Top Issue 1-2024

6 August 2009 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint LE EOGHAN Mac CORMAIC


1,000,000,000,000 eitiltí saor ina aisce (bhuel, beagnach...)

Duine ar bith agaibh a chaith dhá uair a’ chloig i do sheasamh ar an traein riamh ó Bhaile Átha Cliath go Gaillimh (nó ar a laghad chomh fad le Cúl an tSúdaire nó Ath Luain) tuigfidh sibh cuid den loighic, b’fhéidir, atá ag Michael O’Leary nuair a deir sé gur mhaith leis suíocháin ‘seasta’ a chur isteach ar chúl eitleáin Ryanair.
Mar a tharlaíonn sé bhí mé ar eitiltí leis an chomhlacht droch-chlúiteach cúpla uair i mbliana cheana féin, ag taistil go hAlba do chruinnithe leis na Gaeil thall, nó tá Glór na nGael ag eagrú cruinniú de ghrúpaí Gaeilge i measc an diaspóra san fhómhair i mbliana agus bhí mé in Alba leis na colcheathaireacha Ceilteacha, ag réamhchruinniú. (Dála an scéil, chuirfeadh sé ionadh ar dhuine a chluinsint faoin líon mór daoine atá ag freastal ar ranganna Gaeilge leis an Chonradh thall, bunachar sonraí de 300 daltaí agus iar-dhaltaí, 150 dalta cláraithe do chúrsaí i mbliana – nach mór an trua mar sin go bhfuil an Bord Snip ag moladh giorrúcháin móra sa bhuiséad ar leith a chruthaíodh roinnt blianta ó shin a chuidíonn leis na hÉireannaigh thar lear le seirbhísí mar seo a chur ar fáil, ach sin scéal eile do lá eile).
Cibé scéal ar ais go Ryanair. Mar a dúirt mé níor chuir sé ionadh orm a léamh an mholta go mbeadh spás gan gnáth shuíocháin ar na heitleáin ina mbeadh paisinéirí ina leathshuí, ina leathsheasamh ar shuíocháin níos cosúla le stólanna a bhfaighfeá i dteach tábhairne. Bheadh daoine ina ‘suí/seasamh’ ar na stolanna seo ‘saor in aisce’. Right.
Tá na laethanta saoire ag teacht (dúinn siúd a thógann saoire) anois agus beidh deis eile ag taistealaithe na scuainí agus eitiltí curtha ar fionraí a fhulaingt sna haerfortanna mar a bhíonn siad ag déanamh gach bliain ach chan má’s páisinéar le Ryanair thú.  Tá an tseiceáil isteach ag deasca in aerfort passé i ndomhan Uí Laoghaire. De réir cleasa eile a rinne Ryanair níos luaithe i mbliana caithfidh paisinéirí an aerlíne an tseiceáil isteach a dhéanamh ‘ar líne’ le linn na coicise roimh an turas, agus táille a íoc as an tseiceáil ar líne sin nó pionós i bhfad níos airde (€40) a íoc ag deasca an aerfoirt! Bheadh sé cosúil le táille a íoc ar dhoras ollmhargadh sula dtosaíonn tú ag siopadóireacht! Tabhair faoi deara é a lucht Tesco.

An Ré Órga
Nuair a chuirtear na táillí folaithe sin in aice leis na táillí fá’ choinne bagáiste a chlárú isteach, agus an t-uasteorann ar bagáiste láimhe (ní amháin uasteorann mheáchan an bhagáiste ach teorainn ar fad, leathan agus airde an mhála féin) tá sé éasca a aontú leo siúd a dhéanann clamhsán rialta faoi Ryanair agus na costais fholaithe. Is cuimhin liom laethanta nuair bhí sé éasca málaí móra a iompar ar bhord eitleáin (giotar? fadhb ar bith cuir é sa suíochán sin in aice leat a mhic; mála maidí gailf? caith suas ansin iad, a chara! Tugaim m’fhocal daoibh go bhfaca mé bean ag iompar fuinneog ghloine dhaite ar bhord eitleáin oíche amháin go raibh mé ag filleadh ó Londain i lár na nóchaidí, agus ní amháin an painéal gloine ach mála mór leis a bhí lán, bhí an cuma air, d’ábhar sobhriste de réir na lipéid a bhí greamaithe air.
Ach má a bhí sé éasca sin a dhéanamh tráth, bhí muid ag íoc trí na fiacla ar na ticéid féin agus b’imeacht mór i saol duine turas eitleáin a dhéanamh. D’athraigh prághasanna eitiltí ísle Ryanair (agus na cinn eile a lean iad mar easyjet, bmibaby srl) an nós sin agus thosaigh muid mar phobal ag eitilt ar fud an domhain - nó an chuid sin de a bhfuil rutaí Ryanair ag clúdach. Agus tá cleas beag eile ansin, cuimhnímis, is minic a bhíonn ainm an aerfoirt agus suíomh an aerfoirt, deirimis, éagsúil. Nó bíonn na haerfoirt féin iargúlta, aerfoirt bheaga áitiúil nár chualathas trácht orthu riamh go dtí gur thosaigh eitiltí Ryanair ag landáil iontu agus go tobann bhí muid ar fad ag caint faoi áiteanna andúchasacha mar Zweibrucken nó Lodz nó Perugia nó Pescara. Ach é sin ar fad raite, is fan mé fós.

Roinnt rudaí le déanamh fós
Tá roinnt rudaí nach bhfuil déanta fós ag Ryanair, an comhlacht a lig do phaisinéirí an bagáiste a lódáil ar an eitleán lá amháin toisc go raibh easpa foireann talamh ar fáil leis an luchtú a dhéanamh; an comhlacht atá ag machnamh táille leithris a thosú, agus táillí do dhaoine atá níos troime ná meáchan áirithe nó níos raimhre (táille dhá thicéad má a bhíonn an corp i dteagmháil le taca sciatháin dhá shuíochán!) agus an comhlacht a dhíolann scríobchártaí ar gach eitilt, nó a dhéanann iarracht scríobchártaí a dhíol, (mar chuid den seirbhís in-flight!).
Ach mar a dúirt mé is fan mé de Ryanair agus ba mhaith liom roinnt moltaí a thairiscint dá bhrí sin don Laoghaireach a chuideodh le hioncam Ryanair, b’fhéidir:
1:     oshiyas a fhostú nó lascaine a thairiscint do phaisinéirí atá sásta post oshiya a dhéanamh. ‘Sé an oshiya an téarma a úsáidtear sa tSeapáin do dhaoine atá fostaithe sna stáisiúin traenacha le daoine a bhrú isteach traenacha – a cheaptar nach bhfuil go leor de phaisinéirí plodaithe isteach iontu fós.
2:     bingo: thiocfadh leis an stiubhard nó fiú an captaen uimhreacha bingo a ghlaoch amach le linn na heitilte. ‘Seans go gceannódh níos mó daoine leabhar bingo ná mar a cheannaíonn na scríobchártaí úd.
3:     siopa Lidl a chur ar gach eitleán dá chuid - bheadh sé seo saor le déanamh nó tá na dathanna céanna ar lógó an dá ghrúpa cheana féin
4:     ticéid d’eitiltí Ryanair a dhíol i Lidl leis na tairiscintí speisialta gach Luain agus Déardaoin (féach 3 thuas)
5:     oshiyas arís – chun cuidiú leis an aga slánúcháin (TAT nó turnaround time!) a ghiorrú, cead a thabhairt do phaisinéirí atá ag fanacht ar an chéad eitleáin eile a fholmhú, dul ar bhord agus daoine a tharraing as an eitleáin
6:     ceol a sheinnt ar bhord, píopáilte isteach chuig gach suíocháin. Bheadh ar phaisinéirí íoc as an ceol a mhúchadh
7:     costas breis a ghearradh ar phaisinéirí má a lándálann an t-eitleán in am nó roimh am
8:     costas breis a ghearradh ar phaisinéirí má a lándálann an t-eitleán déanach (mar gheall ar an am breis a chaith na paisinéirí ag baint úsáid as áiseanna an eitleáin)
9:     ticéid a dhíol gan cinn scríbe ar leith orthu: nuair a bhaineann paisinéirí le ticéid mar seo san aerfort cuirtear iad ar an chéad eitleán eile a bhfuil suíochán folamh, is cuma cén áit atá sé ag dul
10: cosc iomlán a chur ar bhagáiste agus an spás os cionn na suíochán a dhíol do phaisinéirí atá ag lorg spás codlata (ról eile do na oshiyas anseo, b’fhéidir).
agus ceann amháin eile, souvenirs ó áiteanna andúchasacha a dhíol ar eitiltí ag filleadh ó áiteanna leadranacha, (dóibh siúd nach bhfuil ag iarraidh a admháil go raibh siad i mBirmingham ná Luton do na laethanta saoire.
Anois, a chairde, ar eagla go bhfuil aoinne agaibh ar bhord Ryanair sna seachtainí romhainn agus go n-iarrtar ort cluiche Bingo a imirt, nó cabhair a thabhairt ag brú paisinéirí suas an dreimire isteach doras an eitleáin, nó go bhfeiceann tú bothóg Lidl ar chúl an eitleáin, tá a fhios agat cár chuala tú ar dtús é. Bíodh saoire mhaith agaibh.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland