraidh (CONCOS) atá ag eagrú an léirsithe mar agóid in aghaidh an mholadh i dTuairisc an Ghrúpa Speisialta um Líon Fostaithe sa tSeirbhís Phoiblí agus um Chláir Chaiteachais (‘An Bord Snip Nua’) go ndéanfaí díothú ar Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge thar tréimhse dhá bhliain. Is cúnamh do mhná tí sa Ghaeltacht an scéim seo agus coinníonn sé costas na gcoláistí Gaeilge síos do na scoláirí.
 Arsa Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: “Creideann an Conradh gur gá seasamh le chéile in aghaidh mholtaí an Bhoird Snip Nua go gcuirfí deireadh le Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge. Bheadh na coláistí Gaeltachta thíos le cinneadh dá leithéid. Anuraidh d’fhreastail 26,000 dalta ar na coláistí Gaeltachta seo. Tionscal is ea iad a ghineann breis agus €50 milliún sa bhliain don eacnamaíocht áitiúil sa Ghaeltacht, agus a chruthaíonn 2,000 post sealadach gach samhradh, gan trácht ar an líon daoine a fhostaítear go lánaimseartha i gcaitheamh na bliana. Díothú na Gaeltachta an toradh dá n-iompófaí moladh mar seo ina chinneadh rialtais - ní luach ar airgead é seo ach cúlú ó bhunaidhm stáit.
 “Caomhnaíonn Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge an teanga, neartaíonn sé tionscal a choinníonn pobal beo Gaeilge sa Ghaeltacht, agus cabhraíonn sé le costais na gcoláistí samhraidh a choimeád íseal go leor chun gur féidir le tuismitheoirí na tíre i gcoitinne a bpáistí a chur ar chúrsaí Gaeltachta ar phraghas réasúnta.”
 Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí an Chonartha:
“Iarrann muid ar Chonraitheoirí, agus ar phobal na Gaeilge nach iad, tarraingt le chéile agus tacú le léirsiú CONCOS ar an 1 Meán Fómhair ar mhaithe leis na soláthróirí lóistín nach féidir leis na coláistí samhraidh feidhmiú dá n-uireasa, agus ar mhaithe leis na mílte scoláirí a bhaineann idir taitneamh agus tairbhe as cúrsaí Gaeilge a dhéanamh sa Ghaeltacht bliain i ndiaidh bliana.”
 Ba mhór le CONCOS tacaíocht phobal na Gaeilge ar lá an léirsithe, agus is féidir teagmháil a dhéanamh leo ag 091 505760 / [email protected] chun tacaíocht a léiriú agus tuilleadh eolais faoin léirsiú a fháil. Is féidir freisin achainí ar-líne a shíniú ag tacú le caomhnú Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge ag www.ipetitions.com/petition/gaeltacht-future/ roimh dheireadh na míosa. Beidh toscaireacht le hionadaithe ó choláistí samhraidh sna ceithre chúige agus ó CONCOS ag bualadh leis an Aire Éamon Ó Cuív i ndiaidh an léirsithe ag 3.00in.
 Tá freagra cuimsitheach á ullmhú ag Conradh na Gaeilge ar mholtaí Thuarascáil an Bhoird Snip Nua i leith na Gaeilge faoi láthair, agus beidh Conraitheoirí ar fud na tíre ag labhairt lena dTeachtaí Dála ina thaobh mar ábhar práinne i rith Mheán Fómhair.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland